Cuireadh do phobal na hÉireann páirt i ghlacadh i suirbhé Eorpach faoi chúrsaí mara agus uisce

Tá sláinte na n-aigéan a chosaint agus a athshlánú ar cheann d’iarrachtaí cinniúnacha ár linne, a deir saineolaí mara

Cuireadh do phobal na hÉireann páirt i ghlacadh i suirbhé Eorpach faoi chúrsaí mara agus uisce

Tá achainí déanta ag an saineolaí mara, an Dr Peter Heffernan, ar phobal na tíre páirt a ghlacadh i suirbhé Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige tuiscint níos fearr a fháil ar na farraigí agus na huiscí intíre le hiad a “athshlánú agus a chosaint” sna deich mbliana seo romhainn.

Dúirt an t-iarphríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Mara, atá ina ionadaí ag Éirinn anois ar Bhord de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanann cúram d’aigéin, farraigí, agus uiscí cósta agus intíre, go bhfuil an gá atá ann sláinte ár n-aigéan a “chosaint agus a athshlánú”, ar cheann d’iarrachtaí “cinniúnacha” ár linne.

Tá scóip na hoibre atá idir lámha “thar a bheith uaillmhianach” ach tá an obair sin ríthábhachtach do “shláinte ár bpláinéid” agus “d’fholláine na glúine atá anois ann agus iad siúd atá le teacht” a dúirt an Dr Heffernan.

Cúig cinn de spriocanna atá ag an iarracht nua seo ag Foras na Mara agus an Coimisiún Eorpach le dul i ngleic lena bhfuil i ndán d’fharraigí agus uiscí na hEorpa agus iad ar fad ceangailte le chéile mar a bheadh crosóg mhara ann – tuiscint, athbheochan, díthruailliú, dícharbónú agus rialachas.

Agus an suirbhé ar líne á sheoladh meabhraíodh gur uisce atá i 75% de dhromchla na cruinne agus gur as sin a fhaigheann muid an t-uisce go léir a ólaimid, leath den ocsaigin a análaímid agus thart ar an séú cuid den phróitéin ainmhí a ithimid. Dúradh freisin go dtacaíonn na haigéin agus na huiscí intíre leis an turasóireacht, an trádáil agus an t-iompar, agus go dtéann siad chun tairbhe “dár sláinte agus ár bhfolláine”.

Dúirt an Dr Paul Connolly, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, go raibh caidreamh faoi leith ag Éirinn “mar náisiún oileánda” leis an bhfarraige agus leis na huiscí cósta agus intíre. “Is í an acmhainn nádúrtha is mó atá againn, agus cuireann sí bia ar fáil dúinn, tá tionchar aici ar ár n-aimsir agus ar ár n-aeráid, tacaíonn sí le héiceachórais mhuirí, cothaíonn sí ár bpobail chósta agus cuireann sí leis an ngeilleagar,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Connolly go raibh deis sa suirbhé seo ag muintir na hÉireann a chur in iúl cé chomh tábhachtach is atá an fharraige ina saol laethúil agus “tosaíochtaí a leagan síos maidir le haigéin shláintiúla a chothú”.

Iarrtar ar dhaoine a ghlacann páirt sa suirbhé a dtuairim a thabhairt faoi rudaí a mheasann siad tábhacht a bheith leo do “shláinte” na n-uiscí farraige agus intíre, agus conas is féidir úsáid “inmharthana agus thairbheach” a bhaint astu mar acmhainní.

Tá an suirbhé ar an bhfarraige agus ar uiscí, oscailte do gach saoránach ar oileán na hÉireann ach cliceáil anseo.

Fág freagra ar 'Cuireadh do phobal na hÉireann páirt i ghlacadh i suirbhé Eorpach faoi chúrsaí mara agus uisce'