Cuireadh d’Éamon Ó Cuív labhairt ag ócáid de chuid Shinn Féin i nGaillimh ag cothú cainte

Deir Éamon Ó Cuív go bhfuair sé cuireadh labhairt ag díospóireacht atá ceaptha a bheith ag Sinn Féin in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh, ach go bhfuil míthuiscint ar dhaoine faoin scéal

Cuireadh d’Éamon Ó Cuív labhairt ag ócáid de chuid Shinn Féin i nGaillimh ag cothú cainte

Tá scéalta faoi chuireadh a fuair an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív labhairt ag ócáid de chuid Shinn Féin ag cothú cainte – go háirithe i Fianna Fáil.

Deir Éamon Ó Cuív féin go bhfuair sé cuireadh labhairt ag díospóireacht atá ceaptha a bheith ag Sinn Féin in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh faoi chúrsaí an Tuaiscirt, ach dar leis an iar-aire Gaeltachta go bhfuil míthuiscint ar dhaoine faoin méid sin.

Deir Ó Cuív nár ghlac agus nár dhiúltaigh sé don chuireadh i dtosach báire toisc gur shíl sé gurbh fhearr go ndéanfadh sé teagmháil le coiste Chomhairle Dháilcheantar Fianna Fáil i nGaillimh Thiar agus Mhaigh Eo Theas go bhfeicfí cén dearcadh a bhí acusan ar ionadaí dá gcuid a bheith ag labhairt ag ócáid de chuid Shinn Féin.

Tuigtear nár thóg sé i bhfad ar an gCoiste Dáilcheantair scéala chur ar ais ag Ó Cuív ag inseacht dó nár cheart dó glacadh leis an gcuireadh. Deir Ó Cuív gur chuir seisean teachtaireacht ar ais chuig Sinn Féin ansin ag míniú an scéil dóibh agus gur shíl sé gurbh é sin deireadh an scéil.  Ach is amhlaidh nárbh ea agus is cosúil go ndeachaigh scéala thart i Fianna Fáil gurb Ó Cuív féin a chuir cuireadh chuig urlabhraí de chuid Shinn Féin chuig ócáid a bheadh ag Fianna Fáil i nGaillimh.

Bheadh, de réir an scéil seo, urlabhraí de chuid Shinn Féin ag labhairt ag ócáid de chuid Fhianna Fáil.  Tuigtear gur spréach cuid de dhream Fhianna Fáil ar chloisteáil an leagan sin den scéal dóibh agus go raibh comhráite ann anonn agus anall taobh istigh den pháirtí.

Tuairiscítear go bhfuil cogaint déanta ag cuid de lucht tacaíochta Fhianna Fáil i nGaillimh agus i gConamara ar an scéal le beagán laethanta anuas agus fiú más bunoscionn féin an scéal, is cosúil go bhfuil an teagmháil idir Sinn Féin agus an Teachta Dála Ó Cuív fós ag cothú cainte ina thoghcheantar féin.

Tharla sé cúpla bliain ó shin gur dhúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go poiblí nach mbeadh locht aigesean ar thuiscint agus ar cheangal a bheith idir Fianna Fáil agus Sinn Féin i mbun Rialtais, ráiteas a bhí ag teacht salach ar leagan amach lucht ceannais a pháirtí.   Bhí tuilleadh údair amhrais ag daoine i Fianna Fáil nuair a ceapadh go raibh ballraíocht Uí Chuív sa bpáirtí i mbaol arú anuraidh agus go rachadh sé i dtreo Shinn Féin.

Agus é faoi agallamh ar chéimeanna Theach Laighean, shoiléirigh an Teachta Ó Cuív do thuairisceoirí – tar éis roinnt laethanta – go mbeadh sé ag fanacht le Fianna Fáil.  Dá bharr sin uilig, tugtar suntas ar leith do chaidreamh ar bith idir an Ó Cuív agus Sinn Féin.   Mura mbeadh aon bhlas eile ann, bheifí ag fiafraí cén fáth go dtabharfadh Sinn Féin cuireadh chuig ócáid díospóireachta agus cainte dá gcuid do Theachta Dála as Fianna Fáil.

Beidh na cluasa bioraithe ag daoine áirithe i Fianna Fáil i nGaillimh Thiar agus i Maigh Eo Theas go ceann tamaill.

Fág freagra ar 'Cuireadh d’Éamon Ó Cuív labhairt ag ócáid de chuid Shinn Féin i nGaillimh ag cothú cainte'