Tairiscintí á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta d’obair thaighde

Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta

Tairiscintí á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta d’obair thaighde

Fáilteoidh Tuismitheoirí na Gaeltachta (TnaG) roimh iarratais ó chomhairleoirí agus ó thaighdeoirí leis an saineolas cuí chun staidéar a dhéanamh ar fhoinsí & staitisticí atá ar fáil go dáta agus chun tuarascáil a chur ar fáil, bunaithe ar an eolas seo, a dhéanann rianú ar líon agus lonnaíocht na dteaghlach a bhfuil cónaí orthu laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga nó a gcomhtheanga baile. 

Réamhrá

Bunaíodh TnaG sa bhliain 2011 mar eagraíocht dheonach pobail le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tháinig fás agus forbairt ar an eagraíocht ó shin agus sa bhliain 2018 aontaíodh plean trí bliana leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chuireann ar chumas TnaG feidhmiú ar bhonn náisiúnta mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga Gaeltachta. Tá cúraimí taighde san áireamh sa chlár oibre atá aontaithe leis an Roinn.

Téarmaí Tagartha

Is iad seo téarmaí tagartha an togra:

  • Staidéar a dhéanamh ar fhoinsí eolais atá ar fáil cheana féin leis an léiriú is fearr agus is féidir a fháil ar líon agus lonnaíocht na dteaghlach a bhfuil cónaí orthu laistigh de na limistéir oifigiúla Gaeltachta arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga nó a gcomhtheanga baile. 
  • Tuarascáil a chur ar fáil ina mbeidh:
  • Coimriú agus léirbhreithniú ar an taighde agus litríocht atá déanta go dtí seo.
  • Rianú i bhfoirm téacs agus i bhfoirm físiúil ar líon agus lonnaíocht na dteaghlach atá faoi chaibidil, de réir an eolais atá ar fáil.
  • Conclúidí faoi bharántas na faisnéise atá ar fáil agus moltaí faoi bhealaí ina bhféadfaí bearnaí atá san eolas reatha a iomlánú.
  • Moltaí faoi cheisteanna taighde eile is cóir a chur san áireamh i gclár taighde náisiúnta i dtaca le teaghlaigh Gaeltachta.

Sonraí an Tionscadail Taighde

Tá an taighde seo á choimisiúnú ag TnaG, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, féachaint le bonnlíne a chur ar fáil a bheidh ina bhunús d’fhorbairt chlár oibre na heagraíochta. Beidh an taighde seo ina chúnamh praiticiúil agus mar bhunús do chlár taighde TnaG sna blianta amach romhainn. Cuirfidh an taighde seo eolas ar fáil faoi na bearnaí reatha agus faoi na dúshláin a thugtar don earnáil, go háirithe do TnaG, dá réir.

Buiséad:

  • €15,000 uasmhéid an bhuiséid don togra.
  • Cuimsíonn an buiséad costas iomlán an taighdeora (an léiriú físiúil agus CBL san áireamh).
  • Íocfar an táille go céimiúil: 30% ar bhronnadh an chonartha, 30% nuair a chuirfear an dréacht-tuarascáil ar fáil agus 40% nuair a chuirfear an tuarascáil deiridh ar fáil.

Scála ama:

Meastar go nglacfaidh an tionscadal seo 6 mhí oibre agus ní mór é a bheith críochnaithe roimh 1 Iúil 2020.

Tuairisciú:

  • Beidh an taighdeoir freagrach do Cheannasaí TnaG. Beidh an Ceannasaí ar fáil le plé a dhéanamh leis an taighdeoir agus pé cabhair a bheidh ag teastáil a thabhairt.
  • Beidh Coiste Stiúrtha ceaptha ag TnaG chun na dréacht-tuarascálacha a chuirfear ar fáil a iniúchadh agus aiseolas agus comhairle a chur ar fáil don chomhairleoir/taighdeoir, de réir mar is cuí.
  • Cuirfear tuarascáil eatramhach ar fáil don choiste stiúrtha leathshlí trí thréimhse an taighde

Eolas mar a bhaineann leis an tionscadal taighde.

Féadfar tuilleadh eolais ar an tionscadal taighde seo a lorg ó Cheannasaí TnaG (sonraí teagmhála thíos).

Nóta eolais

Beidh taighde den chineál céanna á dhéanamh ag an eagraíocht Glór na nGael ar theaghlaigh atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.

An Próiseas Tairisceana:

Glacfar le hiarratais i scríbhinn nó ar ríomhphost ó chomhairleoirí/thaighdeoirí aonair agus le comh-iarratais ó mheitheal de chomhairleoirí/thaighdeoirí. Ní mór go gcuimseodh gach iarratas:

  1. Próifíl taighde agus CV an iarrthóra / na meithle.
  2. Sonraí ar obair thaighde ábhartha eile atá déanta acu.
  3. Cur síos imlíneach ar an modheolaíocht a bheidh in úsáid.
  4. Cur síos ar na céimeanna éagsúla den togra agus na sceidil ama a bheidh ag gach céim.
  5. Sceideal ama beacht mar a bhaineann le dréacht-tuarascáil a chur ar fáil.
  6. An buiséad mar a bhaineann le gach céim den taighde agus an buiséad iomlán.

Critéir Mheasúnaithe

Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus na hiarratais á meas:

  1. Saintuiscint agus saintaithí ar earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta;
  2. Taithí in úsáid réimse leathan modheolaíochtaí taighde, mar aon le taithí ar thaighde cáilíochtúil agus cainníochtúil;
  3. Taithí ar thaighde agus ar fhoilseacháin taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil i réimse an tionscadail taighde a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith;
  4. Soiléireacht agus éifeacht an chur chuige taighde atá beartaithe;
  5. Léiriú ar indéantacht an chur chuige taighde laistigh den fhráma ama luaite;
  6. Cumas cloí le buiséad an taighde, agus
  7. Tuiscint léirithe ar na saincheisteanna taighde seo.

Spriocdháta na n-iarratas: 

5in Dé hAoine 15 Samhain 2019

Iarratais chuig:

An Ceannasaí,
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Aonad 3A & B
Páirc Gnó na Ceathrún Rua
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe

nó seol i ríomhphost chuig: sorcha@tuismitheoiri.ie

Tuilleadh eolais:

Sorcha Ní Chéilleachair 091 869571 nó sorcha@tuismitheoiri.ie

Fág freagra ar 'Tairiscintí á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta d’obair thaighde'