Cuir uait algartaim na ngeallghlacadóirí, beidh an lá le Luimneach

Má choinníonn Luimneach le Gaillimh nó go mbeidh an crú ar an tairne, sin an uair a léireoidh a gcuid fear ionaid go bhfuil an cumas agus an teacht aniar iontu an beart a dhéanamh

Cuir uait algartaim na ngeallghlacadóirí, beidh an lá le Luimneach

Cúl báire Luimnigh, Nickie Quaid, ag deireadh chluiche leathcheannais na hÉireann an mhí seo caite. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá deireadh seachtaine an chluiche ceannais iomána tagtha agus muid i ndiaidh comórtas craoibhe iontach a bheith againn, craobh a bhí fíorspéisiúil, taitneamhach agus lán leis an dian-iomaíocht. An feachtas is fearr riamh, déarfainn.

Ach tá an lá mór beagnach linn anois, an phrapáil fhisiciúil go léir déanta ag  na himreoirí ó Luimneach agus ón Ghaillimh. 

Is minic a deirtear go mbíonn imreoirí amhail a  bheidís ag maireachtáil i ‘mbolgán’ sna laethanta roimh chluichí móra. Agus is cinnte go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ansin.

Ní ceart go mbeidís amuigh i lár an phobail an choicís roimh an gcluiche mór agus de ghnáth ní bhíonn. Ar lá na cinniúna féin, bíonn siad neadaithe in óstán éigin san ardchathair roimh an gcluiche agus iad i bhfolach ó spleodair an tslua.

Ansin, faoi dheireadh, tagann gluaisrothaithe na nGardaí chun iad a thionlacan go dtí Páirc an Chrócaigh. Amach leo faoi sholas an lae agus isteach leo ar an mbus don aistear deireanach.

Tá an Ghaillimh ina rogha ag na geallghlacadóirí arís i mbliana. Tá ocht gcluiche craoibhe imeartha acu agus gan aon cheann caillte acu. Ach tá laigí áirithe feicthe againn. Sular buaileadh aon sliotar i mbliana cheapas go mbeadh sé deacair iad a shárú. Sin mo thuairim fós, ach ní dóigh liom go bhfuil siad dosháraithe. Sa dá chluiche a bhí acu in aghaidh chontae an Chláir sa bhabhta leathcheannais, chuireadar tús an-láidir leis an imirt ach ina dhiaidh sin is ag iarraidh fanacht chun cinn a bhíodar den chuid is mó. Bhí cuid mhaith den ádh leo nár éirigh le Aron Shanagher an sliotar a chur san eangach leis an dá sheans a chruthaigh sé ag deireadh an chluiche coicís ó shin. 

Ach tá taithí mhór acu agus is cabhair mhór é sin dóibh.  Chomh maith leis sin tá ceannairí acu ar fud na páirce.  

Tá cnámh droma na foirne thar a bheith láidir agus má éiríonn leo imeacht chun cinn, ní go bog a scaoilfidh siad a ngreim agus beidh sé an-deacair ar Luimneach.

Tá an fhoireann is láidre ag an nGaillimh ach ag Luimneach atá an painéal is láidre. I mo thuairimse tá gach seans ag Luimneach, is cuma cén sórt algartam atá ag na geallghlacadóiri chun a gcuid fíricí a thomhas.

Bhí sé soiléir sna cluichí go léir ina rabhadar chun deiridh i mbliana nach raibh rún ag Luimneach imeacht óna bplean. Sna cluichí sin, agus bhí ceithre cinn acu ann ar a laghad, d’fhanadar ag imirt go réidh tomhaiste. Ní mór d’fhoireann muinín, agus aibíocht a bheith aici chun é sin a dhéanamh. Agus cé gur foireann óg í, tá cuid maith den aibíocht sin léirithe ag fir Luimnigh.

Tá fiche imreoir, ar a laghad, ar an bpainéal, atá maith go leor chun tosnú agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach i gcluiche inniu. Dar ndóigh rinne na hionadaithe an-difríocht sa chluiche leathcheannais.

Tá meas agam ar fhoireann seo Luimnigh. Ach aithním an mianach, an neart, an chumhacht agus an mhuinín atá ag foireann seo na Gaillimhe.

Mar a bhíonn le gach cluiche, is ar an lá a  bhuafar nó a chaillfear an cluiche, cé go bhféadfaimis a bheith ag meá agus ag caint go dtí Lá an Bhreithiúnais. 

Dar ndóigh, tiocfaidh an t-am sin sa cluiche nuair nach mbeidh aon rogha eile fágtha ag na foirne dul sa tóir ar an mbua. Sin an uair, má bhíonn Luimneach fós san iomaíocht, a chreidimse a léireoidh a gcuid fear ionaid go bhfuil an cumas agus an teacht aniar iontu an jab a chríochnú.

’Sea tá na halgartaim ann ceart go leor, ach tá an mothú, an dúchas, agus an croí i gceist freisin agus leosan agus Luimneach atáim ag taobhú an uair seo agus mé ag tuar gur acu a bheidh an lá. 

Fág freagra ar 'Cuir uait algartaim na ngeallghlacadóirí, beidh an lá le Luimneach'

  • wtf

    Tá Luimneach an-mhaith ar fad ach tá an Ghaillimh go sármhaith.

  • Micheal

    Maith thu! Agus thainig an tuar faoin tairngreacht! ???