Cuir pionós ar fhear bocht Chonamara a dhíolann climín feamainne, ach ná bain don dochtúir comhairleach

Aird ar bith ní thugtar ar an gcogadh aicmeach atá á throid ó lá go lá i saol ár dtíre

Cuir pionós ar fhear bocht Chonamara a dhíolann climín feamainne, ach ná bain don dochtúir comhairleach

Marach suntasach amháin atá ar an dioscúrsa poiblí, mar a thabharfadh lucht léinn air, nach ndéanann na Tráchtairí Móra plé ar bith ar an gcogadh aicmeach atá á throid ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain i saol ár dtíre.

Ní thugann siad sainmhíniú uair ar bith ar an difríocht go baileach atá idir na haicmí ná ar an dearcadh atá acu ar a chéile.

Labhraíonn siad, ceart go leor, ar an ‘working class’, ar an ‘middle class’, ar an ‘coping class’ agus ar an ‘squeezed middle’. Bíonn Leo Varadkar ag pápaireacht faoin dream a éiríonn go moch ar maidin.

Ach ní mhíníonn siad beag ná mór cén teacht isteach a bheadh ag daoine as aicme ar bith faoi leith acu le go bhféadfaí iad a áireamh san aicme sin. Maidir le cur síos ar an sealúchas a bheadh faoina láimh acu, ná bí ag súil le caint faoi ar ór ná ar airgead.

Má tá soiléiriú uait ar an ábhar seo ní fiú duit cluas a thabhairt do na cláracha díospóireachta ar an raidió ná ar an teilifís.

Chomh dócha lena athrach, an duine a bheas ag cur an chláir i láthair níl aon easpa airgid air nó uirthi féin.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cuid mhaith de €500,000 sa mbliain de theacht isteach ag an láithreoir sin, gan trácht ar fhataí an chapaill, mar a deirtí fadó, i.e., táillí as ócáidí speisialta a ndéanann siad freastal orthu, srl.

Bailithe timpeall ar an láithreoir beidh buíon luathchainteoirí as an eite dheis a bhfuil an sparán teann acu féin agus neart argóintí ‘réasúnacha’ ar bharr a ngoib acu leis an spaga a chosaint agus leis an gcóras a thabhairt slán ar chuile bhealach.

Tá na Tráchtairí Móra sna nuachtáin ar an mbealach céanna: an córas a chosaint ar ais nó ar éigean an bhunaidhm atá acusan freisin; níl i bhformhór na n-altanna a scríobhann siad ach caoirigh á gcur thar an abhainn.

Dhá dhíospóireacht a tharla le gairid a chuir ar an téad seo mé.

Ar an gcéad dul síos bhí an chaint a rinne an tAire Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, faoin liúntas leanaí. D’fhiafraigh sí ar cheart a bheith ag íoc an liúntais seo le billiúnaithe nó arbh fhearr an t-airgead a chaitheamh ar theaghlaigh a dteastódh sé go géar uathu.?

Bhí an cheist chéanna curtha ag fear Ryanair, Michael O’Leary, roimhe sin.

Dúirt seisean go raibh a bhean Anita ag fáil liúntais leanaí €530 sa mí. Ní fhaca sé aon chiall, a dúirt sé, leis an stát a bheith ag fáil airgid ar iasacht le liúntas mar é a íoc le daoine saibhre.

Níor thaitnigh caint Regina Doherty le cuid de na Tráchtairí Móra. Thug siad a n-aghaidh ar na ríomhairí láithreach agus thosaigh siad ag scríobh agus troigh cantail orthu.

Ní raibh sé ceart, cóir ná cothrom, a dúirt duine acu, go gceilfí an liúntas ar theaghlach a mbeadh os cionn €100,000 d’ioncam acu in aghaidh na bliana.

Bhí sé ráite ag eagraíocht na bhFostóirí, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, gur le teaghlaigh a bhfuil €100,000 nó os a chionn á shaothrú acu a íoctar €330 milliún de liúntas na leanaí.

Nach mór an cuidiú a bheadh sa méid sin airgid do ghasúir bhochta nach mbíonn a ndóthain le n-ithe acu ar maidin?

Ach ba é scéal na ndochtúirí comhairleacha ospidéil a d’fhág na Tráchtairí Móra dearg le fearg amach is amach.

Shílfeá gur chreid siad gur sárú cearta daonna a bheadh ann fiach a chur ar na dochtúirí seo a bhí ag briseadh an dlí.

Dá mbainfeadh fear bocht as Conamara a bheadh ag fáil cúnamh leasa shóisialaigh climín feamainne le díol is gearr go mbeadh boc ar a dtugtar an ‘gauger’ curtha ina dhiaidh.

Dá bhfaighfí ag obair ar scafall tí é thógfaí grianghraf de agus laghdófaí an liúntas air, nó b’fhéidir go mbainfí de ar fad é.

Ach ní fhéadfar drannadh leis na dochtúirí comhairleacha ospidéil atá ag cur an phionna sa stát gan cás gan náire.

As aicme eile iad siúd agus tá cairde dílse acu sna meáin chumarsáide agus sa gcóras polaitíochta.

Fág freagra ar 'Cuir pionós ar fhear bocht Chonamara a dhíolann climín feamainne, ach ná bain don dochtúir comhairleach'

  • Mánus

    Deireann cuntasóirí ar m’aithne go mbíonn na Coimisinéirí ioncaim ag díriú go príomha ar na gnónna beaga ar nós siopaí clainne agus pluiméirí agus gur lá maith oibre é do bheirt oifigeach má fhaigheann siad €5,000 ó ghnó beag. Ní thugtar dúshlán na bocanna móra toisc go bhfuil cuntasóirí agus saineolaithe cánach chun an brabús a chur i bhfolach. Tá an stáitín IarÉireannach seo ag seasamh go daingean taobh thiar des na bocanna móra.

  • Larry Phelan

    maith thú, a Joe, alt maith eile

  • wtf

    Nach iontach an fear é Leo Varadkar is gan aon aird aige ar iomaire an dochtùra a threabhadh i bhfianaise a bhfuil de shaibhreas á thuilleamh acu ach a anam is a chorp á imirt aige ar son na tíre!