Cuir ort d’aghaidhmhasc agus tabhair cuairt ar shiopa leabhar

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tabhair cuairt ar shiopa leabhar fisiciúil nuair a osclóidh na siopaí arís an tseachtain seo chugainn. Beidh chuile dhuine atá ag obair in earnáil na leabhar buíoch díot

Cuir ort d’aghaidhmhasc agus tabhair cuairt ar shiopa leabhar

Is aisteach an chaoi a dtaithímid sráideanna áirithe agus go seachnaímid sráideanna eile, go minic i ngan fhios dúinn féin. Tá sráid sa cheantar ina bhfuil cónaí orm féin nach raibh a fhios agam féin go raibh sí á seachaint agam go dtí gur tharla ann mé, ar chúis fhánach éigin, an lá faoi dheireadh.

Cinnte, bhí cúis thíreolaíoch ann nár nós liom an tsráid sin a thaithí: cul-de-sac atá inti agus bíonn ort bóthar fíorghnóthach a thrasnú len í a bhaint amach. Ach bhí cúis shíceolaíoch ann, leis. Is minic a d’óladh mé féin agus m’iar-fhear céile cupán caife ar an tsráid sin nuair a bhí cónaí orainn timpeall an chúinne. Tá cónaí ar an iarfhear céile i gcathair eile le blianta fada agus tá an teach caife a thaobhaímis dúnta le blianta fada freisin.

Ach bhí dearmad glan déanta agam go raibh siopa leabhar díreach trasna ón áit a mbíodh an caifé, agus ba bheag nár thit mé de mo rothar le hiontas nuair a chonaic mé, agus mé ag fánaíocht ar an tsráid sin an lá faoi dheireadh, go raibh an siopa céanna tar éis teacht slán trí ghéarchéim eacnamaíoch cheithre bliana agus paindéim naoi mí.

Chuir mé mo rothar faoi ghlas. Bhí fógra ar an doras leis an téacs ‘Bíodh masc ar d’aghaidh agus BÍODH AN MASC CÉANNA CEANGAILTE I gCEART’. Sheiceáil mé go raibh. Isteach liom.

Siopa leabhar ar an seandéanamh a bhí ann: dorcha, beag agus plúchta. Bhlocáil boscaí móra cairtchláir a bhí díreach tagtha isteach ó fhoilsitheoir mór-le-rá an bealach go dtí an cuntar, áit a raibh fear sna fichidí ina shuí ar chúl carn móra leabhar nár léir aon sórtáil de réir seánra a bheith déanta orthu. Nuair a deirim gur fear sna fichidí a bhí ann, is ar a shúile agus an craiceann timpeall orthu atá an tuairim sin á bunú agam, óir ba é sin an t-aon chuid amháin den fhear a bhí le feiceáil. Bhí caipín dubh á chaitheamh aige, geansaí dubh a raibh blaosc ollmhór clóite air, agus masc dubh a chlúdaigh a bhéal agus a shrón I gCEART.

Ach na súile sin! Ar an bpointe boise, rith sé liom cén fáth gur fearr i bhfad siopaí leabhar fisiciúla ná a macasamhla ar an idirlíon. Ní féidir flirteáil leis an ‘gciseán siopadóireachta’ nó pé rud a thugann siad ar an róbat a ghlacann do chárta creidmheasa. Comhairle chliúsaíochta saor in aisce: fiafraigh den staic nó den stumpa taobh thiar den chuntar an bhfuil a leithéid seo nó a leithéid siúd de leabhar acu, ionas go dtuigfidh siad a spéisiúla is atá tú, mar dhuine.

Nó bí ag crochadh thart ag an seastán ina bhfuil na leabhair sa seánra is ansa leat, cá bhfios nach gcasfaí duine ort a mbeadh an t-ábhar sainspéise céanna aige agus atá agat féin.

Chuaigh mé timpeall an tsiopa agus d’aimsigh seilfeanna an fhicsin liteartha, seilf na scríbhneoireachta cruthaithí, seilf na haeráide agus seilf na litríochta aeraí.

Ach ní raibh aon chustaiméirí eile ann.

Fadhb í sin, go deimhin, atá ag cur as do shiopaí leabhar ar fud an domhain agus an coróinvíreas in ard a réime i gcónaí. Más fíor na tuairiscí a chloisim ó thionscal na leabhar in Éirinn, beidh drochbhliain amach is amach ag siopaí, foilsitheoirí agus scríbhneoirí araon.

Ar an ábhar sin, má osclaíonn na siopaí arís an tseachtain seo chugainn, tabhair cuairt ar shiopa leabhar, ceann fisiciúil más féidir, agus ceannaigh ualach leabhar mar bhronntanais don Nollaig. Beidh chuile dhuine atá ag obair in earnáil na litríochta fíorbhuíoch díot.

D’fhág mé féin an siopa leabhar agus ceithre leabhar faoi m’ascaill, cinn a mheas mé a thabharfadh léargas maith don fhear taobh thiar den chuntar ar an réimse leathan ábhar a bhfuil spéis agam iontu. Agus cinnte, bhí comhrá gairid againn faoi leabhar a mhúineann duit cén chaoi le greannáin a tharraingt. Ach ar fhágáil an tsiopa dom, nár scairt sé ‘bíodh tráthnóna maith agat, a dhuine uasail!’ i mo dhiaidh?

‘A dhuine uasail.’

Bhí mé i bhfad róshean dó, ba léir.

Fág freagra ar 'Cuir ort d’aghaidhmhasc agus tabhair cuairt ar shiopa leabhar'