Cuir oideachas ar bhean agus cuirfidh tú oideachas ar náisiún – bean an ricseá mo laoch in 2019

Is minic a bhuaileann beaguchtach mé nuair a shílim nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh an chomhionannais sa domhan beag seo, ach tháinig bean an ricseá i gcabhair orm i mbliana

Cuir oideachas ar bhean agus cuirfidh tú oideachas ar náisiún – bean an ricseá mo laoch in 2019

Is fánach an áit a bhfoghlaimeodh duine ceacht agus sa tuarascáil is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe faoin dul chun cinn atá déanta ag mná ar fud an domhain a mhúin Hira Kumari Sewa as Neipeal ceacht umhlaíochta domsa.

Nach minic a bhuaileann beaguchtach mé nuair a shílim nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh an chomhionannais sa domhan beag seo. Agus mé ag taisteal in áiteanna eile ar domhan, bíonn orm mo chlab a dhúnadh agus a mheabhrú dom féin gur coilíneachas eile é an t-athrú cultúir a bhíonn fonn ormsa a chraobhscaoileadh.

Scéilín beag cumhachtach as Neipeal a léirigh dom an cineál saoirse a shantaíonn mná eile, an tsaoirse chéanna a shantaigh na mná a chuaigh romham a bhíodh ag santú airgead na n-uibheacha.

I dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe, Progress of the World’s Women Report, ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag mná a léigh mé faoi Hira Kumari Sewa, bean 47 bliain d’aois as Neipeal. Ceannródaí í an bhean seo ina tír féin mar gur éirigh léi ceadúnas a fháil in 2018 chun ricseá a thiomáint.  Cairrín beag trí roth atá sa ricseá a bhíonn ina thacsaí i gcuid mhór cathracha ar fud an domhain agus oibríonn sé ar chadhnra agus scil an tiománaí.

Ní raibh Hira Kumari ach 13 bliain nuair a phós sí ach ba ghearr gur phós a fear beirt bhan eile agus tharraing sin agus a chuid alcólachais go leor achrainn sa teach agus d’fhág sí é agus thug sé léi a mbeirt mhac. Bhíodh sí ag obair mar chailín aimsire ó tharla gurbh í sin an t-aon obair a bhí ar fáil do bhean nach bhfuair oiliúint ná oideachas.

D’éirigh léi post ar $200 sa mí a fháil in Dubai mar bhean tí agus shábháil sí dóthain airgid sna ceithre bliana a bhí sí ar imirce ansin lena fiacha a ghlanadh agus oideachas a chur ar a clann.

Nuair a tháinig sí abhaile d’éirigh léi áit a fháil ar chúrsa traenála a bhí á eagrú ag na Náisiúin Aontaithe do mhná a d’fhill ón imirce faoin gClár um Chumhachtú na mBan, le cúnamh airgid ó rialtas na Fionlainne.

“De bharr stádas íseal a bheith agamsa go sóisialta agus ó thaobh airgid de, ní fhaca mé riamh ach uirísliú agus drochmheas ach thug an cúrsa sin an-deis dom,” a dúirt Hira Kumari Sewa.

Ní hé amháin gur fhoghlaim sí le ricseá a thiomáint ach cuireadh ar an eolas í faoin gcomhionannas inscne agus an t-ionchuimsiú sóisialta chomh maith.

“Bhíodh daoine ag magadh fúinn ar dtús agus ag rá go raibh mise róshean ach bhí mo dhóthain muiníne tugtha ag an traenáil dom gur choinnigh mé orm agus tá glacadh níos fearr anois le tiománaithe ban,” a dúirt sí.

“Is eiseamláirí iad mná na ricseánna ina bpobal féin,” a deir Mio Yokotaatá, atá i gceannas ar an gclár um chumasú ban i Neipeal.

Údar misnigh é scéal Hira Kumari agus a máthair féin is bródúla atá aisti, is ise a thug aire dá clann nuair a bhí sí ag saothrú a neamhspleáchais. Cumann na mban beo i gcónaí.

Deir Hira Kumari Sewa féin, “ní bhfuair mise aon oideachas ach tá mé in ann mo chuid leas-iníonacha a chur ar scoil mhaith ionas go mbeidh siad in ann a slí bheatha féin a bheith acu agus tá mé ag sábháil airgid le cuidiú le mo chlann mhac a bhfeithiclí féin a cheannach agus gnóthaí beaga dá gcuid féin a bhunú.”

Is léir gur fíor an seanfhocal de chuid na bhFantach: “Cuir oideachas ar fhear agus cuirfidh tú oideachas ar dhuine amháin. Cuir oideachas ar bhean agus cuirfidh tú oideachas ar náisiún.”

Nach iontach le rá é gurbh é sin mo dhea-scéal in 2019.

Fág freagra ar 'Cuir oideachas ar bhean agus cuirfidh tú oideachas ar náisiún – bean an ricseá mo laoch in 2019'

  • Máiread

    Iontach fíor.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-scéal é seo cinnte 7 beidh muid uilig dóchasach go leanfaidh a leithéid ins gach tír sa bhliain 2020 :-)