Tá m’árasán nua chomh gar sin don fharraige agus bíonn oiread sin taise agus salainn san aer go gcaitear an cuisneoir, an sorn agus uirlisí tí eile a chlúdach le plaisteach mar chosaint i gcoinne na meirge.
‘‘Mura ndéanfaidh tú sin laistigh de choicís tar éis duit bogadh isteach,’ a dúirt an tiarna talún, ‘féadfaidh tú do chuisneoir agus araile a chaitheamh amach tar éis leathbhliana.’
Bhí go maith agus ní raibh go holc agus seachtain tar éis dom bogadh isteach chuir fear aitheantais de chuid an tiarna talún clúdach plaisteach ar an sorn agus ar an gcuisneoir.
Anois bhí dath dubh orthu. Ba chuma liom faoin sorn, a raibh dath dubh air cheana féin nuair a cheannaigh mé é sa siopa. Ach an cuisneoir?
Ansin rith sé liom go mbeadh sé go deas greannán manga a ghreamú den chuisneoir, tá a fhios agat, na comaicí sin ón tSeapáin a mbíonn súile móra ar na carachtair iontu agus a chaitear a léamh droim ar ais.
Cheannaigh mé ceann acu i siopa leabhar sa Gare du Nord an uair dheireanach a bhí mé i bPáras le go mbeadh rud éigin le léamh agam ar an traein; scéal faoi dhornálaí óg ag réiteach dá chéad troid. Bhí an scéal chomh tanaí céanna le páipéar na leathanach a raibh sé clóite orthu, ach bhí na pictiúir go maith: dhéanfadh sé cúis mar chlúdach cuisneora. Ní bheadh orm ach na pictiúir is fearr a ghearradh amach, iad a ghreamú den chuisneoir i leagan amach ealaíonta agus ansin an t-iomlán a chlúdach le plaisteach trédhearcach.
Ar aghaidh liom mar sin, ag déanamh cinnte go mbeadh na pictiúir is mealltaí ar airde na súl (tá mo chuisneoir chomh hard le duine) agus go mbeadh tús áite ag an húc ciotóige in ae an laoich agus ag a bhuille díoltais, dorn aníos millteanach faoi smig a chéile comhraic. Bhí an scéal chomh tanaí sin (agus lena chois sin, i bhFraincis – rud a bhain oiread na fríde d’atmaisféar Seapánach na léaráidí, dar liom) gur shocraigh mé na pictiúir ar fad ina raibh téacs le feiceáil a chaitheamh sa bhruscar, agus ansin chuir mé an bruscar le taobh an bhóthair.
Ach cuisneoir a sheasann leis féin atá i mo chuisneoir-se, seachas ceann a bheadh mar chuid de chisteanach phleanáilte agus nach mbeadh le feiceáil ach a aghaidh. Bhí trí thaobh le clúdach – nach mór sé mhéadar cearnach – agus ní raibh ach dhá thaobh den diabhal rud clúdaithe agam nuair nach raibh aon phictiúir fheiliúnacha fágtha. Rith amach ar an tsráid agus dul ag cuardach sa bhruscar an chéad rud a rith liom ach ar ndóigh bhí leoraí na comhairle cathrach tar éis gach rud a thabhairt leis cheana féin.
Nuair a bhíonn scríbhneoir i mbun eagarthóireachta, bíonn sé de shíoraí ag láimhseáil an tsiosúir. Focal amháin nó radharc iomlán, is cuma: clic amháin ar an scrioseochair agus sin sin. Ach is fada an lá ó d’fhoghlaim mé gurbh fhearr don scríbhneoir pé sleachta a ghearrfaidh sé amach a choinneáil i gcomhad ar leith le haghaidh na coise tinne seachas iad a chaitheamh amach ar fad.
Ní bhíonn a fhios agat riamh; b’fhéidir go ndéanfadh cur síos nó píosa cainte éigin nár oibrigh i gcaibidil a trí cúis go seoigh i gcaibidil a hocht déag.
Faraor géar nár chuimhnigh mé ar an dea-nós sin nuair a bhí an manga á ghreamú den chuisneoir agam – ach ar a laghad ar bith tá cúis mhaith agam anois athchuairt a thabhairt ar Pháras an chéad uair eile a bheidh mé san Eoraip: tá taobh amháin den chuisneoir le clúdach fós.
Fág freagra ar 'Cuir an méid a ghearrfaidh tú amach i gComhad na Coise Tinne…'