An síceolaí Arthur Aron a cheap na 36 ceist thíos mar chuid de staidéar a rinneadh in Ollscoil Stony Brook i Nua-Eabhrac.
Tá na ceisteanna in ainm is an grá a spreagadh trí dhlúthchaidreamh a chothú an-tapa le duine.
Nuair atá na 36 ceist críochnaithe moltar féachaint sa tsúil ar a chéile ar feadh ceithre nóiméad…
- Dá mbeadh an domhan mór mar rogha agat, cén duine ab fhearr leat i do theannta le haghaidh dinnéir?
- Ar mhaith leat a bheith cáiliúil? Conas?
- Sula ndéanann tú glaoch teileafóin, an ullmhaíonn a bhfuil fút a rá? Cén fáth?
- Cén sórt lae ar a dtabharfá lá ‘foirfe’?
- Cén uair dheireanach a raibh tú ag canadh duit féin? Ag canadh do dhuine éigin eile?
- Dá bhfaighfeá saol go dtí go mbeifeá 90 bliain d’aois agus é de rogha agat colainn nó intinn duine 30 bliain a choinneáil don 60 bliain deiridh, cé acu ab fhearr leat?
- An bhfuil barúil rúin agat faoin mbás ata i ndán duit?
- Ainmnigh trí chosúlacht a déarfá-sa atá idir do pháirtí agus tú féin.
- Cén t-údar buíochais is mó atá agat i do shaol?
- Dá bhféadfá aon rud a athrú faoin tógáil a fuair tú, céard a d’athrófá?
- I gceithre nóiméad inis scéal do bheatha do do pháirtí chomh mion agus is féidir.
- Dá bhféadfá dúiseacht maidin amárach agus tréith nó bua ar leith eile a bheith agat, céard a bheadh uait?
- Dá bhféadfadh liathróid chriostail an fhírinne a insint fút féin, an todhchaí nó aon rud eile, cén fháistine a bheadh uait?
- An bhfuil rud éigin a bhfuil fonn ort a dhéanamh le fada? Cén fáth nach ndearna tú é?
- Cén t-éacht is mó atá déanta agatsa go dtí seo?
- Cén rud is tábhachtaí i gcairde, dar leat?
- Cén chuimhne is gaire do do chroí?
- Cén chuimhne is measa atá agat?
- Dá mbeadh a fhios agat go raibh bás tobann i ndán duit i gceann bliana, an athrófá aon rud faoi mbealach a gcaitheann tú do shaol anois? Cén fáth?
- Cé chomh tábhachtach agus atá an cairdeas duitse?
- Cén pháirt atá ag an ngrá agus an gean i do shaol?
- Duine ar dhuine, piocadh tú féin agus do pháirtí tréith mhaith atá ag an duine eile. Luaigí cúig thréith an duine.
- Cé chomh cairdiúil agus dlúth atá do theaghlach? An síleann tú go raibh óige níos sona agatsa ná ag cuid mhór daoine?
- Conas a bhraitheann tú faoin gcaidreamh idir do mháthair agus tú féin?
- Cuimhnígí ar thrí ráiteas atá fíor faoin mbeirt agaibh m.sh: ‘Mothaíonn an bheirt againn sa seomra seo …’
- Críochnaigh an abairt seo: ‘Faraor gan duine éigin agam lena bhféadfainn …’
- Dá mbeifeá le bheith i do dhlúthchara ag do pháirtí, abair cén rud is mó ba chóir a insint dó nó di.
- Inis do do pháirtí cén rud faoi nó fúithi a thaitníonn leat; bí an-oscailte agus abair rudaí nach ndéarfá go deo le duine a chas leat le déanaí.
- Inis do do pháirtí faoi uair i do shaol a raibh an -náire go deo ort.
- Cén uair go deireadh a raibh tú ag caoineadh os comhair duine eile? Ag caoineadh leat féin?
- Inis do do pháirtí rud éigin a thaitníonn leat faoi nó fúithi.
- An bhfuil aon rud atá ró-thromchúiseach le scéal grinn a dhéanamh de?
- Dá dtiocfadh an bás ort tráthnóna inniu agus gan áiméar agat aon teachtaireacht a thabhairt d’aon duine, cén rud is mó a mbeadh aiféala ort nár inis tú do dhuine éigin? Cén fáth nár dhúirt tú leo fós é?
- Téann do theach agus a bhfuil ann trí thine. Sábhálann tú do mhuintir agus do pheataí agus tá deis agat ansin rud amháin eile a shábháil. Céard a shábhálfá? Cén fáth?
- As na daoine ar fad i do theaghlach, cén bás is mó a ghoillfeadh ort? Cén fáth?
- Inis do do pháirtí faoi fhadhb phearsanta agus fiafraigh di nó de conas a dhéileálfadh sé nó sí leis an scéal? Cuir ceist ar do pháirtí conas is dóigh leis nó léi a bhraitheann tusa faoin bhfadhb sin.
Fág freagra ar 'Cuir an 36 ceist seo ar dhuine agus titfidh tú i ngrá'