Cuimhnigh a Theachta Dála, beifear ag faire ort i gcónaí…

Níor cheart beag is fiú a dhéanamh de vótáil bhréige ach cuimhnímis ar rudaí tábhachtacha seachas ar chluichí Dála

Cuimhnigh a Theachta Dála, beifear ag faire ort i gcónaí…

Ní cóir riamh beag is fiú a dhéanamh de vótáil bhréige, in aon áit. Mar a dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt, is dlúthchuid den daonlathas é córas iontaofa vótála.

Dá vótálfadh gnáthshaoránaigh ar son duine eile, bheadh coir déanta acu. Faraor, tá bearna mhór idir na srianta agus na pionóis a ghearrtar de réir dlí ar ghnáthdhaoine agus lagrialacha na Dála – nár leasaíodh fós, ainneoin ar tharla.

Tá scata Teachtaí Dála náirithe ó léiríodh an tslí ina raibh comhar na gcomharsan á chur i bhfeidhm ag Timmy Dooley le cabhair Niall Collins. Ina measc, ar fhaitíos go ndéanfaí dearmad orthu, bhí Leo Varadkar agus Micheál Martin – d’admhaigh an bheirt gur vótáil siad ar son Teachtaí Dála a bhí áit éigin eile i seomra na Dála ag an am.

Dá dhéine gach cáineadh a chualathas le seachtain, is é bun agus barr an scéil nach ngearrfar pionós, de réir rialacha na Dála, ar Theachta Dála ar bith.

Cuimhneoidh a mbunáite áfach ar an drochmheas a chothaigh na tuairiscí ar vótáil bhréige.

Ba léir an imní a chuir míshásamh an phobail sa ráiteas inar fhógair an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl nár chóir ligean dá leithéid tarlú arís. Conas? Sin scéal eile, nach neosfar go neartaítear rialacha na Dála. Má neartaítear iad.

Chuir an scéal i gcuimhne do gach Teachta Dála go bhfuil taifead buan leictreonach ar a gcuid oibre ar fáil do chách i dTeach Laighean, agus ar líne ag www.oireachtas.ie

Is taifead é nach féidir a shéanadh de ghnáth. Go deimhin, murach é ní fhéadfaí a bheith lánchinnte gur vótáil Teachta in ionad Teachta eile, nó nach raibh an fhírinne á hinseacht agus vótáil ar son Teachta eile á séanadh.

Sin ráite, is léir an chontúirt go gcuirfeadh róaird ar chleachtais aisteacha vótála caint ar chúrsaí polaitíochta as a riocht. Ní féidir vótáil in ainm Teachta Dála eile a chosaint, ach níor tháinig cás chun solais fós inar athraíodh toradh vótála dá bharr.

Cuireann fístaifeadadh na Dála, agus fianaise físeáin den uile chineál a chuirtear ar líne foinse den scoth ar fáil don phobal agus d’iriseoirí. Is céim shuntasach chun cinn í a bheith á soláthar.

Is féidir mar shampla leas a bhaint as físeáin agus lear mór fianaise a chuireann láithreáin oifigiúla ar fáil, chomh maith le láithreáin phearsanta (Facebook go háirithe) chun a chruthú go raibh duine áirithe in áit áirithe ag am áirithe, nó nach raibh; go ndúirt duine áirithe rud éigin, nó go ndearna siad rud éigin; nó go raibh duine páirteach in eagraíocht nó in ócáid áirithe, nó nach raibh.

Faraor, ní bhíonn fianaise chomh soiléir ar fáil go minic faoi rudaí tábhachtacha eile. Fadhbanna sa tseirbhís sláinte mar shampla, nó easpa tithe.

Is féidir geallúint polaiteora nár comhlíonadh a aimsiú ar líne gan mórán dua, agus í a scaipeadh gan stró. Teastaíonn fiosrú agus foilsiú mar seo i gcónaí, ach tá baol ann go neartóidh sé amhras agus go dtarraingeofar aird ó ábhair thábhachtacha dá bharr.

Tá cur síos i The End of Forgetting, leabhar a foilsíodh i Meiriceá le gairid, ar an dochar síceolaíoch a dhéanann taifead agus buanchuimhní an idirlín do dhaoine óga. Tagann ciall le haois, a deir Kate Eichhorn (an saineolaí cultúir a scríobh) má ligtear do dhaoine óga dearmad a dhéanamh ar eachtraí éagsúla agus ar rudaí éagsúla a rinne nó a dúirt siad nuair a bhí siad níos óige.

Is deacra cúl a thabhairt lena leithéid ó thosaigh an ré dhigiteach.

Cuireann daoine óga lear mór fianaise ar Facebook mar shampla ar deacair é a ghlanadh.

Níl aon leigheas á mholadh ag Eichhorn ar an dochar a dhéanann an róchuimhne don aos óg, ach tá rabhadh tugtha aici faoina tionchar.

Ar ndóigh ní cóir cead a thabhairt do pholaiteoirí éalú ó chuimhne ná ó fhianaise. Ach is fiú cuimhneamh mar sin féin ar na dualgais pholaitiúla is tábhachtaí: fadhbanna na tíre agus an phláinéid a réiteach, agus cur ina luí ar vótóirí go bhfuil beartais éifeachtacha á moladh acu (má bhíonn).

Is leor an méid seo a rá faoi láthair le gach Teachta Dála: Suigh síos, i do chathaoir fhéin, gach uair a deir an Ceann Comhairle ‘Vótáil!’ Brúigh ar do chnaipe féin, agus ná brúigh ar chnaipe ar bith eile.

Cuimhnigh i gcónaí: beifear ag faire ort, a Theachta Dála, i gcónaí.

Fág freagra ar 'Cuimhnigh a Theachta Dála, beifear ag faire ort i gcónaí…'