Cuimhneoidh Daidí na Nollag ar chleas nua, déanaimis an rud céanna

Is fíor go n-aireoidh daoine uathu an teacht le chéile a bhíodh acu i gcónaí aimsir na Nollag ach an bhfuil gá ar bith le cóisir mhór a dhéanamh di?

Cuimhneoidh Daidí na Nollag ar chleas nua, déanaimis an rud céanna

Fear é Daidí na Nollag a bhfuil an-trua agam dhó faoi láthair. Seans maith nach mbeidh cead aige an Mol Thuaidh a fhágáil ar chor ar bith an Nollaig seo atá chugainn.

Tá luaidreán láidir ag dul thart go bhfuil sé beartaithe ag na maorlathaithe sa mBruiséil é a chosc ó thaisteal trí thíortha an Aontais. Bí cinnte go leanfaidh tíortha eile ar fud an domhain a sampla.

Ó b’annamh leis na maorlathaithe céanna mórán céille a bheith le cuid mhaith de na socruithe a dhéanann siad tá bunús leis an socrú seo.

Nach bhfuil sé ag luí le réasún go bhféadfadh fear a bheadh ag taisteal ó áit go háit Covid-19 a scaipeadh go héasca?

Tharlódh sé nach dtiocfadh a chuid fianna slán ach an oiread. Má tá an minc in ann an víreas a tholgadh cén chosaint a bheadh ag an bhfia bocht air?

Eolas é seo ar fad a chuirfeas díomá ar pháistí na hÉireann agus an domhain. Ach níl an cluiche caillte fós.

B’fhéidir nach call dóibh imní rómhór a bheith orthu mar gur féidir a shocrú go dtiocfaidh bronntanais Dhaidí na Nollag chomh fada leo go fiú mura mbeidh cead aige féin iad a thabhairt chucu.

Maidir le dhul ag comhrá le Daidí na Nollag béal ar bhéal b’fhéidir nach bhféadfaidís é sin a dhéanamh sa siopa nó san ollmhargadh ach céard a choinneodh iad ó chaidreamh a dhéanamh leis ar Zoom?

Údar eile imní atá ag Daidí na Nollag, dála an scéil, gur cosúil nach mbeidh simléar ar aon teach in Éirinn amach anseo.

Tógadh teach nua sa gceantar seo le gairid nach bhfuil aon simléar air. I líonmhaireacht a rachas tithe maola den déanamh sin amach anseo má fhaigheann Eamon Ryan agus Comhaontas Glas cead a gcinn i gcónaí.

Maidir le comóradh na Nollag tríd is tríd ní féile mar ba ghnáth a bheas againn i mbliana. B’fhéidir ar bhealach go gcuirfeadh sin beagán staidéir i ndaoine.

Fuadar faoi gach n-aon, mar dúirt an file, ba mhó a raibh cleachtadh againn air roimhe seo. Sin agus fíbín siopadóireachta. Is féidir neart siopadóireachta a dhéanamh as an mbaile anois ar an idirlíon.

Is fíor ar ndóigh go n-aireoidh daoine uathu an teacht le chéile a bhíodh acu i gcónaí aimsir na Nollag. Is mór a ghoilleann sé orainne an seandream nach féidir lenár gclann ná ár ngarchlann cuairt a thabhairt orainn.

Ba mhór i gceist teacht le chéile Lá Nollag go háirithe. Ach an bhfuil gá ar bith le cóisir mhór a dhéanamh di? Is gearr ó bhí Ryan Tubridy ag moladh dá chuid éisteoirí cúpla cóisir bheag a eagrú in áit cóisir mhór amháin.

Maidir le bheith ag placadh sólaistí agus ag longadh fíona aimsir na Nollag d’fhéadfaí déanamh go réidh leis sin freisin.

Léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil daoine ag cur meáchain suas go tréan ó choinnigh an ghéarchéim sláinte sa mbaile iad. Bíonn an oiread frustrachais agus cantail orthu go dtugann siad a n-aghaidh ar an gcuisneoir ar thóir bia.

Ní ocras a bhíonn orthu ach bealach le beagán sóláis a thabhairt dóibh féin, ‘comfort eating’ a thugtar i mBéarla air. Ní fheicim aon Ghaeilge fós air. B’fhéidir go ndéanfadh ag ithe ar son sóláis cúis.

Maidir le deasghnátha na nEaglaisí tá cuid de na heaspaig agus de na sagairt ar a míle dícheall ag iarraidh na fíréin a bhailiú isteach sna séipéil agus sna teampaill.

Shílfeá gur chuma do Chríostaí cá ndéarfadh sé nó sí paidir. Cheapfá go bhféadfadh Moslamach a aghaidh a thabhairt ar Mheice agus paidir a chur suas chuig Allah as áit ar bith.

Ní theastaíonn Skye ná Zoom ó Dhia ná ó Allah a deirtear linn. Sea agus tá ciall na seacht suadh ag Daidí na Nollag.

Nach leor sin?

Fág freagra ar 'Cuimhneoidh Daidí na Nollag ar chleas nua, déanaimis an rud céanna'

  • Larry Phelan

    Is leor, a Joe. An ceart ar fad agat.