Cúigear Seanadóirí ainmnithe ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Tá na baill go léir ar an gcoiste Oireachtais nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ainmnithe rud a fhágann gur féidir leo a gcéad chruinniú a bheith acu

Cúigear Seanadóirí ainmnithe ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Tá cúigear Seanadóirí ainmnithe ar Choiste nua Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

Fágann sin go bhfuil na baill go léir ar an gcoiste nua ainmnithe agus gur féidir leo a gcéad chruinniú a bheith acu.

Is iad na Seanadóirí atá ainmnithe ar an gcoiste ná Niall Ó Donnghaile (Sinn Féin), Lorraine Clifford Lee (Fianna Fáil), Seán Kyne (Fine Gael), Barry Ward (Fine Gael) agus  Rónán Mullen (Neamhspleách).

Fágann ainmniúchán Sheáin Kyne go mbeidh triúr iar-airí stáit Gaeltachta ar an gcoiste, Kyne féin, Joe McHugh, Fine Gael, a chaith dhá thréimhse i Roinn na Gaeltachta agus Dara Calleary, Fianna Fáil, a raibh coicís aige ansin an samhradh seo caite.

Níl ach beirt bhan ar an gcoiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar an gcoiste roimhe seo, agus an Seanadóir Lorraine Clifford Lee.

Triúr Teachtaí Dála eile ó pháirtithe an Rialtais atá ar an gcoiste, Fergus O’Dowd, Fine Gael, Marc Ó Cathasaigh, Comhaontas Glas, agus Aindrias Moynihan, Fianna Fáil.

Is é Moynihan, arb as Gaeltacht Mhúscraí dó, an t-aon Teachta Dála ar an gcoiste arb as an nGaeltacht dó, cé go bhfuil ceantair Ghaeltachta i ndáilcheantair fhormhór na mball.

Is é Pa Daly, a toghadh chun na Dála i gCiarraí in olltoghchán na bliana seo, an ball eile atá ag Sinn Féin ar an gcoiste.

An Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí, Danny Healy-Rae, an t-aon Teachta Dála nach bhfuil Gaeilge aige a bheidh ar an gcoiste a mbeidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh ina chathaoirleach air.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge an teideal oifigiúil a bheidh ar an gcoiste nua.

Deirtear sna téarmaí tagartha go bpléifidh coiste Oireachtais na Gaeilge le straitéis an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge, le ceisteanna a bhaineann le litríocht agus le cultúr na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtais féin. Pléifidh an coiste chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras agus le dualgais na gcomhlachtaí poiblí i dtaobh soláthar seirbhísí Gaeilge.

Tiocfaidh obair an Choimisinéara Teanga, an Fhorais Teanga, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus RTÉ faoi chúram an choiste chomh maith agus beidh sé freagrach as plé a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge agus ar an ngaeloideachas.

Ceann de na chéad chúraimí a bheidh ar an gcoiste nua ná scagadh a dhéanamh ar an bille teanga atá á phlé sa Dáil inniu.

Fág freagra ar 'Cúigear Seanadóirí ainmnithe ar Choiste Gaeilge an Oireachtais'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Éinne amuigh ansin a gceapann go bhfuil sé áiféiseach go mbeadh Danny Healy Rae ar an gcoiste seo; fear nach bhfuil Gaeilge aige, de réir na tuairisce?