Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2022…

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2022

INPHO/Laszlo Geczo

Tomás Ó Tuathail

Tá sé éasca na cosúlachtaí idir scéal Sheáin Uí Mhainnín agus ceann Thomáis Uí Thuathail a fheiceáil. Trodaí óg as Leitir Mealláin i gConamara é Ó Tuathail, a rinne cinneadh dul leis an dornálaíocht go gairmiúil le linn samhradh 2021 agus atá anois ag iarraidh clú a bhaint amach sna Stáit Aontaithe.

Chuir sé tús maith leis an obair sin mí na Samhna nuair a bhí bua iontach aige ar Mark Malone agus rinneadh an ceangal idir é féin agus Ó Mainnín níos láidre ó tharla an fear ar a dtugtar ‘Rocky Ros Muc’ i gcúinne Uí Thuathail don troid.

Ní raibh ach dhá throid ghairmiúil ag Ó Tuathail go dtí seo ach leag sé amach a chéilí comhraic sa dá bhabhta agus chuaigh an bua a bhí aige in aghaidh Malone i bhfeidhm ar mhórán agus na buillí scoir buailte aige ar an Meiriceánach taobh istigh de 90 soicind.

Scaipeadh físeáin de na buillí ar fud na cruinne agus dúirt Matchroom, ceann de na comhlachtaí poiblíochta is mó sa spórt agus a thugann tacaíocht do leithéidí Katie Taylor agus Canelo Alvarez, go mbeadh siad i dteagmháil leis an Tuathaileach.

Tá Ó Tuathail le bheith ag troid arís i Dedham, taobh amuigh de Bhostún, sa mbliain nua agus má bhíonn sé ar a bhuille go cumasach ansin, d’fhéadfadh bliain ghnóthach a bheith aige.

 

Maggie Rose Carrigan

Cuirfear tús leis na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh sa tSín mí Feabhra agus súil ag roinnt lúthchleasaithe a bheith ag glacadh páirt ar son na hÉireann. Duine acu siúd ná an clársciálaí sneachta Maggie Rose Carrigan.

Rugadh Carrigan i gColorado ach ba as Ros Comáin a seanmháthair agus tá sí ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ó 2018.

Diagnóisíodh Carrigan leis an scolóis nuair a bhí sí aon bhliain déag d’aois agus cuireadh dhá shlat ina droim. Ag an am, tugadh comhairle di éirí as an gclársciáil ach tar éis cúpla bliain, bhain Carrigan triail as an gclársciáil slalóim, a dhíríonn ar luas seachas ar léimeanna agus cleasanna, agus chonaic sí go raibh a droim in ann ag an gceann sin.

Tá obair le déanamh aici más léi na Cluichí Oilimpeacha a bhaint amach ach d’fhéadfadh sí céim mhór chun cinn a thógáil ag Corn Clársciála an Domhain an mhí seo.

 

Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Evan Ferguson

Nuair a bhí easpa cúl ag cur as d’fhoireann sacair na hÉireann in 2021, bhí daoine ann a bhí ag iarraidh go dtabharfaí deis do Evan Ferguson, tosach Brighton & Hove Albion. Níl an Baile Átha Cliathach ach 17 bliain d’aois ach tá an-chlú air cheana féin.

D’imir sé do Bohemians den chéad uair nuair nach raibh sé ach 14 bliain d’aois, é ag teacht isteach mar ionadaí i gcluiche dúshláin in aghaidh Chelsea, agus bhí Liverpool sa tóir air ag deireadh 2020. Shocraigh Ferguson dul le Brighton, áfach, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. 

D’imir sé a chéad chluiche do phríomhfhoireann an chumainn mí Lúnasa nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí san EFL Cup agus bhí sé ar an mbinse do chluiche Príomhroinne den chéad uair mí na Nollag. Agus na cluichí ag teacht go tiubh te tapa na laethanta seo, ná déan iontas ar bith má fheictear Ferguson ag imirt do Brighton sa Phríomhroinn go luath. Beidh Stephen Kenny ag coinneáil súil ghéar air.

 

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Siobhán McGrath

Níl Siobhán McGrath ach 20 bliain d’aois ach tá seacht gcluiche ceannais na hÉireann imeartha cheana féin aici, i gcraobhacha idirchontae, clubanna agus tríú leibhéal. Sna seacht gcluiche sin, níor theip uirthi scóráil ach aon uair amháin agus fuair sí 4-16 sna sé chluiche eile.

Ba é cúl McGrath do Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana an scór cinniúnach a spreag an teacht aniar a d’fhág gur bhuadar an chraobh ar Chorcaigh. D’aimsigh McGrath 1-2 sa chluiche ceannais agus í mar chuid de líne lántosaithe den scoth, taobh lena deirfiúr Orlaith agus laoch 2019, Ailish O’Reilly.

Ní hé sin an chéad uair ag McGrath an cúl cinniúnach a scóráil i gcluiche ceannais na hÉireann. Rinne sí an rud céanna i gcluiche ceannais na gclubanna in 2020, cúl a scaoil greim Shleacht Néill ar an gcraobh. Bhuaigh foireann Dhoire faoi dhó ar chumann McGrath, na Sáirséalaigh, i gcluichí ceannais 2017 agus 2018 ach chinntigh cúl McGrath in 2020, agus an t-am caite, go mbeadh an lá leis na Gaillimhigh faoi dheireadh.

Agus an fíormhianach sin léirithe aici ina hóige, tá an chuma ar an scéal go gcoinneoidh McGrath uirthi ag dul i bhfeabhas i ngeansaí na Sáirséalach agus na Gaillimhe i mbliana.

 

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Liam Scales

Thóg sé beagáinín ama ar Liam Scales socrú isteach le Celtic tar éis dó bogadh ó Shamrock Rovers ach tá deiseanna á bhfáil anois aige agus é ag dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta agus lucht tacaíochta na gCeilteach.

Níor imir an lánchúlaí ar chlé ach faoi dhó idir mí Lúnasa agus mí na Nollag, nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí i gcluichí in aghaidh Ferencváros i Sraith Europa. Ach nuair a tugadh a chéad deis dó i bPríomhroinn na Alban, léirigh sé a chumas le cúl iontach in aghaidh Dundee United.

Thosaigh Scales dhá chluiche do Celtic ina dhiaidh sin, in aghaidh Betis agus Ross County agus is cinnte go mbeidh tuilleadh deiseanna aige san athbhliain.

Bhí Scales, a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste na Mara ar an Inbhear Mór agus a rinne céim sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht in UCD, mar chuid de scuad Stephen Kenny do chluiche na hÉireann in aghaidh na hAsarbaiseáine anuraidh agus beidh glaoch eile á fháil aige ó Kenny má choinníonn sé air ag dul i bhfeabhas.

Fág freagra ar 'Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2022…'