Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2021…

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2021

Paul Kelly ag imirt do Ghaillimh in aghaidh Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Paul Kelly

Tá scata imreoirí a bhuaigh Craobh Faoi 20 na hÉireann le Gaillimh mí na Nollag a d’fhéadfadh ardú céime a fháil go dtí foireann na sinsear taobh istigh de bhliain nó dhó ach tá tréimhse caite le painéal Phádraic Joyce cheana féin ag Matthew Tierney agus Paul Kelly.

Thug Kelly céim eile chun cinn nuair a thosaigh sé sa chluiche craoibhe in aghaidh Mhaigh Eo agus cé gur chaill Gaillimh an lá sin, bhí fear óg Mhaigh Cuilinn ar fheabhas. Sheas sé an fód i lár páirce do na ciceanna amach agus scóráil sé pointe breá sa chéad leath nuair a bhí scór ag teastáil go géar ó Ghaillimh.

Tá deartháir Kelly, Seán, ar fhoireann shinsir na Gaillimhe le roinnt blianta anuas agus cuid mhaith de na tréithe céanna acu. Sárimreoirí cispheile iad an bheirt acu agus bíonn sin le feiceáil agus iad ag breith ar an liathróid san aer nó ag tabhairt pasanna láimhe tapa uathu. Tá an-teacht aniar iontu chomh maith.

Imreoir Átha Cliath Lee Gannon. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Lee Gannon

Briseadh croí a bhí ann do Lee Gannon nuair a chlis ar pheileadóirí Átha Cliath i gcluiche ceannais Chraobh Faoi 20 na hÉireann mí na Nollag. Bhí an cosantóir ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar fhoireann Átha Cliath an lá sin agus is cinnte go bhfeicfear Gannon ag imirt i bPáirc an Chrócaigh arís sna blianta amach romhainn.

Tá an t-imreoir ó chumann Cholmcille Fhionnbhrú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath láidir, aclaí agus díograiseach. Agus é ina amhras an mbeidh Jack McCaffrey ag filleadh ar fhoireann shinsir Átha Cliath in 2021, bí cinnte go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag Dessie Farrell ar Gannon.

D’fhéadfadh Gannon dul le hiománaithe an chontae chomh maith. Bhí sé ar phainéal Mattie Kenny in 2019 cé nach raibh sé ach 19 bliain d’aois.

Ellen Molloy. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Ellen Molloy

Meastar go bhfuil Ellen Molloy ar dhuine de na himreoirí óga sacair is fearr sa tír agus súil ann go mbeidh sí in ann tógáil ar an mbliain iontach a bhí aici in 2020. Ní bheidh Molly sé bliana déag go dtí mí an Mheithimh, ach tá dhá chluiche imeartha aici cheana féin d’fhoireann shinsir na hÉireann.

Thug an bainisteoir Vera Pauw isteach sa scuad í do chluichí cáilithe an fhómhair agus d’imir Molloy a céad chluiche d’Éirinn in aghaidh na hÚcráine. Tháinig sí isteach mar ionadaí arís in aghaidh na Gearmáine mí na Nollag.

Tá Molloy, a imríonn do Wexford Youth, ábalta imirt áit ar bith i measc na dtosaithe agus tá coisíocht iontach aici. Roghnaíodh í mar Imreoir Óg na Bliana ag deireadh na sraithe in 2020 agus má leanann sí uirthi ag feabhsú mar atá beidh tuilleadh gradam aici sula i bhfad.

Nhat Nguyen. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Nhat Nguyen

D’fhág paindéim an Covid-19 go mbeidh ar Nhat Nguyen fanacht tamall eile leis na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo ach ba cheart go bhfaigheadh sé a dheis an samhradh seo. Tá a fhios ag an saol nach bhfuil Éire i measc na mboc mór ó thaobh an bhadmantain ach tá an-mheas ar Nguyen, a bhuaigh bonn cré-umha ag Craobhacha Sóisir na hEorpa in 2017.

Ní raibh Nguyen ach sé bliana d’aois nuair a bhog sé go hÉirinn ó Vítneam agus tar éis dóibh seal a chaitheamh i gcontae an Chabháin bhog Nguyen agus a mhuintir go dtí Baile Átha Cliath.

Rinne Scott Evans gaisce sa chomórtas badmantain ag na Cluichí Oilimpeacha in 2016. Ba é an chéad fhear riamh ón tír seo a bhuaigh cluiche ag na Cluichí Oilimpeacha agus chuaigh sé ar aghaidh go dtí babhtaí an 16. Deir Nguyen, atá 20 bliain d’aois, go bhfuil an sprioc chéanna aige féin.

Craig Casey ag imirt do Chúige Mumhan in aghaidh na Dragons. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Craig Casey

Tá grúpa imreoirí óga tar éis dul chun cinn iontach a dhéanamh le foireann rugbaí na Mumhan in 2020. Tá leithéidí Ben Healy, Josh Wycherley, Gavin Coombes, Fineen Wycherley agus Craig Casey tar éis feabhas mór a chur ar fhoireann Johann van Graan agus ba chóir go mbeidís ag imirt don chúige ar feadh i bhfad.

Tá an-mholadh faighte ag Casey go háirithe agus taispeántais den scoth tugtha aige mar leathchúlaí clibirte. Imreoir beag tapa é Casey agus thug sé an-fhuinneamh don fhoireann nuair a bhí Conor Murray ag imirt d’Éirinn. Tá Murray anois faoi bhrú a áit ar an bhfoireann a choinneáil.

Tugadh deis do Casey seal a chaitheamh ag traenáil le foireann na hÉireann i rith an fhómhair chomh maith. Muimhnigh a bhí ag imirt mar leathchúlaithe clibirte leis an bhfoireann náisiúnta le nach mór 20 bliain agus d’fhéadfadh go mbeadh Muimhneach eile le feiceáil sa gheansaí sin sna blianta amach romhainn má choinníonn Casey air.

Fág freagra ar 'Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2021…'