Cúigear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2018’

Vóta poiblí a shocróidh cén duine den chúigear atá ar an ngearrliosta don ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2018’  a bhfuil faoi aitheantas a thabhairt do dhaoine óga atá ag obair sna meáin

Cúigear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2018’

Tá triúr ban agus beirt fhear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge don duais ‘Réalta Óg na Bliana’ a bhronnfar ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Is iad an cúigear a bheas ag dul san iomaíocht don duais i mbliana,  Niamh Ní Chróinín, láithreoir agus bainisteoir Raidió RíRá, Damien Ó Dónaill, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, an blagálaí agus scríbhneoir Ciara Ní É,  Doireann Ní Ghlacáin, a chuir Fleadh TV i láthair i mbliana ar TG4 agus Eoghan Ó Loideáin, láithreoir na sraithe Dochreidte Gan Dabht a chraoltar ar TG4.

Beidh deis ag an phobal arís i mbliana vóta a chaitheamh le duine den chúigear atá ar an ngearrliosta don ghradam a bhfuil faoi aitheantas a thabhairt do dhaoine óga atá ag obair sna meáin.

Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais, leis na daoine a fuair ainmniúchán ar ghearrliosta Réalta Óg na Bliana.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo.

“Chuireamar tús leis an ngradam seo in 2015 agus is iontach an spreagadh a thugann sé don dream óg atá ag obair in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. Tá éacht faoi leith bainte amach ag gach duine atá ainmnithe agus tá ríméad orainn san Oireachtas an t-aitheantas ceart a thabhairt dóibh,” a dúirt Liam Ó Maolaodha.

Is í Sláine Ní Chathalláin a thug léi an duais do Réalta Óga na Bliana anuraidh.

Fógraíodh gearrliosta Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2018 an tseachtain seo caite agus beidh buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a fhógairt ar an mhí seo chugainn.

Beidh an gradam do Réalta Óga na Bliana i measc na naoi ngradam a bhronnfar ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, a bheidh ar siúl ar siúl san INEC i gCill Airne ar an 31 Deireadh Fómhair, le linn Oireachtas na Samhna.

Bronnfar gradam nua i mbliana, an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta.

Ní bheidh aon ghradam á bhronnadh i mbliana don suíomh idirlín is fearr ná ní bheidh aon ghradam ann a bheidh dírithe go sonrach ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cúigear ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana 2018’'

  • Maire

    Eoghan O Loideáin

  • Linus

    Eoghan O Loideain

  • An Teanga Bheo

    bhfuil aois i gceist leis seo ? céard é abheith óg inniu ??????