Cúigear ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar – iarrthóir i ndeisceart Chonamara ina measc?

Iarracht ar bun le hiarrthóir a fháil i ndeisceart Chonamara a bheadh i dteannta an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, taobh thiar den Choirib

2/3/2012 Fianna Fail Ard Fheis
Micheál Martin agus Mary Corbett-Joyce. Pictiúr: Photocall Ireland

Tá brú ag teacht ó chuid d’eagraíocht Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar go mbeadh cúigear san iomaíocht acu sa gcéad Olltoghchán eile.  Níl ceanncheathrú an pháirtí ar aonfhocal leis an leagan amach sin faoi láthair agus triúr iarrthóirí atá ar intinn acusan. 

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil cuid den eagraíocht go háitiúil ag meabhrú don cheannasaíocht gur mo seans a bheadh ag Fianna Fáil ar dhá shuíochán i nGaillimh Thiar dá gcuirfí cúigear iarrthóirí ag obair go stuama.

Mar chuid den ‘stuaim’ sin, tuigtear go bhfuil iarracht ar bun le hiarrthóir a fháil i ndeisceart Chonamara – sin iarrthóir a bheadh i dteannta an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív taobh thiar den Choirib. 

Creideann an dream atá i bhfabhar straitéis na gcúig iarrthóirí go dteastaionn beirt i gcathair na Gaillimhe; ní fheiceann siad go bhfuil aon duine amháin acu sa gcathair atá sách láidir ar a aghaidh féin. 

Ceaptar gurb í an Comhairleoir Mary Hoade a roghnófar mar iarrthóir taobh thoir den chathair – bíodh triúr no cúigear san iomaíocht ag Fianna Fáil.

Má chuireann Fianna Fáil cúigear san iomaíocht, caithfear beirt bhan, ar a laghad, a bheith acu. Cé go bhfuil fógra tugtha ag Mary Corbett-Joyce as an gClochán go mbeidh sise ag iarraidh ainmniúcháin, ceaptar nach bhfuil an tíreolaíocht ag teacht leis an roghnú “stuama” ar na hiarrthóirí. Bheadh sé chomh dóigh céanna go mbeifí sa tóir ar iarrthóir ban i ndeisceart Chonamara.

Pé acu an gcuideodh an straitéis don chúigear le mianta Fhianna Fáil don dara suíochán – nó nach gcuideodh – tá eireabaillíní eile ar an scéal. Is cinnte go gcuirfeadh iarrthóir réasúnta láidir de chuid Fhianna Fáil ó dheas dris chosáin roimh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin). 

Ní fheilfeadh sin dó agus fiach láidir ag na Teachtaí Dála, Éamon Ó Cuív, Seán Kyne agus an Seanadóir Ó Clochartaigh féin ar vótaí i gConamara. 

Ce go gcaillfeadh an Teachta Ó Cuív riar vótaí uimhir a hAon i ndeisceart Chonamara dá mbeadh iarrthóir eile de chuid an pháirtí ansin, tá mar bhuntáiste i gcónaí aige go bhfuil réimse nua aige i ndeisceart Mhaigh Eo atá istigh anois le Gaillimh Thiar.

Níl dáta an choinbhinsiúin i nGaillimh Thiar socruithe ag Fianna Fáil fós ach meastar gur sa mBealtaine a bheidh sé ann.

Fág freagra ar 'Cúigear ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar – iarrthóir i ndeisceart Chonamara ina measc?'