Cúige Mumhan ag súil go seasfaidh a stair in aghaidh na nAll Blacks leo

Casfaidh Cúige Mumhan inniu ar fhoireann idirnáisiúnta den chéad uair ó 2008 nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an Afraic Theas

Cúige Mumhan ag súil go seasfaidh a stair in aghaidh na nAll Blacks leo

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Mumha V An Afraic Theas – Páirc Uí Chaoimh

Tá traidisiún fada ag Cúige Mumhan dúshlán a thabhairt d’fhoireann idirnáisiúnta na Nua-Shéalainne.  Téann sin siar chomh fada le 1905 nuair a d’imir Mumha i gcoinne na ‘Original All Blacks’, an chéad fhoireann ón tír sin a thug cuairt le haghaidh cluichí taobh amuigh dá limistéar féin. Ba é David Gallagher, fear de bhunadh Ráth Mealtain i dTír Chonnail a bhí mar chaptaen ar fhoireann na Nua-Shéalainne, foireann a bhuaigh 33  0 i gcluiche a imríodh os comhair trí mhíle duine sa Markets Field i Luimneach ar an 28 Samhain 1905. Dála an scéil, tugtar ‘athair na nAll Blacks’ ar David Gallagher, fear a maraíodh sa gcéad chogadh domhanda.

Níor chas Mumha ná na hAll Blacks ar a chéile arís go dtí 1954 nuair a d’imir siad a chéile sa Mardyke [Páirc na Mairdíge] i gCorcaigh ar an 13 Eanáir. Ní raibh ach trí phointe idir na foirne ag deireadh an chluiche ach bhí an lá 6-3 leis na cuairteoirí.

Ar an 11 Nollaig 1963 thug na foirne seo faoina chéile don tríú babhta i gcluiche a chríochnaigh leis an scór céanna 6-3 arís i bhfabhar na nAll Blacks agus iad ag tabhairt a gcéad chuairt ar Pháirc Thuamhan. Cothrom, 3 pointe an taobh, a chríochnaigh na foirne nuair a chas siad ar a chéile ar an 16 Eanáir 1973 agus iad ag imirt ar Pháirc Musgrave i gCorcaigh. Bliain ina dhiaidh sin thug siad faoina chéile arís ar an 9 Samhain 1974 agus na hAll Blacks ag tabhairt a ndara cuairt ar Pháirc Thuamhan ach ba leis na cuairteoirí an ócáid. 14-4 an toradh a bhí ann.

Ceithre bliana ina dhiaidh sin d’fhill na hAll Blacks ar Pháirc Thuamhan le linn dóibh turas buacach seacht gcluiche a thabhairt ar an limistéar seo. Ar an 31 Deireadh Fómhair 1978, os comhair 12,000 duine, fuair Cúige Mumhan an ceann is fearr ar an bhfoireann rugbaí ab fhearr ar domhan leis an scór 12-0. Dála an scéil, ba iad Mumha an chéad fhoireann ón tír seo a fuair an ceann is fearr ar na hAll Blacks, an fhoireann idirnáisiúnta sin againne san áireamh. Is cinnte gurbh é sin an eachtra ab iontaí a tharla ar an bhfód naofa rugbaí sin ariamh.

Thug na hAll Blacks an lá leo arís 31-9 ar an 11 Samhain 1989 nuair a d’imir siad den dara huair ar Pháirc Musgrave.

Ar an 18 Samhain 2008, ba bheag nár bhain foireann na Mumhan, a bhí d’uireasa deichniúr dá gcuid imreoirí idirnáisiúnta, geit as na hAll Blacks. Ar ócáid oscailte oifigiúil na Staide nua i bPáirc Thuamhan agus ócáid cheiliúrtha tríocha bliain ó bhua na Muimhneach i 1978, ní raibh ach trí phointe idir na foirne. 16-13 ar son na nAll Blacks, an scór a bhí ann ag deireadh an ochtó nóiméad.

Níor chas Mumha ar aon fhoireann idirnáisiúnta ón lá sin in 2008 ach in 2016 thug siad dúshlán na Maori All Blacks ar an 11 Samhain ar fhód Thuamhan i gcluiche a bhuaigh foireann an bhaile 27-14.

Inniu den chéad uair ariamh tabharfaidh foireann na Mumhan dúshlán d’fhoireann idirnáisiúnta nach as an Nua Shéalainn dóibh. Ar Pháirc CLG Uí Chaoimh anocht tabharfaidh Cúige Mumhan faoin Afraic Theas, curaidh rugbaí an domhain, os comhair 45,000 duine ar ócáid iontach spóirt eile.

Is mór an trua nach bhfuil cluiche ná imirt na Mumhan mar a bhíodh tráth.  Mar sin féin ní féidir tábhacht ná stair na hócáide a shéanadh ná go deimhin ní cóir neamhaird a dhéanamh de thraidisiún ná spiorad na Mumhan ach oiread.

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan ag súil go seasfaidh a stair in aghaidh na nAll Blacks leo'