Cúige Laighean ag súil le feabhas

Don dara huair in imeacht sé lá tabharfaidh foirne na gcúigí aghaidh ar a chéile

Matt O'Connor á cheistiú ag na meáin níos luaithe inniu. Matt O'Connor  ©INPHO/Ryan Byrne
Matt O’Connor á cheistiú ag na meáin níos luaithe inniu. 
©INPHO/Ryan Byrne

Beidh Cúige Chonnacht sa mbaile ar an mBóthar Beag tráthnóna agus iad ag féachaint lena gcuriarract sa mbaile faoi stiúir Pat Lam ó thús an tséasúir seo, a chosaint.

Is cinnte go gceapann a lucht leanta dílis go bhfuil seans acu i gcoinne na Muimhneach agus é  fógartha nach bhfuil spás at bith fágtha sna seastáin ón Satharn seo caite. Más faoi Chúige Chonnacht leanacht orthu ag buachtáil sa mbaile beidh orthu foireann a bhí thar a bheith eagraithe, snasta agus míthrócaireach sa gcluiche deiridh a d’imir siad sa bPro 12 a chloí.

Don dara babhta le linn an tséasúir seo náirigh na Muimhnigh Cúige Laighean. Ní raibh gné ar bith den imirt nach raibh an lámh in uachtar acu ar fhoireann a bhí gan aon mhisneach, gan treoir.  Má éiríonn le Cúige Mumhan  imirt  chomh maith i nGaillimh tráthnóna, tá an baol ann go mbeidh fir an Iarthair i dtrioblóid.

Fós féin, tá an ceart ag lucht leanta Chonnacht dóchas a bheith acu. Ach an oiread le Cúige Mumhan, bhí na Connachtaigh iad féin eagraithe agus iad ag imirt ina gcluiche deireannach féin le plean a bhí leagtha amach go stuama ag Lam. Bhí an-mí-ádh orthu nár bhuaigh siad i gcoinne Chúige Uladh i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite. Ach d’éirigh leo pointe bónais cailliúna (Cúige Uladh 13 – Cúige Chonnacht 10) a fháil mar sin féin. D’fhéadfaí ‘toradh’ a thabhairt air sin ar bhealach, go háirithe agus iad as baile.

Ar an Satharn beag seo, beidh Cúige Laighean ar a ndícheall ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart tar éis na cuairte mí-adhmharaí ar Pháirc Thuamhan. Sa mbaile san RDS a bheas Cúige Laighean agus iad ag tabhairt aghaidh ar na hUltaigh, ach má theipeann orthu arís an deireadh seachtaine seo is cinnte go mbeidh post an chóitseálaí Matt O’Connor i mbaol, sin muna bhfuil ceist ina thaobh cheana féin.

Caithfidh  na Laighnigh athrú iomlán a dhéanamh don chluiche seo.  Má leanann siad leis na bpatrún céanna  a bhí acu i Luimneach, seans go mbeidh an lá leis na cuairteoirí. Is fiú a mheabhrú gur ag na Laighnaigh atá an líon is mó imreoirí ar an bpainéal idirnáisiúnta nach raibh ar fáil do chluiche Lá L’Stiofáin. Ba cheart go mbeidh fáil arís ag O’Connor orthu don chluiche seo, rud a chuirfeas go mór lena chás, go háirithe agus leathshúil aige ar Chorn na gCuradh, sraith a bheas linn faoi cheann cúpla seachtain.

Cé go mbeidh na hUltaigh ag imirt freisin i mbabhta a Cúig de Chorn na gCuradh, is beag an seans atá acu áit a aimsiú sna cluichí ceathrú ceannais. Fágann sin gurb é an comórtas Pro 12 an t-aon seans atá acu ar chorn ar bith ag deireadh an tséasúir seo. Tabharfaidh sé sin spreagadh iontach dóibh.

 

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag súil le feabhas'