Cúige Laighean ag seasamh an fhóid d’Éirinn san Eoraip

Agus na cúigí eile go léir díbeartha as na comórtais Eorpacha tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar na Leicester Tigers

Cúige Laighean ag seasamh an fhóid d’Éirinn san Eoraip

Leo Cullen. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Agus go tobann ní raibh ach cúige amháin fós ag imirt in aon chomórtas Eorpach. Ní hamháin nár éirigh le haon fhoireann ón tír seo a bhí ag imirt as baile i gCorn na gCuradh agus Corn an Dúshláin ag an deireadh seachtaine an ceann is fearr a fháil ar an bhfreasúra ach fuair na trí chúige sin greadadh agus iad ar an mbóthar.

Is beag a thug seans do na Muimhnigh agus iad as baile i gcoinne na Sharks. D’éirigh leo cúig úd a aimsiú ach chláraigh foireann na hAfraice Theas leathchéad pointe agus seacht n-úd, agus a gcuid láidreachta, fisiciúlachta, scile agus tallainne léirithe acu.

Tharla an rud céanna do na hUltaigh, foireann a bhí rólag in ainneoin tréan-iarracht i gcoinne Chúige Laighean i Staid Aviva. Bhí scór dúbailte idir na foirne ag deireadh an chluiche (30-15) agus Cúige Laighean ag fáisceadh a ngreim ar an stádas atá tuillte acu mar an fhoireann is fearr sa tír seo. Theip ar Chúige Chonnacht freisin agus iadsan as baile i gcoinne Treviso agus iad ag imirt i gCorn an Dúshláin, an comórtas sóisearach. Ciallaíonn na torthaí sin go bhfuil scíth ag Cúige Mumhan, Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo sula ndíreoidh siad go hiomlán ar an gcúpla cluiche atá fós le himirt san URC.

Ní hionann an cás ag Cúige Laighean, foireann a bheas ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais Chorn na gCuradh anocht. Níor chaill Laighin aon chluiche in aon chomórtas fós an séasúr seo, rud a chiallaíonn gur acu atá buntáiste an bhaile gcoinne na Leicester Tigers san Aviva anocht. Tá na Tigers sa tríú háit i ndianchomórtas Shasana, an Gallagher Premiership. Chaill Leicester seacht gcluiche agus bhí siad cothrom babhta amháin as ocht n-iarracht déag sa gcomórtas sin go dtí seo.

Ní haon iontas dá bhrí sin gurb iad Cúige Laighean rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach ag an am céanna is fiú a mheabhrú nach raibh ach sé lá réitigh ag foireann Átha Cliath don chath seo. Bhí seacht lá ag Leicester. Ní dóigh go ndéanfaidh sé mórán difir i mo thuairimse. Ní fiú do Chúige Laighean a bheith ag caint faoin gcraobh seo mura bhfuil siad in ann leithéidí Leicester a láimhseáil, go háirithe agus buntáiste an bhaile acu. Mar sin féin, ní haon iontas go bhfuil Leo Cullen ag cur a chéad rogha imreoirí aclaí chun páirce anocht. Tubaiste a bheadh ann dá dteipfeadh orthu ag an tráth seo.

Ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin anocht.

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag seasamh an fhóid d’Éirinn san Eoraip'