Cúige Laighean ag déanamh ar a dtríú craobh Pro 14 as a chéile 

Bí ag súil le tréan iarracht ó Chúige Uladh ach bí ag súil freisin go mbeidh Cúige Laighean róchliste dóibh

Cúige Laighean ag déanamh ar a dtríú craobh Pro 14 as a chéile 

Bhí dhá chúis iontais ag baint leis an dá chluiche leathcheannais sa bPro 14 a imríodh an deireadh seachtaine seo caite.

Sa gcluiche ar an Aoine idir Chúige Laighean, na curaidh,  agus Cúige Mumhan, bhí chuile dhuine thar a bheith díomách maidir le cur chuige fhoireann Luimnigh. Theip ar na Muimhnigh sa chluiche go léir imirt chruthaitheach de chineál ar bith a dhéanamh. Ní raibh oiread agus ócáid amháin sa gcluiche inar éirigh leo dul i ngaobhar de líne úid na Laighneach.

Is leor a rá gur tháinig imreoirí an Airm Dheirg go Baile Átha Cliath agus iad gan plean. Ní raibh aon uaillmhian acu. Cúis imní agus náire do dhream a bhíodh chomh glórach agus trodach tráth.

Sa dara cluiche leathcheannais i nDún Éideann Dé Sathairn ba chúis mhór iontais cé chomh hiomaíoch agus uaillmhianach a bhí na hUltaigh a fuair an ceann is fearr ar fhoireann an bhaile. Chonacthas imirt chrua agus chruthaitheach ó na hUltaigh nár facthas uatha i mbabhtaí 14 ná 15. Chinntigh an bua sin nach raibh súil ar bith leis gurb iadsan a bheas ag cur chun páirce i gcoinne Chúige Laighean i gcraobh an Pro 14 sa Staid Aviva anocht.

Mar sin féin agus in ainneoin nár cuireadh tástáil cheart ar na Laighnigh agus go ndearna sár- Cúige aiséirí iontach i gcoinne Dhún Éideann is deacair toradh ar bith a thuar seachas an tríú bua as a chéile i gcraobh an Pro 14 do na Laighnigh.

Cuimhnigh go raibh bua 28- 10 ag foireann dara rogha Laighean ar chéad rogha Uladh coicís ó shin. Cé nach bhfuil Leo Cullen ag cur a chéad rogha imreoirí ar fad chun páirce anocht tá foireann níos láidre á chur amach aige i gcoinne Chúige Uladh ná mar a rinne sé coicís ó shin.  Beidh leathshúil ag Leo ar chluiche ceathrú ceannais Chorn na gCuradh i gcoinne na Scarlets faoi cheann seachtaine agus seans dá bhrí sin go dtógfadh sé leithéidí James Ryan, Devin Toner, Garry Ringrose agus Robbie Henshaw ón bpáirc chomh luath agus a bheas bearna sách mór ag Cúige Laighean ar chlár an scóir.

Níl mise cinnte an bhfuil an cumas ná na himreoirí ag Cúige Uladh chun cur as don phlean sin. Beidh fir Bhéal Feirste iad féin ag imirt i mbabhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine. Is as baile i gcoinne Toulouse na Fraince a bheas an cluiche sin agus is deacair teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans ar bith do na hUltaigh. Fágann sin gurb é cluiche an lae inniu an seans is fearr atá acu greim a fháil ar aon chorn, go háirithe agus Cullen ag tabhairt scíth do chúpla imreoir ardchaighdeáin.

Bí ag súil le tréan iarracht ó Chúige Uladh ach bí ag súil freisin go n-imreoidh Cúige Laighean cluiche cliste. Tiocfaidh Cúige Laighean slán ó aon bhrú a chuirfear orthu gan imreoirí a chur i mbaol a ngortaithe. Déanfaidh siad a ndóthain ar éigean le bua a chinntiú díreach mar a rinne siad sa gcluiche leathcheannais. Bhí dul amú orm an deireadh seachtaine seo caite nuair a cheap mé nach mbeadh na hUltaigh sách maith le háit a bhaint amach i gcluiche ceannais an lae inniu. Anois agus leithscéal sin gafa agam seans go mbeidh orm ceann eile a ghabháil an tseachtain seo chugainn. An tríú craobh Pro 14 as a chéile do Chúige Laighean.

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag déanamh ar a dtríú craobh Pro 14 as a chéile '