Cúige Chonnacht lán de mhisneach agus de dhóchas

Is deacair gan bua a shamhlú do Chúige Chonnacht i nGaillimh an Aoine bheag seo agus ba cheart go mbeadh an lá le Cúige Laighean i gCaerdydd freisin. Is beag a bheidh le foghlaim ag Cúige Mumhan agus ag Cúige Uladh ón deireadh seachtaine seo, áfach.

Darragh Leader and Mils Muliaina celebrate after the game 1/1/2015
Darragh Leader agus Mils Muliaina ag ceiliúradh a mbua ar Chúige Mumhan an tseachtain seo caite Credit ©INPHO/James Crombie

 

Beidh Cúige Chonnacht sa mbaile ar an mBóthar Beag an Aoine seo don dara seachtain as a chéile, iad lán de mhisneach, de spiorad agus de dhóchas tar éis a mbua iontach i gcoinne na Muimhneach i mbabhta 12 den Pro 12.

Is iad Dún Éadainn na céilí comhraic a bheas acu i gcluiche atá tábhachtach ní hamháin ó thaobh pointí Pro 12 de, ach mar réiteach don chluiche i gcoinne Exeter i gCorn na nDúshlán ar an 18ú lá den mhí seo.

Tá fios maith ag foireann Dhún Éadainn go bhfuil dúshlán ollmhór ag baint lena gcuairt ar pháirc nár chaill Cúige Chonnacht uirthi le fada an lá. Fios acu freisin go bhfuil bearna mhór ocht bpointe idir iad féin agus Cúige Chonnacht ar thábla an Pro 12.

Is deacair, dá bhrí sin, bua a shamhlú do na cuairteoirí i nGaillimh an Aoine seo, go háirithe má chuireann duine stíl nua-aimseartha Chonnacht san áireamh.

Beidh leathshúil freisin ag na cúigí eile ar fad ar Chorn na gCuradh a bheas á imirt faoi cheann seachtaine, ach idir an dá linn, tá orthu ar fad imirt as baile i mbabhta 13 den Pro 12 an Satharn seo.

Tá Cúige Laighean i gCaerdydd i gcoinne foireann atá cúig áit níos ísle ná iad féin ar an tábla, agus má éiríonn leo imirt mar a rinne siad i gcoinne na nUltach san RDS an Satharn seo caite, níor cheart go mbeadh aon stró orthu.

Mar sin féin, beidh a lucht leanta ag súil go mbeidh deis freisin ag Matt O’Connor a chéad rogha foirne a chur chun páirce roimh chuairt Castres na Fraince ar Átha Cliath faoi cheann seachtaine do Chorn na gCuradh.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar na Muimhnigh ná ar na nUltaigh ach oiread agus an dá fhoireann ag taisteal chun na hIodáile le tabhairt faoi Zebra i gcás na Mumhan agus Treviso i gcás Chúige Uladh.

Is fiú a mheabhrú gurb iad Treviso agus Zebra atá ar bhun tábla an Pro 12, i bhfad níos faide siar ná Cúige Mumhan ná Cúige Ulladh, foirne atá sa tríú háit agus sa chúigiú háit faoi seach.

Seans dá bhrí sin nach mbeidh tastáil cheart le fáil don dá chúige ón tír seo sula n-imreoidh siad i mbabhta 5 den chomórtas.

Más tada é, seans gur céim ar gcúl a bheas i gcluiche na deireadh seachtaine seo do dhá fhoireann a bheas ag taisteal as baile faoi cheann seachtaine le aghaidh a thabhairt ar Sharacens Londain i gcás na Mumhan agus Toulon, na curaidh, i gcás na nUltach.

Ní bheidh ach ceacht amháin le foghlaim ag Cúige Mumhan agus ag Cúige Uladh ón deireadh seachtaine seo, sin go bhfuil géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an leagan amach atá ar chluichí an Pro 12.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht lán de mhisneach agus de dhóchas'