Cúige Chonnacht in aghaidh Chúige Laighean rogha na gcluichí san URC

Beidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ag iarraidh an dá thoradh dhiúltacha a fuair siad le coicís a ruaigeadh as a gcuimhne le bua maith sa mbaile

Cúige Chonnacht in aghaidh Chúige Laighean rogha na gcluichí san URC

Seachas cluiche nó dhó a cuireadh ar athlá de bharr Covid-19, is beag nach bhfuil na cosa faoin gcomórtas URC arís agus cluichí Bhabhta 14 den ocht mbabhta dhéag réamhchluichí á n-imirt an deireadh seachtaine seo.

Go dtí seo, tá trí chluiche dhéag imeartha ag an gceithre chúige agus faoi láthair tá na curaidh, Cúige Laighean ar bharr thábla an chomórtais le leathchéad pointe, Cúige Uladh sa dara háit le ceathracha a naoi pointe, Cúige Mumhan sa gceathrú háit le ceathracha a dó pointe agus na Connachtaigh i bhfad siar sa deichiú háit le hocht bpointe is fiche agus baol mór ann nach bhfuil dóthain cluichí fágtha acu chun spás sna cluichí ceathrú ceannais a aimsiú.

Beidh na Muimhnigh ag filleadh anocht óna gcamchuairt dhá chluiche gan bhrabach a thug siad ar an Afraic Theas le tabhairt faoi Benetton na hIodáile i gCorcaigh. Beidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ag iarraidh an dá thoradh dhiúltacha a fuair siad le coicís a ruaigeadh as a gcuimhne le bua maith sa mbaile, rud a bheas súil acu a fháil gan mórán stró. Níl ach ceithre chluiche buaite ag Benetton as dhá iarracht déag go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil siadsan sa dara háit déag ar an tábla. Bua baile eile do na Muimhnigh i mo thuairimse fiú agus iad d’uireasa a gcuid imreoirí idirnáisiúnta.

Amárach, tabharfaidh na hUltaigh faoi na Stormersfoireann atá sa seachtú háit ar an tábla san Afraic Theas. Beidh na Stormers ag súil le chuile bhuntáiste a bhaint as imirt sa mbaile díreach mar a tharla i gcás Chúige Mumhan le linn a gcuairte ar an Afraic Theas, rud a fhágann go bhfuil drogall ormsa toradh a thuar.

Seans gurb é an cluiche idirchúige idir Connachta agus Laighin a bheas á imirt ar an mBóthar Beag tráthnóna amárach an rogha i measc chluichí na deireadh seachtaine. Dar ndóigh ní bheidh fáil ag na cuairteoirí, na curaidh Cúige Laighean, ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta a d’imir an deireadh seachtaine seo caite, don choimhlint seo rud a thugann splanc dhóchais d’fhoireann an bhaile. Mar sin féin tá dúshlán ollmhór roimh na Connachtaigh, foireann atá ag iarraidh filleadh ar na bunscileanna imeartha a thréig iad le cúpla cluiche anuas. Is fiú a mheabhrú go mbeidh an dá fhoireann seo ag tabhairt faoina chéile faoi thrí  sa mí atá amach romhainn.

Bheadh bua i gcluiche an lae amárach an-tábhachtach d’fhoireann Andy Friend, cé go bhfuil amhras orm fúthu. Ní bheidh sé éasca acu.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht in aghaidh Chúige Laighean rogha na gcluichí san URC'