Cúige Chonnacht ag súil le toradh níos fearr i mbliana

Agus Covid-19 ag cur isteach ar chluichí an Pro 14 beidh aird ar leith ag daoine inniu ar Chúige Chonnacht in aghaidh Chúige Uladh

Cúige Chonnacht ag súil le toradh níos fearr i mbliana

Beidh Cúige Chonnacht ag tabhairt faoi na hUltaigh ar an mBóthar Beag inniu agus iad ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar an  ngreadadh 35-3 a fuair siad an t-am seo anuraidh. Is i mBéal Feirste a bhí an cluiche sin ar siúl agus ach an oiread leis na Muimhnigh tá na Connachtaigh ag imirt i bhfad níos fearr faoi láthair ná mar a bhí siad anuraidh. Níl sé éasca toradh an chluiche seo a thuar, cé gur fiú a mheabhrú go bhfuil buntáiste trí nó sé phointe ag baint le himirt sa mbaile. Beidh le feiceáil an mbeidh foireann na Gaillimhe in ann aon leas a bhaint as sin, ach bí ag súil le sárchluiche mar a bhíonn go hiondúil idir na foirne seo.

Bhí  neart éiginnteachta ag baint le himirt an chluiche seo.  Bhí agus tá go leor daoine fós den bharúil gur cheart é a chur ar athlá de bharr na dianghlasála i dTuaisceart Éireann.  Ach chinn foireann bainistíochta an Pro 14 nach raibh aon bhaol go scaipfí Covid dá n-imreofaí é. B’fhéidir go bhfuil an ceart acu ach is cinnte nach bhfuil an cinneadh ag teacht le sprid na rialacha.

Roimh theacht an Covid-19 ní bhíodh sé éasca ariamh teacht ar thicéad do na cluichí idirchúige a bhíodh á n-imirt thar thréimhse na Nollag agus na hathbhliana. Go deimhin, is minic gurb iad na cluichí sin an teacht isteach airgid is mó a bhíodh ag leithéidí chúigí Chonnacht agus Uladh.  Níl stró ar bith maidir le ticéid i mbliana ámh mar nach bhfuil cead freastal ar na cluichí sna sé chontae fichead agus tá éiginnteacht faoi láthair faoin gcluiche a bheas á imirt i mBéal Feirste ar an dara lá de mhí Eanáir.

Tá an cluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean a bhí le himirt ar fhód Thuamhan tráthnóna inniu curtha ar athló toisc go raibh lucht champa Chúige Laighean ag fanacht ar thorthaí tástálacha don ghalar.

 

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht ag súil le toradh níos fearr i mbliana'

  • Siothrún

    Súil agam nach mbeidh an fhadhb seo fós ann an bliain seo chugainn