Cúige Chonnacht ag súil le leas a bhaint as buntáiste an bhaile

Fágann cúrsaí Covid nach bhfuil againn ach an t-aon chluiche idirchúige ach ba chóir go mbeadh an choimhlint idir Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan sa Ghaillimh

Cúige Chonnacht ag súil le leas a bhaint as buntáiste an bhaile

Is deacair a rá an easpa cluichí nó easpa airgid is mó atá ag cur as do na Cúigí agus muid beagnach leath bealaigh tríd an séasúr rugbaí.

Chinntigh srianta an Covid nach raibh cluiche iomaíoch in aon chomórtas ag Cúige Laighean ón 10 Nollaig, nuair a d’imir siad i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh.  Dé Céadaoin seo caite chuala muid go raibh an cluiche a bhí le n-imirt inniu idir Uladh agus iarchuraidh na hEorpa curtha ar athlá de dheasca Covid a bheith i gcampa na n-Ultach. Cé nach bhfuil cúrsaí baileach chomh dona do na cúigí eile, is fiú a mheabhrú nár éirigh le haon fhoireann ón tír seo imirt i gcluiche Lá’ Fhéile Stiofáin.

Is cinnte go gcuirfidh an easpa ioncaim sin as do phleananna forbartha na bhfoirne amach anseo ach faoi láthair seans gur mó imní atá ar fhoirne bainistíochta na gcúigí ar fad maidir leis an easpa cluichí iomaíocha, go háirithe agus Babhta 3 de Chorn na gCuradh linn faoi cheann coicíse, sin má tharlaíonn sin.

Tá bainistíocht an IRFU sa mbád céanna agus an comórtas Sé Náisiún linn faoi cheann cúpla seachtain, gan trácht ar na h-imreoirí ar fad atá ag iarraidh cás a dhéanamh dóibh féin don chomórtas céanna. Ina measc siúd tá Jack Cary Chonnacht, imreoir atá ag imirt ar fheabhas le cúpla seachtain agus atá dírithe ar áit a fháil ar ais ar phainéal idirnáisiúnta na tíre.

Cuireann sin ar fad le tábhacht an t-aon cluiche idirchúige atá á imirt inniu, idir Connacht agus Mumhan, i mBabhta 9 den URC thiar ar an mBóthar Beag.

Tráthnóna inniu cuirfidh na Connachtaigh fáilte go Gaillimh roimh na Muimhnigh, foireann bhfuil ceithre chluiche as cúig cinn buaite acu go dtí seo san URC, i gcomparáid leis an trí bhua as seacht gcinn atá ag foireann an iarthair. 

Chas na foirne seo ar a chéile i Luimneach ar an 16 Deireadh Fómhair agus thug foireann an bhaile an lá leo, ar éigin.  Ní raibh ach ceithre phointe idir na foirne ag an deireadh agus an bua an Cúige Mumhan, 20-16, a bhuíochas le cúpla cinneadh aisteach agus conspóideach a rinne an réiteoir.

Ag feabhsú agus ag treisiú atá na Connachtaigh ó shin, rud a thabharfas dóchas agus misneach dóibh agus iad sa mbaile inniu. Tá drogall ormsa toradh a thuar i gcoimhlint ina mbeidh go leor ag brath ar chruinneas an chiceálaí chomh maith le féin-smacht na n-imreoirí ar fad.

Ní ghéillfidh ceachtar taobh oiread agus orlach don fhreasúra, rud a fhágann go bhfuil bunábhar iontach againn d’fhéasta  iontach rugbaí tráthnóna. Beidh dianiomaíocht ann ón tús agus I gcluiche mar seo d’fhéadfadh spreagadh an lucht tacaíochta tionchar a imirt ar chúrsaí, rud a chuireann leis an mbuntáiste atá ag na Connachtaigh.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnacht ag súil le leas a bhaint as buntáiste an bhaile'