Cúig rud a rith liom faoi sceideal fómhair TG4…

Tá samhradh na teochta curtha dínn, na leanaí fillte ar an scoil agus sinn ar fad ag tiargáil don dúluachair. Agus é ag pleanáil dos na hoícheanta fada ar an gcúits, caitheann ár léirmheastóir teilifíse súil ar sceideal fómhair TG4…

Underdogs

Filleadh na seanfhondúirí

Deirtí riamh go raibh an baol ann nach mbeadh i TG4 ach ‘láthair traenála’ do na mórchainéil agus go sciobfaí plúr na gcraoltóirí uathu a luaithe agus a bheadh a bprintíseacht istigh. A mhalairt atá ag tarlú anois is cosúil agus an t-uan ag filleadh ar an áit a bhfuair sé bainne. Tá Dáithí Ó Sé ar ais sa cheárta as ar tháinig sé, tá Hector siúlach chugainn arís le sraith eile dá scéalta taistil agus tá aiséirí déanta ag na Underdogs tar éis deich mbliana ar an bport. Sraith comhrá stiúideo 20 clár é Seal le Dáithí in mbeidh fear Charracháin ag cur cainte ar aíonna difriúla. Is beag áit ar dhromchla na cruinne nach bhfuil siúlta ag Hector do TG4 ó agus dá bharr beidh ar fhear na Mí dul ó thuaidh go Siberia dá shraith nua. ’Siad Ray Silke, Paul Galvin agus Valerie Mulcahy atá earcaithe le tabhairt faoin tsraith nua Underdogs, táirge a chuir Kieran Donaghy os comhair an tsaoil, murar leor sin mar ghaisce.

Opry an Iúir

Ag rith le brothall maidir le cúrsaí ceoil

Chomhairíos naoi gcinn de sraitheanna/cláracha aonair a bhaineann, go príomha le cúrsaí ceoil agus damhsa. Iad sin ar fad gan trácht ar an gclúdach cuimsitheach ar an Oireachtas. Níl aon chlár acu á ndaoradh agam ach caithfear suntas a thabhairt d’iomadúlacht na saothar sa seánra seo; gach rud ó Glór Tíre agus The Irish Post Country Music Awards chuig gaiscí Choláiste Lurgan agus Samhain Live (craoladh beo a dhéanfar ó oíche Shamhna i nDoire). Is iontach an rud é go leanfaidh an clúdach cuimsitheach ar an Oireachtas, an tSúil Eile sin, agus i dteannta na ngnáthphuirtís beidh Cúl Stáitse agus Lár Stáitse arís againn.

Peil na mBan

… gan trácht ar an spórt

Tá an spórt agus an ceol mar mháithreacha le sceideal an stáisiúin le blianta agus ní taise do 20818/19 é. Tá an tsraith sheanbhunaithe Laochra Gael chugainn arís mar aon leis an ngnáthchraoladh ar chluichí na gclub agus an PRO 14. Togra nua is ea Seó Beo Pheil na mBan, saghas Up for the Match is dócha, ach é ag teacht ó Theach an Ardmhéara agus Dáithí Ó Sé agus Gráinne McElwain i bhfeighil an tí. Tabharfaidh C.L.U.B. aghaidh ar chumainn CLG na tíre, ach dá mhéid an dúil chraosach ag TG4 sa spórt, ní fheicim anseo, ná go deimhin ar aon chainéal eile, aon ní a líonfadh an bhearna a d’fhág an cinneadh ait fáil réidh le Seó Spóirt.

Finné

Traidisiún na gcláracha faisnéise

Bhí an seánra seo tábhachtach don stáisiún riamh agus tá táirgí suimiúla á sluaisteáil chugainn i gcónaí, más go mall féin é ó fógraíodh córas nua na gconarthaí ollsoláthair faoina mbeidh roinnt bheag comhlachtaí ag tabhairt faoi líon mór clár feasta. Cé go bhfuil cúpla bliain ann ó chualamar ar dtús faoin gcur chuige nua seo, agus sinn rómhór i dtuilleamaí athchraoltaí ó shin, is beag clár a bhí againn fós chun breith a thabhairt ar na struchtúir úra. Faightear éachtaint éigin ar chóras nua na gconarthaí ollsoláthair sa sceideal nua le leithéidí Finné. Sraith faisnéise é seo ina mbeidh Orla O’Donnell (céimí eile de chuid an stáisiúin ag filleadh) ag trácht ar scannail agus iomraill cheartais éagsúla. Craoladh an chéad cheann ar an Máirt agus tá teist mhaith air.

Tugtar aitheantas i mblurbaí fógraíochta TG4 don tionchar a bhí/atá ag Netflix ar dhúil an  phobail i gcoirscéalta fírinneacha ar na saolta seo agus ba léiriú sainiúil Murdair Mhám Trasna TG4 féin ar an rath a bhíonn ar an  seánra seo. Ós ag trácht ar Mhurdair Mhám Trasna sinn, is díol suntais é nach bhfuil a mhacasamhail d’fhadscannán faisnéise aonair sa sceideal nua. Is aite fós sin nuair a chuimhníonn tú ar an aird agus an moladh a thuill saothair eile dá leithéid le cúpla bliain anuas, saothair amhail Rocky Ros Muc agus Song of Granite.

An Bronntanas

Teirce na drámaíochta

Tá a fhios agam go bhfuil Cine4 faoi lán seoil, ach fós féin.

Tá a fhios agam go bhfuil scannáin roghnaithe agus €1.2m á dtabhairt dóibh agus is iontach an rud é go bhfuil na fadscannáin seo á ndéanamh (cé gur dócha gur sa phictiúrlann a bheidh siad ar dtús). Ach fós féin, cá bhfuil an drámaíocht sa sceideal nua don té nach spéis leis sobalscéalta Ros na Rún?

Agus Black 47 á léirmheas anseo agam le déanaí, bhíos ag cur díom faoin súp a bhaineas as an ngearrscannán ar a raibh an fadscannán sin bunaithe – An Ranger le TG4. Bhaineas an-thaitneamh riamh as an gcuid is fearr de dhrámaí teilifíse an stáisiúin, idir shraitheanna amhail Corp + Anam agus An Bronntanas agus na gearrscannáin a bhí ina gcuid lárnach de thraidisiún cruthaitheach an chraoltóra Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an drámaíocht costasach agus go gcaithfear fuineadh de réir na mine, ach fós féin…

Fág freagra ar 'Cúig rud a rith liom faoi sceideal fómhair TG4…'

  • Taimín de Bhaldraithe

    Faraor tá i bhfad an iomarca Béarla agus Béarlachas ar chláracha Tg4 le tamall ach go h-áirithe sa sobal dhráma Ros na Rún : shílfeá go gcuirfidh deireadh le so,like,alright,really,oh yeah agus an meall focail Béarla atá le clos go síoraí..agus an oiread de bhuiséid TG4 dhá chaitheadh ar Ros na Rún…ag scriosadh agus ag trúailliú na Gaeilge atá lucht stiúrtha TG4 de réir a chéile!!