Cúig rud a d’fhoghlaim muid ó dheireadh seachtaine lán d’aicsean

Bhí babhta iomlán de na Sraitheanna Allianz Peile agus Iomána ann an deireadh seachtaine seo, chomh maith le cluiche ceannais Chorn Uí Mhuirí sa Mhumhain

Captaein Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Marc Ó Conchúir (ar chlé) agus Briain Ó Beaglaoich (ar dheis) ag glacadh Corn Uí Mhuirí an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: Tom O’Donoghue
Captaein Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Marc Ó Conchúir (ar chlé) agus Briain Ó Beaglaoich (ar dheis) ag glacadh Corn Uí Mhuirí an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: Tom O’Donoghue

Éacht déanta ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne

os cionn ochtú bliain ó bhuaigh foireann Corn Uí Mhuirí ceithre huaier as a chéile ach is é sin go díreach a rinne Pobalscoil Chorca Dhuibhne an deireadh seachtaine seo caite. Bhí bua 1-10 i gcoinne 0-10 acu in aghaidh Choláiste Naomh Proinsias, Baile an Róistigh in athimirt an chluiche ceannais sa Rath Mór.

Is é seo an cúigiú cluiche ceannais as a chéile atá sroichte ag an scoil Ghaeltachta agus gan ag freastal ar an scoil ach thart ar 70 buachaill a bheadh in ann imirt don fhoireann sinsear. Mar sin, tá éacht déanta ag an bPobalscoil.

Is iad Tom Ó Suilleabháin agus Cathal Ó Bambaire, beirt a bhfuil ceithre bhonn Mumhan acu, a bhí ina laochra sa Rath Mór inné, iad ag aimsiú trí phointe an duine ón imirt.

Ní mó ná sásta a bhí Davy Fitzgerald i rith an chluiche i gcoinne Thiobraid Árann an Domhnach seo caite. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Ní mó ná sásta a bhí Davy Fitzgerald i rith an chluiche i gcoinne Thiobraid Árann an Domhnach seo caite. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Deireadh ag teacht le réim Davy Fitzgerald fiú gan na drochthaispeántais

Le trí chluiche imeartha agus gach ceann acu sin caillte acu, níl aon dabht ach go bhfuil iománaithe an Chláir i dtrioblóid i Roinn 1 den tsraith. Tar éis feachtas craoibhe díomách anuraidh, deirtear go bhfuil Davy Fitzgerald faoi bhrú mar bhainisteoir ach fiú mbeadh siad ar bharr an tábla i mbliana, ní bheadh iontas ar aon duine dá mbeadh duine éigin eile i gceannas ar an gClár an bhliain seo chugainn.

Leis an gcur chuige crua achrannach atá aige, ní raibh Fitzgerald riamh chun a bheith ina Seán Boylan, fear a bheadh i gceannas ar feadh na mblianta. Bíonn tiomantas dochreidteag teastáil ó na himreoirí faoi bhainistíocht Fitzgerald agus bíonn sé deacair an iarracht chéanna a thabhairt bliain i ndiaidh bliana, go háirithe nuair atá Craobh na hÉireann buaite ag an gcuid is mó de na himreoirí cheana féin. Éiríónn gach imreoir tuirseach de bheith ag éiseacht leis an nglór céanna tar éis tamaill.

Tommy Walsh, tar éis dó a chúl a scóráil i gcoinne Chorcaigh inné. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tommy Walsh, tar éis dó a chúl a scóráil i gcoinne Chorcaigh inné. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tommy Walsh fós gan ionad ceart i bhfoireann Chiarraí

nár thosaigh Tommy Walsh an cluiche seo do Chiarraí, ní raibh air fanacht i bhfad dá dheis. Chuir Éamonn Fitzmaurice an fear mór chun páirce tar éis 20 nóiméad nuair a bhí na Corcaígh ag déanamh scrios ar Chiarraí.

Tháinig Walsh isteach in áit Bryan Sheehan agus d’fhan sé taobh le Kieran Donaghy sa líne lántosach. D’oibrigh na ‘Twin-Towers’ le chéile chun cúl a aimsiú do Chiarraí ach nuair a d’fhág Anthony Maher an pháirc le gortú ag leath ama, athraíodh Walsh amach chuig lár na páirce.

Bhí Maher agus a chomhghleacaí David Moran go hiontach do Chiarraí anuraidh agus bheadh sé deacair a shamhlú go n-athródh Fitzmaurice anois an bheirt sin chun áit a fháil do Walsh. Tá greim daingean ag Donaghy ar gheansaí 14 agus le James O’Donoghue le teacht ar ais, níl mórán slí ann ach an oiread sa líne lántosach. Agus Colm Cooper le teacht ar ais chomh maith, breathnaíonn sé gurb í áit duine éigin eile ar an líne ndaichead slat atá i mbaol. Seans nach ar an gcliathán is fearr a bhainfí leas ach an oiread as cuid de na buanna is mó atá ag Walsh. Ar ndóigh, d’fhéadfadh gur mar ionadaí a thosódh sé ag tús an tsamhraidh.

Chaill Cill Channaigh imreoir mór le rá eile inné nuair a bhí ar Richie Hogan an páirc a fhágáil le gortú sa dara leath. INPHO/James Crombie
Chaill Cill Channaigh imreoir mór le rá eile inné nuair a bhí ar Richie Hogan an páirc a fhágáil le gortú sa dara leath. INPHO/James Crombie

Níl tobar Chill Chainnigh chomh domhain agus a cheaptar

Nuair a fuair Cill Channaigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i mBabhta 1 gan fáil acu ar leath na n-imreoirí a bhuaigh an chraobh anuraidh, cheap muid uile go raibh buíon imreoirí nua aimsithe ag Brian Cody a bhí  gach pioc chomh maith leis na himreoirí seo a raibh slám boinn Uile-Éireann buaite acu.

Faraor do Brian Cody, dealraíonn sé anois nach bhfuil sé chomh héasca sin do Chill Chainnigh fiú ionadaithe a fháil d’imreoirí cosúil le Henry Shefflin, TJ Reid, JJ Delaney agus Brian Hogan. Ag breathnú ar an bpainéal a bhí ar fáil i gcoinne na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, bhí scata imreoirí ann nach mbeadh aithne orthu taobh amuigh de Chill Chainnigh, ná fiú taobh istigh den chontae i gcás cuid acu!

Beidh Cody d’uireasa imreoirí Bhaile hÉil do bhabhta amháin eile ar a laghad, agus faoin am a thiocfaidh siadsan ar ais, tá gach seans ann gurb ísliú céime a bheidh siad ag iarraidh a sheachaint.

Dean Rock i mbun a chúl a scóráil do Bhaile Átha Cliath i gcoinne Thír Eoghan ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Dean Rock i mbun a chúl a scóráil do Bhaile Átha Cliath i gcoinne Thír Eoghan ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Dean Rock ag teacht I gcoinlíochta  in éagmais Connolly

Agus é ag imirt mar leath-thosach láir, d’aimsigh Dean Rock 1-6 den 1-9 a scóráil Baile Átha Cliath in aghaidh Thír Eoghain an Satharn seo caite. Tá 1-20 anois scóráilte ag Rock sa cheithre chluiche sraithe go dtí seo.

Fuair Rock áit ar phainéal Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 2013 tar éis dó Baile Munna a stiúradh chuig cluiche ceannais na gclub an t-earrach sin. D’fhág Jim Gavin ar an mbinse é den chuid is mó den samhradh sin ach bhí an-tionchar aige ar an imirt aon uair a tháinig sé isteach. Tar éis bliain dhíomách i 2014, is leir go bhfui Rock ag iarraidh áit sheasta sa chéad 15 a bhaint amach i mbliana.

Agus Diarmuid Connolly in easnamh go dtí seo, tugadh ról lárnach do Rock sa líne leath-thosach agus tá ag baint an-leas as. Is beirt imreoirí iad Rock agus Connolly atá cosúil lena chéile sa chaoi a n-imríonn siad agus beidh sé suimiúil a fháil amach an mbeidh siad in ann oibriú lena chéile i rith an tsamhraidh.