Cúig rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na sraithe an deireadh seachtaine seo

Cuireadh tús leis an tSraith Peile Náisiúnta an deireadh seachtaine seo agus breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na ceachtanna a d’fhoghlaim muid ó Bhabhta 1

Imreoir Chiarraí, Tommy Walsh, ag streachailt agus gortú ag cur as dó sa chluiche i gcoinne Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Imreoir Chiarraí, Tommy Walsh, ag streachailt agus gortú ag cur as dó sa chluiche i gcoinne Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ciarraí ag mothú uathu scileanna Donaghy

Fiú agus an moladh uile a fhaigheann siad maidir lena scil agus a gcumas i mbun seilbh na liathróide, is minic a bhaineann foirne Chiarraí úsáid as an modh díreach chun scóranna a aimsiú. Gan Colm Cooper ná James O’Donoghue a bheith acu ar an bpáirc inné, is iomaí cic fada a bhuail Ciarraí isteach i dtreo na líne lántosaí.

Ach, mar a d’admhaigh Eamonn Fitzmaurice tar éis an chluiche, níor oibrigh an tseift seo i gcoinne Mhaigh Eo. Rinne Fitzmaurice an cinneadh Tommy Walsh a bhogadh isteach níos gaire den chúl ar deireadh ach bhí airsean an pháirc a fhágáil le gortú. Le Kieran Donaghy fós gafa leis Na Stacaigh, beidh ar Fitzmaurice réiteach a fháil ar an bhfadhb roimh i bhfad.

Bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, ag faire ar a chuid imreoirí i rith an chluiche i gcoinne Chorcaí inné. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, ag faire ar a chuid imreoirí i rith an chluiche i gcoinne Chorcaí inné. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níl Gavin róbhuartha faoin tsraith

Ag breathnú ar an bhfoireann a chuir sé amach i gcoinne Chorcaí, is léir nach tábhachtach le Jim Gavin an tsraith, nó na chéad bhabhtaí ar a laghad. Ní raibh ach cúigear ar an bpáirc a thosaigh an cluiche craoibhe is déanaí a bhí ag Baile Átha Cliath agus bhí cúigear eile a bhí ag tosú sa tsraith don chéad uair.

Fiú amháin nuair a bhí Baile Átha Cliath chun cinn, 0-15 in aghaidh 1-10, gan ach ceathrú huaire fágtha, thóg Gavin na himreoirí is mó a raibh taithí acu, Jonny Cooper, Denis Bastick agus Eoghan O’Gara, den pháirc. Bhain Corcaigh buntáiste as an méid sin chun na scóranna cinniúnacha a fháil.

Adrian Varley (Gaillimh) ag éalú ó Conor McGill (An Mhí) sa chéad leath den chluiche i bPáirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Adrian Varley (Gaillimh) ag éalú ó Conor McGill (An Mhí) sa chéad leath den chluiche i bPáirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Tá bainisteoir nua agus stíl nua ag na Gaillimhigh

Bhí thart ar 3,500 i bPáirc an Phiarsaigh inné chun an chéad chluiche sraithe ag Gaillimh faoi stiúir Kevin Walsh a fheiceáil. Bhí soiléir ón tús go raibh Walsh ag iarraidh stíl chosantach a chur i bhfeidhm ar a fhoireann. B’iomaí uair sa chéad leath gurbh iad Adrian Varley agus Danny Cummins an t-aon bheirt a bhí taobh istigh de líne 65m na Mí, agus gach duine eile fágtha timpeall lár na páirce.

nach mbeidh Walsh sásta gur lig na Gaillimhigh do dhrochfhoireann ón Mí teacht aniar a dhéanamh faoi dhó, bhí a ndóthain acu sa deireadh.

Seán Cavanagh sínte tar éis dó drochbhuille sa cheann a fháil i gcoinne Mhuineacháin. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard
Seán Cavanagh sínte tar éis dó drochbhuille sa cheann a fháil i gcoinne Mhuineacháin. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Caithfear díriú ar cheist an comhtholgadh ceann ar aghaidh

Coicís ó shin, dúirt imreoir ó Mhaigh Eo gur cheart do CLG dochtúir neamhspleách a thabhairt isteach chun cinneadh a dhéanamh ar imreoirí atá tar éis buille sa cheann a fháil. Ta an fhadhb tagtha chun cinn arís an deireadh seachtaine seo tar éis do Mickey Harte a admháil gur choinnigh Seán Cavanagh air ag imirt ar feadh 55 nóiméad i gcoinne Mhuineacháin i ndiaidh comhtholgadh a bheith air.

fadhb an chomhtholgtha sa nuacht le roinnt míonna anuas mar gheall ar an dochar atá déanta aige d’imreoirí rugbaí agus d’imeoirí peil Meiriceánach.

Bainisteoir Thiobraid Árann, Peter Creedon, agus é míshásta le rud éigin le linn an chluiche i gcoinne Ard Mhacha inné. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard
Bainisteoir Thiobraid Árann, Peter Creedon, agus é míshásta le rud éigin le linn an chluiche i gcoinne Ard Mhacha inné. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Anois teacht an Earraigh, anois teacht an ghearáin

Níl muid ach díreach ag tús mhí Feabhra ach tá cáineadh na réiteoirí tosaithe cheana féin. Is é bainisteoir Thiobraid Árannba thúisce ag gearán, agus é ag fiuchadh le fearg le taispeántas David Coldrick.

Bhí suimiúil gur bhain ceann de na gearáin a bhí ag Creedon leis an méid am breise a d’imir Coldrick. Cuimnigh go bhfuil droim láimhe tugtha ag CLG do mholadh a bhí acu maidir le cúram an chloig a bhaint ón réiteoir.

“Gruth agus meadhg” a deir tú.

Fág freagra ar 'Cúig rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na sraithe an deireadh seachtaine seo'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Imríonn Kieran Donaghy le foireann Aoistín De Staic I dTrá Lí.