1. Ná bíodh leisce ort triail a bhaint as seánraí éagsúla
Drámaíocht. Filíocht. Gearrscéalaíocht. Úrscéalaíocht. Aistí. Amhráin. Seanchas. Beathaisnéis. Dírbheathaisnéis. Tá ag cinnt orm cuimhneamh ar sheánra litríochta nár bhain Joe Steve Ó Neachtain triail as agus nach raibh luí aige leis. Cinnte, tá scríbhneoirí ann a chloíonn le seánra amháin agus níl rud ar bith cearr leis sin – ach cén chaoi a mbeadh a fhios ag scríbhneoir próis nach mbeadh aon mhaith leis i réimse na drámaíochta, abair, mura mbainfeadh sé triail as dráma a scríobh? Fianaise éagsúlacht a shaothair fhairsing nach mbíodh faitíos ar Joe Steve triail a bhaint as rud éigin nua.
2. Ná bíodh drogall ort roimh an rud atá áitiúil
Ag muintir Chonamara a bhíodh an phríomhpháirt i ngach rud dár scríobh Joe Steve – bíodh muintir Chonamara ar an bportach, ar imirce, nó ar saoire sa Spáinn. Murab ionann is go leor scríbhneoirí eile a mbeadh faitíos orthu roimh an lipéad ‘áitiúil’ thuig Joe Steve go mbíonn gach rud atá áitiúil uilíoch má léirítear i gceart é.
3. Cruthaigh ceangal láidir le do phobal léitheoirí
Ní ritheann aon scríbhneoir eile liom a raibh ceangal chomh láidir sin aige lena phobal léitheoirí agus a bhí ag Joe Steve Ó Neachtain. Thuig sé céard a theastaigh óna phobal agus thug sé dóibh é – féach Níor mhaith linn do thrioblóid. Ach chomh maith leis sin, thuig sé gur cheart do scríbhneoir a bheith amuigh i measc an phobail le go gcuirfí aithne air, agus le go gcuirfeadh sé féin leis an aithne a bhí aige orthu siúd a líon a chuid leathanach i bhfoirm charachtar. Bhí buntáiste ag Joe Steve sa chaoi is gur i gceantar tíreolaíoch amháin atá mórchuid a léitheoirí lonnaithe agus nach mbíodh air taisteal i bhfad chun freastal orthu, ach dá scaipthe iad, bíonn a phobal léitheoireachta féin ag chuile scríbhneoir agus tá deis á cailleadh ag scríbhneoir nach ndéanfadh iarracht aithne a chur orthu siúd a léann a chuid leabhar.
4. Bí umhal
Ní fhéadfadh sé nár thuig Joe Steve go raibh stádas laoich aige i measc a phobail – ach ní bhíodh sin le haithint air. A bhealach lách, séimh, uasal ba mhó a théadh i bhfeidhm ormsa ag na hócáidí ar casadh orm é; fear a bhí ann nach mbíodh aon éirí in airde ag baint leis, fiú agus scuaine nach bhfacthas a leithéid riamh cheana taobh amuigh den Taibhdhearc ar bís le dul ag breathnú ar dhráma leis. Agus bhíodh sé breá sásta dreas cainte a dhéanamh le héinne sa slua sin a bhuailfeadh bleid air; bhíodh giotán fuaime dea-chumtha réidh aige i gcónaí d’iriseoir a bheadh ina ghátar – ach níor ghá d’éinne a bheith ina iriseoir le go labhródh Joe Steve leis.
5. Bí siúlach scéalach sula gcuirfidh tú peann le páipéar
Comhairle chonspóideach, seans. Mura bhfuil dul amú orm bhí Joe Steve 44 bliain d’aois nuair a foilsíodh Fead Ghlaice, an chéad leabhar leis, agus nuair a thosaigh sé ag scríobh an tsraithdhráma Baile an Droichid don Raidió. Cinnte, is féidir le scríbhneoir óg leabhair den scoth a scríobh – féach Sally Rooney. Ach dá mhéad tallann an scríbhneora, rachaidh taithí saoil chun tairbhe dó i gcónaí. Caithfidh duine scéal a bheith le hinsint aige sular féidir leis úsáid a bhaint as pé tallann a bheadh aige i mbun pinn. Ní hamháin gur chuir Joe Steve aithne ar réimsí éagsúla saoil sular thug sé faoina shlí bheatha mar scríbhneoir, ach mar aisteoir thug sé faoi ghairm eile arís lena linn. Thuig Joe Steve nach féidir le duine barraíocht taithí saoil a bheith aige, agus ba go flaithiúil a roinn sé a thaithí agus a thuiscintí féin.
Suaimhneas síoraí dó.
Seosamh Ó Cuaig
Is maith an scríbhneoir é Alex é féin.
Gearóid
maith thú Alex, is deas an alt sin in ómós dó
Pól Ó Braoin
Tá an ceart uilig ansin agat…
alan titley
An-phíosa ó Alex mar is dual. D’fhéadfaí cur leis an liosta sin go fuiriste. Bhí cuid againn – scríbhneoirí – in éad go mór leis as a éascaíocht, a thabhairt faoi deara, a chaint chruinn, a dheisbhéalaí. Poll mór i litríocht na hÉireann.
An Teanga Bheo
Ba sampla iontach saol Joe do aon duine bhi sé cumasach ar chuile bhealach beannacht leis.