Cúig ghníomh rialtais a theastaíonn go géar chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an Bhreatimeachta 

Is mó spéis atá léirithe ag Boris Johnson i mbua olltoghcháin ná i gcaint ar chomhréiteach agus ní foláir déileáil leis ar an mbonn sin

Cúig ghníomh rialtais a theastaíonn go géar chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an Bhreatimeachta 

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: RollingNews.ie

Seachnaíonn iriseoirí stuama ró-úsáid an fhrása ‘uair na cinniúna’ de ghnáth. Uaireanta áfach, is deacair smaoineamh ar fhrása níos oiriúnaí. Faoi láthair, mar shampla.

Is léir do gach duine ciallmhar sa tír faoin am seo go bhfuil uair na cinniúna ag teannadh leis an rialtas agus leis an oileán ar fad, de réir mar a léirítear neamhshuim an phríomh-aire nua i Londain i gcomhréiteach leis an Aontas Eorpach. Ní toil chomhréitigh ach a mhalairt, chomh maith le cur i gcéill, atá follasach ina bhfuil á rá gach lá ag Boris Johnson agus a chomrádaithe. 

Rinne Simon Coveney cur síos lom díreach ar an dearcadh thall tar éis dó labhairt le rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine, Dominic Rabb i Heilsincí inné, Dé hAoine. Ní raibh beartas inchreidte ar bith molta go dtí seo ag an Ríocht Aontaithe, a dúirt sé, a d’fhéadfaí é a chur in ionad an chúlstad.

Dúirt Simon Coveney freisin nárbh fhiú a bheith ag caint ar chealú an chúlstad, mar atá molta go minic ag Boris Johnson, ionas go bhféadfaí cúrsaí na teorann a phlé i gcainteanna a reáchtálfaí tar éis don Bhreatain tarraingt amach as an AE. 

Tá gach cosúlacht ar chur chuige Johnson gur cluichíocht pholaitiúil ina thír féin is bun leis. Nuair a thugann ceannaire polaitiúil i dtír ar bith le fios gur mó a spéis i mbua olltoghcháin ná i gcaint ar chomhréiteach, ní foláir do cheannairí i dtíortha eile déileáil leis ar an mbonn sin.

Seo a leanas mar sin cúig riachtanas ar chóir don rialtas cuimhneamh orthu idir seo agus (maith dom arís an cliché, a léitheoir dhil) uair na cinniúna, an 31 Deireadh Fómhair.

1. Ná bac le comhréiteach anois. Ní fiú don rialtas ná don AE tairiscint chomhréitigh a chur ar an mbord ar dhá chúis. Toisc nach léir fós scéim phraiticiúil réasúnta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm in áit an chúlstad, agus toisc go bhfuil rialtas agus parlaimint na Breataine chomh trína chéile faoi láthair nach féidir iad a shásamh. 

2. Géaraigh ar an obair ullmhúcháin. Tá an córas cigireachta agus seiceála a chuirfí i bhfeidhm i gcás Breatimeacht crua á phlé ag státseirbhísigh le foireann an AE sa Bhruiséil le breis agus bliain. Ní foláir dlús a chur leis an obair anois ionas gur féidir bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile: cur i bhfeidhm.

3. Abair linn céard atá beartaithe. Tá a fhios ag lucht gnó agus tuigeann gach feirmeoir sa tír go bhfuil géarchéim ag teannadh leo ó thaobh ioncaim, soláthairtí nó easpórtála de. Níl tuairim acu fós áfach cén cineál córas a bhunófar chun an margadh aonair agus caighdeáin uile an AE a chosaint. Teastaíonn faisnéis oifigiúil uathu go léir in ionad ne héiginnteachta atá i réim faoi láthair.

4. Taispeáin dúinn go bhfuil sibh ag ullmhú. Cuirfidh an Breatimeacht brú ar gach saoránach sa stát ar dhóigh éigin. Ní féidir gach deacracht ná caillteanas a leigheas roimh ré, ach b’fhiú lárchoiste éigeandála a chur ar bun chun déileáil le mórfhadhbanna. Eiseamláir úsáideach den chóras a bheidh riachtanach ab ea an coiste náisiúnta éigeandála a bhí gníomhach le linn stoirm sneachta na bliana anuraidh, an Torathar ón Oirthear.

5. Déan an Dáil a athghairm. De réir an sceidil a socraíodh nuair a cuireadh an Dáil ar atráth, ní bheidh Dáil Éireann i mbun cruinnithe arís go dtí an 17 Meán Fómhair. Ní gá ach breathnú ar an liosta oibre sin thuas chun teacht ar chúiseanna fiúntacha lena hathghairm roimhe sin. Beidh ceisteanna crua á gcur sula i bhfad. Is i nDáil Éireann ba chóir iad a fhreagairt agus a phlé.  

Fág freagra ar 'Cúig ghníomh rialtais a theastaíonn go géar chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an Bhreatimeachta '

  • Peter Groarke

    Fíor agus cruinn.
    Seo alt den chéad scoth.