Cúig fhoireann a bheidh san iomaíocht agus gach duine ag filleadh gan aon bhlonag sa bhreis ar an mbolg

Is iomaí cor agus casadh a bheidh ann roimh dheireadh an tséasúir ach ní easpa aclaíochta ná ullmhúcháin a bheidh ag cur as do na foirne móra

Cúig fhoireann a bheidh san iomaíocht agus gach duine ag filleadh gan aon bhlonag sa bhreis ar an mbolg

Niall Ó Meara ag ceiliúradh agus cúl scóráilte aige i gcluiche ceannais na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhí tráth ann agus ní rófhada ó shin é nuair a bhíodh briseadh fada go leor ag imreoirí idirchontae agus nuair nach dtosaíodh an traenáil cheart go dtí am éigin i ndiaidh na Nollag. Sna laethanta sin ní bhíodh aon chaint faoi chúrsaí nirt agus oiriúnaithe ná faoi aistí bia agus cothú cothrom. Minic go leor a chloisfeá an frása Béarla‘wintered well’ faoi imreoirí a bhíodh ag cur tús arís leis an traenáil agus cloch mheáchain curtha suas acu i rith an gheimhridh agus rian a gcoda go maith orthu.

Faraor tá na laethanta sin thart agus iad thart le roinnt blianta. Tá na painéil go léir tosnaithe ag traenáil le tamall. Ní stopann an obair nirt agus oiriúnaithe in aon chor na laethanta seo agus is beag imreoir a thagann ar ais ag traenáil agus aon bhlonag sa bhreis ar an mbolg aige nó aici. Is beag imreoir ach oiread a thagann ar ais gan roinnt mhaith traenála pearsanta a bheith curtha isteach aige as a stuaim féin. 

Mar is eol dúinn tá na fochomórtais faoi lán seoil agus an deis á tabhairt d’imreoirí nua a chur ina luí ar an lucht bainistíochta go bhfuileadar ullamh chun dul céim níos airde.

Tá cohórt mór d’imreoirí ag imirt sna comórtais sraithe ag na coláistí tríú leibhéal agus ní fada go mbeidh comórtas ardghradaim ‘ribín gorm’ Chorn Mhic Giobúin ag tosnú. Agus sula mbeidh deireadh leis an gcomórtas sin, a mbíonn an-iomaíocht ag baint leis, beidh tús curtha le Sraith Allianz 2020. Tá athchóiriú déanta ar an tsraith sin. Beidh dhá ghrúpa, agus sé fhoireann an ceann iontu, ag imirt i roinn a haon i mbliana agus beidh an Iarmhí, Ceatharlach agus Laois san áireamh.

Cuirfear tús tarraingteach leis an gcomórtas nuair a imreoidh seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, faoi shoilse sa bhaile i gcoinne sheaimpíní na sraithe agus na Mumhan, Luimneach, ar an 25 Eanáir. Leanfaidh an comórtas san ar aghaidh go dtí deireadh an Mhárta.

Ní gá domsa a rá nach bhfuil ach bonn amháin ag teastáil ó aon imreoir a bhíonn ag imirt i roinn 1 na sraithe. Is maith fada é liosta na n- imreoirí iontacha a chríochnaigh a saol rathúil iománaíochta gan greim a fháil ar bhonn Uile-Éireann. An cheist mhór ag tús na bliana i gcónaí ná cén contae a n-éireoidh an chreach leis? Tá rud amháin cinnte, mar a bhí ó cuireadh tús leis an leagan seo den chraobhchomórtas, ní bheidh ach deich bhfoireann san iomaíocht. Ní bheidh Ceatharlach ná an IarMhí, a bheidh ag imirt i bpríomhroinn na sraithe, páirteach ann.

Ach chun a bheith macánta agus fírinneach faoi, d’fhéadfá an liosta de na deich bhfoireann a roinnt ina dhá leath. D’fhéadfá, ag an bpointe seo, a chomhaireamh ar láimh amháin na contaetha go bhfuil seans éigin acu an corn mór a thabhairt leo mí Lúnasa. 

Ar mo ghearrliosta féin tá na seaimpíní Tiobraid Árann agus Luimneach ar barr. Tá Corcaigh, Loch Garman, an Ghaillimh agus Cill Chainnigh ar aon dul ina dhiaidh sin, measaim. Tá bainisteoir nua ag an nGaillimh, Shane O Neill, fear stuama ábalta, ach é gan aon taithí ag an leibhéal seo. An mbeidh an Ghaillimh eagraithe agus iomaíoch faoina stiúir?

Tá laoch Chorcaí, Patrick Horgan ag druidim chuig deireadh a ré agus é d’uireasa an bhoinn speisialta fós. An mbeidh Kieran Kingston ábalta é sin a leigheas ina dhara tréimhse bainistíochta?

Conas mar a bheidh Port Láirge faoi Liam Cahill agus An Clár faoi Brian Lohan? An mbraithfidh Cill Chainnigh uathu an t-oiliúnaí iontach Michael Dempsey? Conas mar a bheidh ag Laois agus iad i measc bhoic mhóra Laighean Domhnach i ndiaidh Domhnaigh agus céard faoi Áth Cliath a bhí díomách go leor anuraidh? An féidir le Davy FitzGerald orlach eile a bhaint as Loch Garman?

 Dar ndóigh is iomaí cor agus casadh a bheidh ann roimh dheireadh an tséasúir.

Neosfaidh an aimsir na freagraí go léir.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.

Fág freagra ar 'Cúig fhoireann a bheidh san iomaíocht agus gach duine ag filleadh gan aon bhlonag sa bhreis ar an mbolg'