Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann

Agus Áth Cliath agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i bPáirc an Chrócaigh

Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann

Ceann de na ceisteanna is mó roimh an gcluiche ceannais ná an mbeidh cosantóirí Chiarraí in ann ag tosaithe Átha Cliath. Seans gurb é Tadhg Morley an cosantóir is láidre atá ar fhoireann na Ríochta ach is í an fhadhb atá acu nach mbeidh seisean ábalta ach fear amháin a mharcáil.

Rinne Morley go maith agus é ag marcáil Chiarán Kilkenny roimhe seo ach b’fhéidir go mbeadh sé ag teastáil níos gaire den chúl Dé Domhnaigh. D’éirigh go han-mhaith leis nuair a chuaigh sé siar sa líne lánchúil chun aghaidh a thabhairt ar Chathal McShane sa chluiche leathcheannais in aghaidh Thír Eoghain agus seans gurb é fear an Teampaill Nua is fearr chun iarracht a dhéanamh Con O’Callaghan a choinneáil faoi chois Dé Domhnaigh.

Bhí O’Callaghan ar fheabhas i gcoinne Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin agus d’éirigh leis cúil chinniúnacha a scóráil ina gcoinne. Fear mór láidir é anois agus nuair a thugann sé ráib faoin gcúl, is deacair é a stopadh.


Is maith mar a chruthaigh Paul Mannion ó thosaigh sé ag imirt d’Áth Cliath in 2013 ach tá sé thar cionn ar fad le cúpla bliain anuas. Tá sé níos láidre agus níos cruinne ná mar a bhíodh sé agus bíonn sé thar a bheith deacair coinneáil leis.

Tá 0-22 scóráilte aige sa chraobh go dtí seo i mbliana agus bíonn sé ag bogadh ar fud na háite chun spás a fháil. Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Mhaigh Eo, chuir sé iarrachtaí thar an trasnán ó thaobh na láimhe deise agus ó thaobh na láimhe clé den pháirc.

Is é Tom O’Sullivan an cosantóir is fearr a bhí ag Ciarraí i mbliana. B’fhéidir go gcuirfí ag marcáil Chiarán Kilkenny tráthnóna, ach ó tá cruthaithe chomh maith sin aige go dtí seo ag cosaint, d’fhéadfaí é a chur siar ar Mannion.

Roimhe seo, bhíodh cáil ar O’Sullivan mar leathchúlaí arbh é ab ansa leis ná dul ar an ionsaí ach tá sárjab déanta aige i mbliana agus é ag marcáil tosaithe den scoth, ina measc Peter Harte, Cillian O’Sullivan agus Jamie Brennan. Choinnigh sé gan aon scór iad go léir. Leath-thosaithe a bhí iontu sin den chuid is mó, áfach, agus beidh sé suimiúil cén chaoi a n-éireoidh le O’Sullivan má fhanann Mannion níos gaire den chúl.


Seans gurb é Brian Fenton an t-imreoir is tábhachtaí ar fhoireann Átha Cliath agus má tá Ciarraí chun cluiche ceannais an Domhnaigh a thabhairt leo, caithfidh siad plean a bheith acu d’fhear mór Átha Cliath.

Sna cluichí sraithe atá imeartha idir na foirne le blianta beaga anuas, ba é Jack Barry a bhíodh ag marcáil Fenton agus rinne an Ciarraíoch sin go paiteanta. Fear maith é Fenton chun scór a aimsiú, tá 3-8 scóráilte aige go dtí seo sa chraobh i mbliana, ach níl ach aon phointe amháin faighte aige sna ceithre chluiche sraithe sin i gcoinne Barry.

An t-údar imní is mó do Chiarraí ná a laghad peile atá imeartha ag Barry roimh an gcluiche seo. Gortaíodh é i gcluiche ceannais na Mumhan sa Mheitheamh agus níl ach cúpla nóiméad imeartha aige ó shin. I dtreo dheireadh an chluiche i gcoinne Thír Eoghain a tugadh isteach é.

Fiú mura dtosaíonn Barry, tá gach seans ann go dtiocfaidh sé isteach mar ionadaí mar nach bhfuil mórán imreoirí in ann coinneáil le Fenton ar feadh 70 nóiméad. Ní thagann tuirse ar bith ar fhear mór Átha Cliath. Sna deich nóiméad deireanach i gcoinne Mhaigh Eo, scóráil sé cúl amháin agus ba cheart go mbeadh ceann eile aimsithe aige.


Seans gur ar Gavin White a chuirfear an cúram Jack McCaffrey a mharcáil sa chluiche ceannais, rud a thabharfaidh níos mó saoirse do Stephen O’Brien dul ar an ionsaí ar an gcliathán eile. Tá O’Brien ag imirt ar fheabhas ó thús na bliana agus cé go raibh sé ciúin sa chéad leath i gcoinne Thír Eoghain sa chluiche leathcheannais, rinne sé leorghníomh sa dara leath den chluiche céanna.

Ba é a scóráil an cúl a chuir Ciarraí chun tosaigh sa chluiche, agus ba é a chuir tús agus deireadh leis an ionsaí. D’aimsigh sé cúpla cúilín chomh maith a choinnigh Ciarraí chun tosaigh.

Beidh Ciarraí ag iarraidh díriú ar John Small, a bhfuil easpa smachta léirithe aige anois agus arís agus é ag imirt d’Áth Cliath. Cuireadh fear Bhaile Munna den pháirc sa chluiche ceannais anuraidh agus arú anuraidh, cé go raibh cluiche ceannais na bliana seo caite beagnach thart nuair a díbríodh é. Má fhaigheann sé cárta buí luath sa chluiche seo, beidh sé faoi bhrú. Tá Small ar dhuine de na himreoirí is mó ar an bhfoireann a ghéilleann ciceanna saora agus d’fhéadfadh an choisíocht atá ag O’Brien cur as dó.


Má tá Con O’Callaghan agus Paul Mannion ag déanamh imní do Chiarraí, beidh Paul Geaney agus David Clifford ar an taobh eile den pháirc ag déanamh buartha do lucht tacaíochta Átha Cliath. Rinne Jonny Cooper jab réasúnta maith agus é ag marcáil Clifford sa tsraith anuraidh ach seans gurb é Fitzsimons a bheidh ag tabhairt faoin tosach óg inniu.

Cosantóir díograiseach, is minic le Fitzsimons a bheith ag marcáil an tosach is fearr ar fhoireann an fhreasúra. Bronnadh gradam laoch na himeartha ar fhear Chuala sa chluiche athimeartha i gcluiche ceannais na hÉireann 2016 agus é tar éis sárjab a dhéanamh ag marcáil Andy Moran.

Beidh dúshlán eile roimhe inniu, áfach. Níl inti seo ach an dara bliain ag Clifford ar fhoireann shinsir Chiarraí ach tá an-mhianach léirithe aige go dtí seo. Ní hamháin go bhfuil sé mór láidir agus an-scil aige, ach tá an meon ceart aige chomh maith.

Ní raibh ag éirí rómhaith leis sa chéad leath i gcoinne Thír Eoghain ach sheas sé an fód agus fuair sé cúpla scór den scoth sa dara leath nuair a bhí siad ag teastáil ó Chiarraí.

Fág freagra ar 'Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann'

  • file

    Is cuma faoina bhfuil scríofa ar gheansaithe foireann amháin sa chluiche seo, is cluiche idirchontae é agus níl a leithéid de chontae ann agus ‘Áth Cliath’. Molaim do na hiriseoirí cloí leis an Ghaeilge agus Baile Átha Cliath a úsáid sna ceannteidil agus sna hailt féin le go mbeidh an bua an Ghaeilge sa choimhlint (agus tá súil as Dia agam go mbeidh an bua sa chluiche ag an chontae a bhfuil Gaeltacht ann).