Cúig cinn de na ceisteanna is mó roimh thús na craoibhe iomána…

Agus craobhacha iomána na Mumhan agus Laighean ag tosú an deireadh seachtaine seo, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na foirne agus na dúshláin atá rompu in 2019

Cúig cinn de na ceisteanna is mó roimh thús na craoibhe iomána…

Joe Canning, Pádraic Fanning, Aaron Gillane, Mattie Kenny agus Conor Lehane. Pictiúr: INPHO

Agus struchtúr nua tugtha isteach ag Cumann Lúthchleas Gael anuraidh, bhí amhras ar dhaoine faoina mbeadh i ndán don chraobh, ach bhí craobh na bliana seo caite ar cheann de na craobhacha ab fhearr riamh. Agus tús á chur le craobh na bliana seo tráthnóna, táthar ag súil go mbeidh comórtas na bliana seo chomh hiontach agus chomh crua céanna agus a gcuid dúshlán féin roimh na foirne uile.

An mbeidh Luimneach in ann dhá chraobh as a chéile a bhuachan?

Cian Lynch ag imirt do Luimneach i rith na sraithe. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhí bua gan choinne ag Luimneach i gCraobh na hÉireann anuraidh ach is cinnte go mbeidh aird an tsaoil mhóir orthu an samhradh seo. Luimneach agus Gaillimh rogha na n-údar le Corn Mhic Cárthaigh a bhaint i mbliana ach níl ach dhá chontae sa tír ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh le 30 bliain, Cill Chainnigh agus Corcaigh.

Bíodh sin mar atá, tá an-tús curtha ag Luimneach leis an séasúr. Cé gur thug John Kiely deiseanna do roinnt imreoirí nua i rith na sraithe, bhí Luimneach fós ar fheabhas agus ba iad a bhuaigh an tsraith.

Beidh comórtas níos déine i gceist i gcraobh na Mumhan ach is beag rud as bealach atá déanta acu le 18 mí anuas. Tá fir Luimnigh fós óg ach tá taithí iontach acu faoin tráth seo. Beidh gach foireann eile ag súil an seaimpíní a leagadh, ach má bhíonn an dúrúch oibre céanna ar Luimneach agus a bhí anuraidh, beidh sé deacair iad a chloí.

Cén tionchar a bheidh ag Mattie Kenny ar Áth Cliath?

Mattie Kenny agus Eamon Dillon. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Bhí foireann iomána Átha Cliath in ísle brí le blianta beaga anuas ach meastar anois go bhfuil siad réidh arís chun tabhairt faoi na foirne móra i gcraobh Laighean. Mattie Kenny atá i bhfeighil fhoireann na príomhchathrach agus i bhfianaise an éachta a rinne sé le Cuala, beidh lucht leanúna an chontae dóchasach go maith.

I ndáiríre, bhí mí-ádh ceart ar Áth Cliath anuraidh. Chaill siad trí chluiche i gcraobh an chúige. Ní raibh ach dhá chúilín idir iad agus Cill Chainnigh agus idir iad agus Loch Garman. Níor bhuaigh Gaillimh orthu ach le haon chúilín amháin.

Tá cosantóirí láidre ag Áth Cliath agus tá an lánchúlaí Eoghan O’Donnell ag imirt ar fheabhas faoi láthair. Caithfidh feabhas teacht ar na tosaithe, ach má éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh deis iontach acu teacht slán as craobh Laighean.

An mbainfidh Port Láirge leas as buntáiste Pháirc an Bhreathnaigh?

Philip Mahony ag imirt i bPáirc an Bhreathnaigh i rith na sraithe. Pictiúr:
INPHO/Laszlo Geczo

Tar éis gur bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach in 2017, níor éirigh le hiománaithe Phort Láirge oiread agus cluiche amháin a bhuachan i gcraobh na bliana seo caite. Lena gceart a thabhairt d’fhir na nDéise, bhí siad faoi mhíbhuntáiste mar nach raibh cead acu cluichí a imirt sa bhaile.

Beidh athrú air sin i mbliana agus tá cead tugtha dóibh a gcuid cluichí baile a imirt i bPáirc an Bhreathnaigh. Ansin a imreoidh siad i gcoinne chontae an Chláir an deireadh seachtaine seo agus in aghaidh churaidh na hÉireann, Luimneach, ar an 12 Meitheamh.

Chruthaigh na Déisigh réasúnta maith i rith na sraithe agus iad faoi cheannas Pádraic Fanning, cé nach raibh siad thar mholadh beirte sa chluiche ceannais. Níl aon chluiche craoibhe imeartha acu i bPáirc an Bhreathnaigh ó 2003 ach beidh súil acu anois go dtabharfaidh an slua spreagadh dóibh sna coimhlintí crua a bheidh acu sa mbaile.

Cén chaoi a n-éireoidh le Gaillimh gan Joe Canning?

Gortaíodh Joe Canning agus é ag imirt i gcoinne Phort Láirge. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Seans go raibh bainisteoir na Gaillimhe Micheál Donoghue sásta go maith leis an méid a rinne Gaillimh sa tsraith go dtí gur gortaíodh Joe Canning sa nóiméad deireanach den chluiche in aghaidh Phort Láirge sa bhabhta deireanach.

Gortaíodh Canning nuair a bhuail sé féin agus Kevin Moran faoina chéile agus fógraíodh cúpla seachtain ina dhiaidh sin nach mbeadh fáil ar Joe arís go dtí lár mhí Iúil. Fágann sin go mbeidh ar fhir an iarthair craobh Laighean uile a imirt d’uireasa an imreora is fearr atá acu.

Cé go ndeirtear nach bhfuil Gaillimh ag brath chomh mór ar Canning agus a bhídís, mar sin féin is iontach an buille é. Ba é a spreag an teacht aniar a rinne siad i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh nuair nach raibh ag éirí rómhaith le tosaithe eile na Gaillimhe. 

Beidh Jonathan Glynn agus Joseph Cooney ar fáil do Ghaillimh arís agus beidh orthusan agus ar Chathal Mannion agus Conor Whelan an fód a sheasamh nó go mbeidh Canning ar a sheanléim arís.

An bhfaighidh Corcaigh deis rudaí a chur ina gceart i bPáirc an Chrócaigh?

Mark Coleman ag imirt do Chorcaigh i mbiana. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Bhuaigh Corcaigh craobh na Mumhan in 2017 agus 2018 ach theip orthu faoi dhó sna babhtaí leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh.

In 2017 bhí siad ceithre phointe chun cinn ar Phort Láirge agus ceathrú uaire fágtha ach d’aimsigh na Déisigh trí chúl as sin go deireadh. Anuraidh, bhí siad sé phointe chun tosaigh ar Luimneach agus sé nóiméad fágtha, ach chlis na Corcaígh arís agus chaill siad in am breise.

Beidh John Meyler agus a chuid imreoirí ag iarraidh é sin a chur ina cheart i mbliana ach tá obair go leor le déanamh acu más fúthu Páirc an Chrócaigh féin a bhaint amach i mbliana. Agus an iomaíocht chomh géar sin i gcúige Mumhan, tá seans maith ann nach dtiocfaidh curaidh 2017 agus 2018 slán ón gcraobh sin.

Níor éirigh rómhaith le Corcaigh i rith na sraithe, níor bhuaigh siad ach dhá chluiche i Roinn 1A agus cé gur bhuaigh siad an cluiche dícháilithe i gcoinne Chill Chainnigh, ba bheag tábhacht a bhí leis an gcluiche áirithe sin. Tá cúpla imreoir nua tagtha chun cinn, leithéidí Tim O’Mahony agus Jack O’Connor, ach beidh orthu a bheith lán díocais ó thús na craoibhe más leo filleadh ar Pháirc an Chrócaigh i mbliana.

Fág freagra ar 'Cúig cinn de na ceisteanna is mó roimh thús na craoibhe iomána…'