Cúig chúis cheiliúrtha ag Áth Cliath agus Ciarraí cloíte acu i gcluiche stairiúil

Bua sé phointe a bhí ag Áth Cliath ar Chiarraí in athimirt chluiche ceannais na hÉireann chun a gcúigiú craobh as a chéile a thabhairt leo

Cúig chúis cheiliúrtha ag Áth Cliath agus Ciarraí cloíte acu i gcluiche stairiúil

Áth Cliath 1-18 Ciarraí 0-15

Bhí cúig chúis cheiliúrtha ag peileadóirí Átha Cliath agus Ciarraí cloíte acu i bPáirc an Chrócaigh chun an cúigiú craobh as a chéile a thabhairt leo.

Lá dá saol a bhí ann d’imreoirí agus lucht tacaíochta Átha Cliath agus gaisce déanta acu nach bhfuil déanta ag aon fhoireann shinsir peile eile riamh.

Tar éis do na foirne cluiche den scoth a thabhairt dúinn coicís ó shin, bhí an choimhlint gach pioc chomh dian ach, ar deireadh, ba iad cumas agus taithí fhir na hardchathrach a thug slán iad.

Chruthaigh Ciarraí a lán fadhbanna dóibh ach níor thapaigh siad na deiseanna uile a bhí acu. Chuir siad an iomarca iarrachtaí amú nuair a bhí siad siad chun deiridh sa dara leath agus, níos measa fós, theip sé ar fhir na Ríochta aon chúl a fháil.

Bhí  cuid de cheannairí Átha Cliath ciúin go maith sa chéad chluiche ach má bhí Con O’Callaghan, Ciarán Kilkenny agus Paul Mannion coinnithe faoi chois an lá faoi dheireadh, bhí an-tionchar acu ar an imirt ón tús tráthnóna. Níor aimisigh an triúr ach trí phointe eatarthu sa chéad chluiche ach faoin am go raibh seacht nóiméad imeartha acu inniu, bhí 0-5 scóráilte acu, ceann ag O’Callaghan agus péire an duine ag Rock agus Mannion.

Con O’Callaghan. Pictiúr:
INPHO/Billy Stickland

Bhí Ciarraí ceithre phointe chun deiridh ag an tráth sin, 0-5 in aghaidh 0-1, agus bhí ag teip orthu mórán dul chun cinn a dhéanamh agus iad ar an ionsaí. Chiceáil siad an liathróid isteach ard  i dtreo na cearnóige ceithre bhabhta sa chéad deich nóiméad ach níor éirigh leo seilbh a fháil ó aon cheann.

D’fheabhsaigh rudaí dóibh ina dhiaidh sin áfach agus ba é David Clifford is mó a spreag a dteacht aniar. D’aimsigh an t-ógánach trí phointe den scoth in achar sé nóiméad agus ní raibh Ciarraí ach aon phointe amháin chun deiridh tar éis 19 nóiméad, 0-7 i gcoinne 0-6.

Fuair Kilkenny, Geaney agus O’Callaghan cúilíní agus bhí an bhearna méadaithe arís ag Áth Cliath. Ansin tar éis 27 nóiméad tharla eachtra chonspóideach. Bhain Ciarraí seilbh na liathróide de Jack McCaffrey ar an líne 45m agus chuaigh siad ar an ionsaí. Thug David Clifford pas láimhe do Thadhg Morley, a bhí tagtha rite reaite trí lár na páirce, agus tharraing O’Callaghan an lánchúlaí chun talún díreach os comhair an chúil.

Bhí imreoirí Chiarraí den tuairim go raibh cárta dubh tuillte ag fear Chuala ach, ar chúis éigin, thaispeáin an réiteoir Conor Lane cárta buí d’imreoir eile ó Áth Cliath, Michael Fitzsimons.

Shlánaigh Seán O’Shea an cic saor ach chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra do Chiarraí, ba é O’Callaghan, fear a cheap siad nár chóir dó bheith ar an bpáirc a thuilleadh, a chruthaigh an chéad scór eile do Dean Rock.

Chuir Ciarraí críoch láidir leis an gcéad leath le cic saor ó O’Shea agus an tríú cúilín ó Geaney. Bhí na foirne ar comhscór , 0-10 an taobh.

Ní raibh ach foireann amháin ina ndúiseacht ag tús an dara leath, áfach. Má bhí imreoirí Chiarraí ina gcodladh níorbh amhlaidh d’Eoin Murchan. Chaith an réiteoir isteach an liathróid, chuir David Moran a dhorn léi seachas breith uirthi, fuair Murchan an briseadh agus avae leis. Ní raibh aon duine in ann coinneáil leis agus nuair a tháinig a sheans, bháigh sé an liathróid san eangach.

Eoin Murchan. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

D’aimsigh O’Callaghan pointe go luath ina dhiaidh sin chun Áth Cliath a chur ceithre phointe chun tosaigh, 1-11 in aghaidh 0-10, agus bhí an dea-obair go léir a rinne Ciarraí curtha ó mhaith beagnach.

Níor ghéill siad go héasca, áfach. Fuair Clifford, Geaney agus O’Shea scór an duine agus ní raibh aon phointe amháin idir na foirne, 1-11 in aghaidh 0-13. B’in deireadh le teacht aniar Chiarraí, áfach.

D’aimsigh Áth Cliath an chéad trí scór eile agus cé go raibh deiseanna go leor ag Ciarraí, níor thapaigh siad iad. Chuir siad roinnt iarrachtaí ar fóraoil agus chuir  Stephen O’Brien deis mhaith ar chúl amú tar éis 53 nóiméad, nuair a chiceáil sé an liathróid in aghaidh Stephen Cluxton.

Cé gur aimsigh David Clifford agus Seán O’Shea cúilíní, níor scóráil Ciarraí ón 62ú nóiméad ar aghaidh. Bhí siad sa tóir ar chúl faoin am sin ach níor éirigh leo.Ba é Dean Rock a d’aimsigh an dá scór deireanach den chluiche chun tús a chur leis an gceiliúradh san ardchathair.

Áth Cliath: S. Cluxton; D. Byrne (0-1), J. Cooper, M. Fitzsimons; J. McCaffrey, J. Small, E. Murchan (1-0); B. Fenton, J. McCarthy; N. Scully (0-1), C. Kilkenny (0-4), B. Howard; P. Mannion (0-4), C. O’Callaghan (0-4), D. Rock (0-3, 1 chic ‘45).
Fir Ionaid: D. Connolly in áit J. McCaffrey (leath ama); P. McMahon in áit E. Murchan (55 nóim); C. Costello in áit N. Scully (57 nóim); C. O’Sullivan in áit D. Byrne (67 nóim); K. McManamon in áit P. Mannion (67 nóim); M. Macauley in áit B. Howard (70+3 nóim).

Ciarraí: S. Ryan; J. Foley, T. Morley, T. O’Sullivan; P. Murphy, G. Crowley, B. Ó Beaglaoich; D. Moran, J. Barry; D. O’Connor, S. O’Shea (0-5, 3 chic saor), S. O’Brien; D. Clifford (0-5, 1 chic saor), P. Geaney (0-4), A. Spillane (0-1).
Fir Ionaid: G. White in áit A. Spillane (51 nóim); J. Sherwood in áit B. Ó Beaglaoich (51 nóim); T.. Walsh in áit D. O’Connor (55 nóim); K. Spillane in áit P. Murphy (59 nóim); J. O’Donoghue in áit J. Barry (64 nóim); D. Moynihan in áit G. Crowley (70+1 nóim).

Réiteoir: Conor Lane.

Fág freagra ar 'Cúig chúis cheiliúrtha ag Áth Cliath agus Ciarraí cloíte acu i gcluiche stairiúil'