Tar éis do chluiche an Domhnaigh i gcoinne na Polainne críochnú ar comhscór, dealraíonn sé anois go mbeidh an choimhlint don tríú spota sa ghrúpa idir Éire agus Albain. Má tá na hÉireannaigh chun áit a bhaint amach sa chraobhchomórtas sa Fhrainc an bhliain seo chugainn, seo iad na hoícheanta móra a gcaithfidh lucht tacaíochta na hÉireann súil a choinneáil orthu.

Éire v Albain – 13 Meitheamh
Gan amhras, seo é an cluiche is mó atá fágtha ag foireann Martin O’Neill sa bhfeachtas seo. Mura mbeidh an bua ag Éire, beidh sé thar a bheith deacair orthu dul chun tosaigh ar na hAlbanaigh sa tábla. Má chríochnaíonn siad cothrom ar phointí tar éis an bhabhta dheireanaigh, úsáidfear torthaí na gcluichí a d’imir na foirne i gcoinne a chéile chun na háiteanna a shocrú.
Ciallaíonn sé seo mura mbuafadh na hÉireannaigh i mí an Mheithimh, go mbeadh buntáiste ag na hAlbanaigh orthu, fiú dá gcríochnóidís ar na pointí céanna.
Mar sin, mura mbeidh bua ag an bhfoireann baile, is féidir leis na hÉireannaigh dearmad a dhéanamh ar cháiliú do Chraobh na hEorpa an bhliain seo chugainn.

Albain v An Ghearmáin – 7 Meán Fómhar
Tá deis fós ag na hÉireannaigh sa ghrúpa seo, a bhuíochas do chúl John O’Shea sa Ghearmáin. Thug an pointe sin buntáiste dúinn nach bhfuil ag na hAlbanaigh agus beidh muid ag iarraidh go mbuafaidh na Gearmánaigh i nGlaschú chun an buntáiste sin a choinneáil.
Is ar éigin a bhuail An Ghearmáin na hAlbanaigh i nDortmund i mí Dheireadh Fómhair seo caite i gcluiche a chríochnaigh 2-1, ach beidh súil ag Martin O’Neill go bhfaighidh na Gearmánaigh bua níos éasca an uair seo.

Éire v An Ghearmáin – 8 Deireadh Fómhair
Mar a dúirt muid cheana, tá na hÉireannaigh fós san iomaíocht sa ghrúpa de bharr an chluiche a chríochnaigh ar comhscór i nGelsenkirchen. Má éiríonn leis na hAlbanaigh rud éigin a fháil óna gcluiche i gcoinne na Gearmáine, seans go mbeidh ar fhoireann Martin O’Neill déanamh amhlaidh chun aisling 2016 a choinneáil beo.
Tá lucht tacaíochta na hÉireann fós ciaptha ag na cuimhní atá acu ar an uair dheireanach a tháinig na Gearmánaigh chuig an Aviva. 6-1 an scór a bhí ann i gceann de na taispeántais is measa a thug na hÉireannaigh uathu agus iad faoi chúram Giovanni Trapattoni. Dar ndóigh, beidh Martin O’Neill ag iarraidh nach dtabharfar an spás céanna do na Gearmánaigh an geábh seo. Má éiríonn leo toradh le dealramh a fháil anseo, tabharfaidh sé an-mhisneach dóibh agus iad ag taisteal chun na Polainne sa bhabhta deireanach.

Albain v An Pholainn – 8 Deireadh Fómhar
Tá seans ann go dtiocfaidh an cluiche seo salach ar dheis na hÉireann cáiliú. Ag an am céanna a bheidh na hÉireannaigh ag imirt in aghaidh na Gearmáine, beidh an Pholainn ag tabhairt cuairte ar Hampden Park. Má tá na hÉireannaigh fós taobh thiar den Albain sa tábla ag an tráth seo agus mura n-éireoidh leo toradh níos fearr a fháil ná mar a gheobhaidh na hAlbanaigh an oíche chéanna, beidh foireann Gordon Strachan slán, go háirithe agus Giobráltar rompu sa bhabhta deireanach.

An Pholainn v Éire – 11 Deireadh Fómhair
Cé go bhfuil dea-chuimhní ag lucht leanta na hÉireann ar an bPolainn ó Chraobh na hEorpa 2012, is dóigh nach bhfuil an cion céanna ag imreoirí na hÉireann ar an áit. Chaill Éire na trí chluiche a bhí acu an samhradh sin agus má tá fúthu an chéad bhua riamh a fháil sa Pholainn, ba iontach an rud é dá ndéanfaidís an beart sa chluiche seo.
Tá mí-ádh ar na hÉireannaigh go bhfuil dhá cheann de na cluichí is deacra a bheidh acu sa chomórtas ag teacht sa dá bhabhta dheireanacha ach níl aon mhaith dóibh a bheith ag déanamh trua dóibh féin má tá pointe nó trí phointe ag teastáil uathu i gcoinne na Polainne.
Mura bhfuil praiseach ceart déanta ag na Polannaigh de na chluichí roimhe seo, ba cheart go mbeadh siad cáilithe don chraobhchomórtas cheana féin agus beidh Martin O’Neill ag guí go ligfidh siad a maidí le sruth ar an oíche.