Tá cúig chlár raidió ainmnithe sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’ ag Gradaim Raidió IMRO 2017. San iomaíocht i mbliana beidh an clár Blas a bhíonn le cloisteáil ar BBC Uladh, Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pop Raidió ar Spin South West, Ceolas ar Today FM, agus Operation Gaeilge ar Mid West Radio.
Ba é an clár Bláthnaid Libh, a bhíonn á chur i láthair ag Bláthnaid Ní Chofaigh as stiúideo RTÉ i mBaile Átha Cliath, a bhuaigh an gradam Gaeilge anuraidh.
Ní bhíonn cead ag stáisiúin phobail cur isteach ar ghradaim IMRO agus mar sin ní bhíonn aon chlár a chraoltóir ar Raidió na Life, Raidió Fáilte ná Raidió na dTreabh san iomaíocht, ná aon chlár Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin phobail eile.
Tá na míreanna dátheangacha nuachta a craoladh ar RTÉ 2Fm le linn Sheachtain na Gaeilge ainmnithe sa rannóg do na ‘Feasacháin Nuachta is Fearr’. Is í Audrey Donohoe as Gleann na Madadh i gContae na Gaillimhe a bhí i mbun na míreanna nuachta an choicís sin.
Bronnfar 34 gradam éagsúil ag Gradaim Raidió IMRO. Cuirtear cruthaitheacht, cur i láthair, fiúntas, agus léiriú na gclár san áireamh sa mheasúnú.
Fág freagra ar 'Cúig chlár raidió Gaeilge ainmnithe do ghradaim IMRO'