Cúig chinneadh a chaithfidh scríbhneoir ficsin a dhéanamh sula dtosóidh sé ar scéal nua

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: níor mhiste don scríbhneoir ficsin roinnt machnaimh a dhéanamh faoina mbeidh le scríobh sula mbainfidh sé an caipín dá pheann

Cúig chinneadh a chaithfidh scríbhneoir ficsin a dhéanamh sula dtosóidh sé ar scéal nua

An t-am sin den bhliain atá ann arís: leabhair nótaí agus pinn mhealltacha chomh fada le radharc na súl sna siopaí stáiseanóireachta. An coróinvíreas ann nó as, tá na páistí ar ais ar scoil, agus an coróinvíreas ann nó as, beidh fonn ar scríbhneoirí tús a chur le tograí nua.

Ach dá mhealltaí iad leabhair nótaí agus pinn nua, ní mholfainn iad a oscailt ná na caipíní a bhaint díobh gan roinnt machnaimh a bheith déanta faoina mbeidh le scríobh.

Seo thíos cúig chinneadh nach dtosóinn féin togra scríbhneoireachta nua gan iad a bheith déanta roimh ré (tuairimí pearsanta iad seo seachas rialacha!).

1. Suíomh

Ní féidir scéal a scríobh i bhfolús. Beidh ort é a lonnú in áit éigin, fiú más é folús an chianspáis féin é. I mo chás-sa, tagann láthair an scéil chugam roimh rud ar bith eile agus níos minice ná a mhalairt is é an suíomh a spreagfaidh na carachtair.

2. Carachta(i)r

Ní féidir scéal a scríobh gan carachta(i)r. Níl sé éasca, ach is féidir saothar ficsin a scríobh nach bhfuil ann ach carachtar amháin. Bíonn beirt phríomhcharachtar i bhformhór mór na saothar ficsin agus bíonn coimhlint éigin eatarthu (féach thíos). Feictear dom go mbíonn draíocht ar leith ag baint le scéalta ina bhfuil triúr príomhcharachtar, ach éiríonn cúrsaí casta le cliar níos mó ná sin.

3. Plota

Céard a theastaíonn ó do charachta(i)r a bhaint amach? Céard iad nó cé hiad na constaicí atá sa bhealach? Ní gá duit an plota ar fad a bheith ar eolas agat sula gcuirfidh tú peann le páipéar, ach bíodh rud éigin ag teastáil ó do charachta(i)r agus bíodh rud éigin nó duine éigin sa bhealach air, uirthi nó orthu.

4. Peirspictíocht

Cé a inseoidh an scéal? Reacaire uilefheasach nó duine de na carachtair? An inseofar an scéal sa chéad nó sa tríú pearsa (nó an bhfuil tú ag iarraidh dul sa seans leis an dara pearsa?). Is deacair oiread agus focal a chur ar phár gan an cinneadh sin a dhéanamh; ní bheidh ar do chumas oiread agus briathar a infhilleadh dá uireasa.

5. Aimsir

Tá an rud céanna fíor faoin aimsir ina mbeidh an scéal á insint. Ní hí an aimsir taobh amuigh atá i gceist agam ná fiú amháin an t-am den bhliain nó den lá, ach aimsir na mbriathra. An san aimsir chaite a inseofar an scéal, san aimsir láithreach, nó an mbeidh meascán i gceist? (Beidh cuma áiféiseach ar shaothar ficsin in aon aimsir eile). Cinneadh é seo a dhéanann scríbhneoirí i ngan fhios dóibh féin go minic, ach is fiú é a dhéanamh go comhfhiosach.

Fág freagra ar 'Cúig chinneadh a chaithfidh scríbhneoir ficsin a dhéanamh sula dtosóidh sé ar scéal nua'