Cúig cheist faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht roimh fhilleadh na Dála…

Déanann Tuairisc ar chuid de na ceisteanna a mbeifear ag súil le freagra orthu le linn an téarma Dála nua a bhfuil tús á chur inniu leis

Cúig cheist faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht roimh fhilleadh na Dála…

1. Cén fhad eile a bheidh Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta?

Aire Stáit Gaeltachta stuama ábalta go maith é Jack Chambers bíodh is nach mór na hathruithe móra radacacha atá déanta aige go fóill ar pholasaí teanga leamh an stáit. Tá níos mó Gaeilge aige ná mar a bhí á ligean aige air féin nuair a ceapadh é agus, lena cheart a thabhairt dó, sheachain sé an bladar faoina bheith ag dul ar aistear teanga, léiriú tuisceana agus trócaire a thuillfeadh ár mbuíochas dó fiú mura ndéanfadh sé faic eile.

Ach fágann achtú na reachtaíochta teanga nua go bhfuil rud éigin le dealramh curtha i gcrích aige chomh maith.

San fhómhar a chuirfidh sé tús le feidhmiú na reachtaíochta nua agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé dáiríre faoi na spriocanna atá ann a bhaint amach.

Ach an mbeidh Chambers i Roinn na Gaeltachta i bhfad eile? Athróidh ceannairí an chomhrialtais na hairí rialtais nuair a dhéanfar post an Taoisigh a bhabhtáil i mí na Nollag agus tá Chambers ar na daoine is mó atá á lua le hardú céime.

Léiriú ar an meas atá ar an bpolaiteoir óg as Baile Átha Cliath go bhfuil caint ann go bhféadfadh gurb í an Roinn Sláinte atá i ndán dó.

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

2. Cad a bheidh ann don Ghaeilge sa Bhuiséad?

D’éirigh le Jack Chambers agus a leathbhádóir Catherine Martin tuilleadh pinginí a fháil don teanga sa bhuiséad deireanach, cé gur i dtreo an chultúir agus na n-ealaíon atá an chuid is mó de mhaoiniú breise na Roinne ag dul le tamall.

Breis is €10 milliún a fógraíodh do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4 i mBuiséad 2022. Ní raibh ansin ach 5% den bhreis is €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Má scaoiltear an ruóg den sparán arís i mbliana an dtabharfar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an cothrom na Féinne atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge dóibh?

Beagnach €25 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht atá á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad 2023, an chuid is mó de d’Údarás na Gaeltachta agus TG4.

I gcás an Údaráis, tá an maoiniú breise á lorg ar an dtuiscint go gcaithfí é ar an bpleanáil teanga agus ar chruthú fostaíochta a bhfuil baint aici leis an teanga.

I gcás TG4, tá éileamh Chonradh na Gaeilge bunaithe ar an dtuiscint go n-úsáidfí an €8.3 milliún breise chun níos mó clár Gaeilge a dhéanamh.

Is maith an ní na coinníollacha seo a lua seachas a bheith ag éileamh gan mhachnamh amhail is gur leigheas gach galair a thuilleadh maoinithe.

Cad atá i ndán don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Bhuiséad mar sin? Bhuel, tá ráite ag na Rialtas go mbeifear ag díriú ar na ngéarchéim fuinnimh agus ar an ngéarchéim costas maireachtála, agus is beag seans dá bharr go mbeidh siad ag déanamh aon ró-imní faoi ghéarchéim nach bhfuil siad sásta géilleadh gurb ann di – géarchéim na teanga.

Plean Teanga

3. Conas atá ag éirí leis an bpleanáil teanga?

Dúirt Roinn na Gaeltachta mí Feabhra seo caite gur ag deireadh an tsamhraidh a chuirfí tús leis an athbhreithniú ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin obair sin anuraidh ach beartaíodh í a chur siar de bharr phaindéim an Covid-19. Pleananna teanga i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Phort Láirge is túisce a athbhreithneofar.

Ach is cosúil nach bhfuil aon dáta tosaithe ag an Roinn don athbhreithniú go fóill agus ‘machnamh’ fós ar siúl acu faoin leagan amach. Dúirt oifigigh pleanála teanga a bhí faoi agallamh ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir gur gá athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar a gcuid oibre.

Tá na hoifigigh pleanála sin le moladh as a macántacht. Is léir go bhfuil ceist nó dhó acu féin faoi fhiúntas an chórais atá á chur i bhfeidhm acu agus gur mhaith leo go ndéanfaí scrúdú ceart ar a gcuid oibre seachas a bheith ag cur i gcéill go bhfuil gach rud go breá.

Is léir go bhfuil folús eolais faoi láthair ann faoi chóras ar cheap saineolaithe áirithe nach raibh i gceist leis ó thús ach an fhreagracht as todhchaí na Gaeltachta a bheith á tarmligean ag an stát chuig pobal na Gaeltachta.

Inseoidh an cur chuige i dtaobh an athbhreithnithe níos mó ná na t-athbhreithniú féin sa chás seo, b’fhéidir.

4. Cad air ba chóir don fhreasúra díriú?

Cothrom an ama seo bliain ó shin, dúirt Éamon Ó Cuív ar Tuairisc go raibh dóthain Gaeilgeoirí i dTithe an Oireachtais le leas na teanga a dhéanamh le linn an téarma Dála nua ach cur chuige straitéiseach a bheith acu.

Chaithfí a bheith cúramach, a dúirt sé, gan “a bheith ag dul ó mhionphointe go mionphointe” ná géilleadh don chathú a bheith “mar urlabhraithe ag chuile bhrúghrúpa Gaeilge beo”.

D’oirfeadh comhairle an iar-aire Gaeltachta chomh maith céanna don fhreasúra i mbliana. D’oibrigh an cur chuige (réasúnta) straitéiseach a bhí ann i gcás na reachtaíochta teanga anuraidh, ach bhí cuid de na seanlaigí céanna ar obair an fhreasúra leis.

Is cinnte go ndéanfadh sé leas na teanga dá ndéanfadh baill an Oireachtais scagadh níos grinne ar pholasaí teanga an stáit agus ar obair lucht na hearnála teanga féin.

Tá an mianach i mbaill Choiste Oireachtais na Gaeilge cuid mhaith den ualach sin a iompar ach fáil réidh, mar shampla, leis an nós cuireadh a thabhairt do ghrúpa Gaeilge ráiteas a dhéanamh faoin obair iontach atá ar siúl acu, iad a mholadh go hard as an obair iontach atá ar siúl acu agus ansin glacadh gan cheist le gach moladh atá acu faoi conas an obair iontach atá ar siúl acu a dhéanamh níos iontaí fós.

Seans go bhfuil na cruinnithe faoi chúrsaí foilsitheoireachta. ar cuireadh tús leo i dtosach na bliana, ag dul ar aghaidh rófhada faoin tráth seo, ach sampla atá iontu den mhionphlé a theastaíonn.

B’fhéidir go bhféadfadh an Coiste, mar shampla, dianscagadh neamhspleách a dhéanamh ar conas atá ag éirí le córas pleanála teanga na Gaeltachta, fad is atáimid ag fanacht ar an athbhreithniú ‘oifigiúil’?

5. Cad iad na mórscéalta eile Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh á bplé an fómhar seo?

Tá ceist na tithíochta á brú chun cinn i gcónaí agus gan aon radharc fós ar na treoirlínte ar leith don chóras pleanála sa Ghaeltacht atá geallta ag an Aire Tithíochta. Beidh ceist na Gaeilge sa chóras oideachais faoi chaibidil go minic, mar a bhíonn i gcónaí.

Tá polasaí cuimsitheach don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht geallta ag an Aire Oideachais, geallúint nach ionann in aon chor í agus an gheallúint sa chlár rialtais faoi pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais go léir. Tá athbhreithniú á dhéanamh chomh maith ar struchtúr Bhord an Údaráis agus ar cheist an toghcháin ar cuireadh deireadh leis faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Seans, áfach, gurb é an chéad mhórscéal a bheidh againn ó thaobh na Gaeilge de ná an dlí nua teanga. An mhí seo chugainn a chuirfidh an tAire Stáit Jack Chambers tús le feidhm a thabhairt do na leasuithe a rinneadh anuraidh ar an Acht Teanga.

I measc na gcéad chéimeanna beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí feasta céatadáin áirithe dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge.

Tá laigí ar an reachtaíocht nua, ach ba dheacair easaontú le háiteamh an Aire Stáit gur deis atá inti “fíorcheannaireacht” a léiriú i leith na Gaeilge.

An dtapófar í?

Beidh sé suimiúil chomh maith fáil amach cén glacadh a bheidh ag lucht an státchórais leis na hathruithe seo de réir mar a thugtar isteach iad. Is cinnte go mbeidh cur ina gcoinne ann agus beidh sé suimiúil chomh maith féachaint conas a rachfar i ngleic leis sin. Beidh sé a mhaíomh ag daoine, mar shampla, nár cuireadh ar an eolas iad faoi seo, siúd agus eile.

Tá freagra giorraisc air sin.

Nach mór 40 uair an chloig a caitheadh ag plé na leasuithe sa Dáil agus sa Seanad.

Fág freagra ar 'Cúig cheist faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht roimh fhilleadh na Dála…'

  • Antóin

    Cupla ceist eile faoi chúrsaí Gaeilge. Tá na céadta daoine ón Ucráin ag cur fúthu sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá a gcuid páistí ag freastal ar na scoileanna ansin. Cén tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht? An ndeachaigh aon duine ón rialtas i gcomhairle le hoifigigh pleanála teanga faoin gcinneadh? Céard faoi na polaiteorí a chónaíonn sa Ghaeltacht; Céard a cheapann siadsan faoin gcinneadh?