Cúig bhás eile de thoradh Covid-19 fógartha agus imní mhór faoi chontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí

Fógraíodh 69 cás nua den ghalar ó dheas tráthnóna agus 43 cás nua a fógraíodh ó thuaidh

Cúig bhás eile de thoradh Covid-19 fógartha agus imní mhór faoi chontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí

Tá bás cúigear eile a raibh Covid-19 orthu fógartha ag an Roinn Sláinte agus 69 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Bhain ceithre cinn de na básanna a fógraíodh inniu le mí Aibreáin nó le mí an Mheithimh. Ní raibh bás ar bith de thoradh an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu ach deimhníodh go rabhthas tagtha ar 43 cás nua ó thuaidh.

Dúirt an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) tráthnóna go raibh roinnt údar imní sna figiúirí is déanaí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar, go háirithe i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí.

49 den 69 cás nua a bhain leis na trí chontae sin agus thug NPHET le fios anocht nach bhféadfaí srianta dianghlasála do na ceantair sin amháin a chur as an áireamh.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte gur sna contaetha sin a bhí beagnach leath na gcásanna le coicís anuas. Thug sé le fios chomh maith gur thart ar 60 cás eile ar fad a bheidh le cur le líon na gcásanna iontu amárach.

Údar imní é chomh maith, a dúradh, gur 1.8 anois ráta scaipthe an ghalair, nó an uimhir R. 1.3 a bhí ann an tseachtain seo caite.

Nuair a ceistíodh an Príomh-Oifigeach Leighis faoi cad a tharlódh dá leanfadh an ráta scaipthe agus líon na gcásanna nua ag ardú, dúirt sé, “Ní ligfimid dó seo leanacht ar aghaidh…Glacfar céimeanna chun é sin a chinntiú más gá.”

Dúirt an Dr Glynn gurb é an rud is tábhachtaí faoi láthair ná a chinntiú nach scaipeann na ráigeanna den ghalar i measc an phobail sna trí chontae is mó a bhfuil imní fúthu.

“Le 14 lá anuas deimhníodh 226 cás nua i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí. Sna trí chontae sin a bhí beagnach leath na gcásanna ar fad a bhí againn in Éirinn sa gcoicís sin.

“Cé go mbaineann an chuid is mó de na cásanna sin le ráigeanna, is líon an-suntasach cásanna é agus is é an cúram is práinní atá orainn anois a chinntiú nach scaipfidh an víreas i measc an phobail ó na ráigeanna sin.

“Tá súil ghéar á coinneáil ag NPHET ar chúrsaí. Impím ar dhaoine sna contaetha sin a bheith fíorchúramach ionas go gcuirfear cosc le scaipeadh an víris níos measa sna ceantair sin,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Bhain 22 den 69 cásanna nua le hUibh Fhailí, bhain 19 acu le Cill Dara agus bhain ocht gcinn acu le Laois. Sé chás a bhí i mBaile Átha Cliath agus bhí an 14 cás eile in ocht gcontae éagsúla – Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Luimneach, Lú, an Mhí agus Loch Garman.

Deimhníodh gur bhain 39 den 69 cás le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain dhá cheann de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal. Daoine faoi bhun 45 a bhí i gceist le 65% de na 69 cás nua.

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú  Eipidéimeolaíochta NPHET, an Dr Philip Nolan, go raibh líon na gcásanna nua den ghalar dúbailte le seachtain. Ráigeanna den ghalar i gceantar Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí a bhí i gceist le formhór na gcásanna nua. Bhain 60% de na cásanna le coicís anuas le ráigeanna nó le gartheagmháil. 20% de na cásanna a bhain, nó a mheastar a bhain, le scaipeadh sa phobal.

Dúirt Nolan chomh maith go raibh stop tagtha leis an laghdú ar líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu atá á gcur sna hospidéil. 11 duine a bhí sna hospidéil inniu agus cúigear acusan a bhí in ICU.

Seisear othar a bhí sna hospidéil seachtain ó shin agus bhí ceathrar acusan in ICU.

Dúirt an Dr Philip Nolan:

“Tá ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 le seachtain. Meastar go bhfuil ráta scaipthe an ghalair, an uimhir R, ag 1.8 faoi láthair. An-údar imní a bheadh ann an uimhir R a bheith ag 2 agus cé nach bhfuil aon scaipeadh forleathan feicthe go fóill againn i measc an phobail, tá baol suntasach ann go dtarlódh a leithéid sna seachtainí seo amach romhainn.

“Sin é an fáth go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeimis ar fad an-chúramach go deo ionas nach mbeimis féin ag cur le scaipeadh an víris seo.” 

2,319 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,763 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

32,421 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,372 cás ó dheas agus 6,049 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá oscailt tithe ósta faoi dhíon nach mbíonn ach an t-ól ar díol iontu curtha ar athlá sa Tuaisceart.

D’fhógair an Feidhmeannas an mhí seo caite go bhféadfadh go mbeadh cead oscailte ag na tithe ósta ar fad an 10 Lúnasa ach go mbeadh an cinneadh sin ag brath ar a dhona agus a bheadh scéal an Covid-19 ag an tráth sin.

Is í comhairle an Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Michael McBride, nár chóir cead athoscailte a thabhairt do thithe ósta Dé Luain seo chugainn.

Tá fianaise foilsithe ag an Údarás um Fhaisnéis is Cáilíocht Sláinte (HIQA) a léiríonn gur cosúil nach bealach éifeachtach chun scaipeadh an choróinvíris a chosc teocht gach duine a thagann isteach sa tír ar eitleán a thógáil ar thuirlingt dóibh.

Deirtear sa tuarascáil sin ón Údarás um Fhaisnéis is Cáilíocht Sláinte go bhfuil an tástáil theirmeach seo an-chostasach, go dteastaíonn acmhainní go leor chun í a dhéanamh agus go mbíonn na rátaí aimsithe víris íseal.

Tá a lán daoine ag éileamh le fada go ndéanfaí tástáil ar phaisinéirí agus iad ar a mbealach isteach sa stát ar mhaithe le scaipeadh an Covid-19 a cheansú.

Tá tíortha go leor san Eoraip tar éis na srianta atá i bhfeidhm acu a neartú, Albain agus an Ghréig ina measc.

Tá líon na gcásanna sa bhFrainc, sa Spáinn agus sa nGréig níos airde faoi láthair ná a bhí siad le roinnt seachtainí.

Ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh, caithfidh aon duine a bheidh ag filleadh ar an nGearmáin as réigiúin ardriosca tástáil choróinvíris éigeantach a dhéanamh toisc go bhfuil an-imní sa tír sin faoin ardú atá ar chásanna ansin.

Beidh srianta nua á dtabhairt isteach sa bhFionlainn an tseachtain seo chugainn cé go bhfuil an tír sin ar an tír is lú san Eoraip ina bhfuil cásanna den Covid-19. Dhá chás nua in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ansin le coicís.

Tá tús curtha le dianghlasáil sé seachtaine in Melbourne na hAstráile agus an chuid is mó de na siopaí agus na gnóthaí dúnta ansin agus iarracht mhór ar siúl an dara ráig den víreas a chloí.

Sna Stáit Aontaithe, an tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, tá Facebook agus Twitter tar éis pionós a chur ar an Uachtarán Trump agus a fheachtas uachtaránachta de bharr postálacha a scaip sé a maíodh “eolas míchruinn contúirteach faoin Covid-19” a bheith iontu.

De réir an áirimh atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins nach mór 710,000 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar beagnach 19 milliún duine ar fud na cruinne.

Fág freagra ar 'Cúig bhás eile de thoradh Covid-19 fógartha agus imní mhór faoi chontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí'