Cúig athrú déanta ag Schmidt don turas go hAlbain

Tá roinnt athruithe déanta ar fhoireann rugbaí na hÉireann do chluiche an tSathairn i gcoinne na hAlban

Cúig athrú déanta ag Schmidt don turas go hAlbain

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Agus foireann rugbaí na hÉireann ag imirt i gcoinne na hAlban Dé Sathairn, tá cúig athrú déanta ar an bhfoireann ag Joe Schmidt ón gceann a chlis sa gcéad bhabhta.

Níl teacht ag Schmidt ar cheathrar a thosaigh sa chluiche a chaill Éire i gcoinne Shasana an deireadh seachtaine seo caite mar tá Robbie Henshaw, Garry Ringrose, Devin Toner agus CJ Stander gortaithe.

Is é Rob Kearney atá ag teacht isteach in áit Henshaw mar lánchúlaí agus tá Chris Farrell roghnaithe ag Schmidt i lár páirce in áit Ringrose.

Is i measc na dtosaithe atá na hathruithe eile déanta ag Schmidt.

Tá gortú rúitín ag cur as do Toner agus Quinn Roux roghnaithe chun teacht isteach ina áit, an chéad uair gur roghnaíodh fear Chonnacht ón tús do chluiche i gCraobh na Sé Náisiún.

Sa líne chúil, tiocfaidh Jack Conan isteach in áit CJ Stander agus tabharfar deis do Sheán O’Brien chomh maith agus beidh imreoir Chúige Laighean ag imirt in áit Josh van der Flier.

Bhí ar Keith Earls an cluiche in aghaidh Shasana a fhágáil ag leath ama de bharr a ghortaithe ach meastar go bhfuil sé tagtha chuige féin ó shin.

Tá Cian Healy, Rory Best agus Tadhg Furlong roghnaithe arís sa líne thosaigh ag Schmidt don chluiche i Murrayfield. Roux agus James Ryan a bheidh taobh thiar díobh agus beidh Peter O’Mahony sa líne chúil taobh le O’Brien agus Conan.

Is iad Conor Murray agus Sexton atá roghnaithe mar leathchúlaithe, imreoidh Farrell agus Bundee Aki i lár páirce, beidh Keith Earls agus Jacob Stockdale ar na cliatháin arís agus is é Kearney a bheidh mar lánchúlaí.

Caithfidh Éire cluiche an tSathairn a bhuachan chun go mbeadh aon seans acu Craobh na Sé Náisiún a thabhairt leo i mbliana. Bhuaigh Albain ar an Iodáil, 33-20, sa chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo caite.

Foireann na hÉireann v Albain

R Kearney, K Earls, C Farrell, B Aki, J Stockdale; J Sexton, C Murray, C Healy, R Best, T Furlong, Q Roux, J Ryan; P O’Mahony, S O’Brien, J Conan. Fir Ionaid: S Cronin, D Kilcoyne, A Porter, U Dillane, J van der Flier, J Cooney, J Carbery, J Larmour.

Fág freagra ar 'Cúig athrú déanta ag Schmidt don turas go hAlbain'