Cuideoidh maoiniú breise le TG4 cur lena soláthar nuachta – Aire na Gaeltachta

Faoi láthair is iad RTÉ a chuireann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 ar fáil

Cuideoidh maoiniú breise le TG4 cur lena soláthar nuachta – Aire na Gaeltachta

An tAire Catherine Martin

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta go mbainfear úsáid as an €4.2 milliún breise a fógraíodh sa Bhuiséad do TG4 chun cur le soláthar nuachta agus clár do dhaoine óga an stáisiúin.

Faoi láthair is iad RTÉ a chuireann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – ar fáil mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

Ag preasócáid bhuiséid tráthnóna inné, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh fís uaillmhianach iar-Covid ag TG4 agus go raibh súil aici go gcuideodh an maoiniú breise le “soláthar a dhéanamh ar a bpleananna nua chun ábhar nuachta agus ábhar don lucht féachana níos óige a chur i lár an aonaigh”.

“Cuidíonn sé seo, freisin, le seirbhísí, poist agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht,” arsa an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an maoiniú breise do TG4 agus dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn, gur chóir do TG4 an €4.2 milliún a chaitheamh ar chláir Ghaeilge amháin.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar TG4 maidir lena bhfuil beartaithe don airgead breise a cuireadh ar fáil.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go dtabharfadh an t-airgead breise deis don stáisiún tabhairt faoi “chláir agus sraitheanna uaillmhianacha”.

Dúirt Esslemont go raibh TG4 ag díriú sa phlean Fís tar éis Covid ar fhreastal níos fearr a dhéanamh ar chodanna áirithe den lucht féachana, go háirithe páistí agus daoine óga.

“Tá sé mar uaillmhian cainéal Cúla4 a bheith againn. Níl’s agam an mbainfidh muid amach é leis an airgead seo, ach tá an uaillmhian sin ann.”

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 freisin gur mheas sé go mbeadh tionchar ag tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, atá le fógairt níos deireanaí i mbliana, ar sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha na meán Gaeilge.

Tá soláthar nuachta agus cúrsaí reatha TG4 i mbéal an phobail le tamall ó dúirt an stáisiún san aighneacht a chuir siad faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

€45 milliún a bheidh á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4 in 2022.

Má chuirtear san áireamh an bhreis agus €7 milliún a chaithfidh RTÉ ar chláracha do TG4 an bhliain seo chugainn agus an tacaíocht a fhaigheann an stáisiún ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus Fís Éireann, beidh níos mó ná milliún sa tseachtain á chaitheamh ar an tseirbhís.

Fág freagra ar 'Cuideoidh maoiniú breise le TG4 cur lena soláthar nuachta – Aire na Gaeltachta'