Cuid mhór d’fhoinsí uisce na hÉireann chomh híseal agus a bhí le cuimhne na ndaoine

Feirmeoirí déiríochta is measa atá buailte ag an triomach, agus cinneadh le déanamh an tseachtain seo chugainn faoi aon srianta breise a chaithfear a dhéanamh ar an soláthar uisce

Cuid mhór d’fhoinsí uisce na hÉireann chomh híseal agus a bhí le cuimhne na ndaoine

Tá ráite ag an EPA, a choinníonn súil ar leibhéal an uisce in uiscebhealaí na tíre, go bhfuil cuid mhór d’fhoinsí uisce na hÉireann chomh híseal agus a bhí i gcuimhne na ndaoine, ina measc, an Life i mBaile Átha Cliath, an Fheoir i gCill Chainnigh, an Daoil i Luimneach agus an Fhéil i gCorcaigh.

Tá fainic curtha ag Uiscebhealaí Éireann ar bhádóirí a bheith san airdeall agus iad ar an tSionainn mar go bhfuil leibhéal an uisce an-íseal i gCo Liatroma ó dheas de Chanáil Bhaile Shéamais agus i gCo Longfoirt ó thuaidh de  Thearmann Bearaigh. Tá tuairiscí faighte ó bhádóirí a bhuail carraigeacha san abhainn le seachtain.

Aimsir thirim atá á gealladh ag Met Éireann an tseachtain seo chugainn agus cé go mbeidh ceathanna ann, is beag tionchar a bheidh acu ar leibhéal an uisce toisc an talamh a bheith stálaithe.

Feirmeoirí déiríochta is mó atá buailte ag an triomach, a deir Tom Phelan ó Choiste Déiríochta Chumann na bhFeirmeoirí mar go raibh ar a bhformhór an chéad bharr sadhlais a thabhairt do na ba agus iad a scaoileadh isteach sna móinéir cheal aon fhás a bheith ar an bhféar.

Mura dtagann riar maith báistí go luath ní bheidh an dara barr sadhlais acu le baint agus beidh ganntanas fodair orthu sa ngeimhreadh.

Maidir le tuar Met Éireann don deireadh seachtaine, éireoidh sé scamallach tráthnóna inniu, Déardaoin, agus scaipfidh ceobhrán agus salachar báistí soir ó dheas le titim na hoíche. Beidh an bháisteach níos síoraí sa tuaisceart. Idir 11 agus 14 céim Celsius is ísle a bheidh an teocht agus gaoth mheasartha aniar aneas ann. Beidh sé scamallach arís amárach agus ceobhrán báistí againn ar maidin cé go dtriomóidh sé leis an tráthnóna. Leoithne éadrom aniar a bheidh ann agus an teocht idir 18 agus 21 céim Celsius. Scamallach sramach bog a bheidh an Satharn cé go mbeidh tréimhsí gréine ann ach beidh sé ina cheobhrán arís faoi thráthnóna agus is amhlaidh don Domhnach.

Bhí cruinniú ag Uisce Éireann agus An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) le lucht bainistíochta éigeandála an Rialtais i mBaile Átha Cliath ar maidin inné leis an eolas is déanaí faoi ghéarchéim an uisce a phlé. I ndiaidh an chruinnithe dúirt urlabhraí ó Uisce Éireann go bhféadfadh gur an tseachtain seo chugainn a dhéanfaí cinneadh faoi aon srianta breise a chaithfí a dhéanamh ar an soláthar uisce sa tír.

An tseachtain seo a tosaíodh ag monatóireacht úsáid an uisce agus leanfaidh an obair sin ar feadh na seachtaine agus úsáidfear an t-eolas sin chun a fháil amach an bhfuil ag éirí leis an laghdú atá á dhéanamh ar bhrú an uisce i rith na hoíche faoi láthair uisce a chaomhnú.

Idir an dá linn tá foinsí eile uisce á lorg mar tá leibhéal an uisce in aibhneacha agus i lochanna ag titim i gcónaí.

D’fhéadfadh Uisce Éireann na srianta atá i bhfeidhm i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Ní bheadh ach brú an-íseal sna tithe agus d’fhéadfadh tithe ar thalamh ard a bheith tirim. Ón 10 pm go dtí 5 am atá na srianta i bhfeidhm faoi láthair agus d’fhéadfaí chomh maith fad a chur leis an tréimhsí sin.

Fág freagra ar 'Cuid mhór d’fhoinsí uisce na hÉireann chomh híseal agus a bhí le cuimhne na ndaoine'