Cuid mhór de lár chathair Bhaile Átha gan seirbhís uisce

Deir Uisce Éireann go bhfuil siad ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil siad ar a míle dícheall ag iarraidh an tseirbhís uisce a chur ina cheart arís

Cuid mhór de lár chathair Bhaile Átha gan seirbhís uisce

Bhí cuid mhór de lár chathair Bhaile Átha gan seirbhís uisce inniu agus na mílte custaiméir fágtha gan seirbhís uisce ag príomhphíobán uisce a phléasc.

Dúirt Uisce Éireann go raibh siad ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile ·Átha leis an soláthar uisce a chur ina cheart arís “chomh luath agus ab fhéidir” i gcuid de lár na cathrach agus na bruachbhailte ina thimpeall.

Dúirt Uisce Éireann gur pléasc a tharla i gceann de phíopaí príomhlíonra uisce na hardchathrach ba chúis leis an bhfadhb agus go raibh na deisiúcháin a bhí le déanamh “casta” mar gheall ar an áit a raibh an píopa agus seirbhísí eile faoi thalamh thart air.

Deir Uisce Éireann go bhféadfadh go mbeadh an brú uisce sna ceantair seo a leanas íseal nó go mbeidís d’uireasa soláthar uisce: An Carnán, Crois Araild, Cill Mhaighneann, Sráid na Toinne, Sráid Brunswick, Na Saoirsí, Sráid Ghairdinéir, Sráid Dorset, Droim Chonrach, Fionnbhrú, Ard Aidhin, An Chúlóg, Beaumont, Fionnradharc, Ráth Eanaigh, Cluain Tarbh, Cill Easra, Bóthar na Buaile agus na ceantair máguaird.

Deir Uisce Éireann go bhfuil siad ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil siad ar a míle dícheall ag iarraidh an tseirbhís uisce a chur ina cheart arís dá gcustaiméirí chomh gasta agus is féidir. Meastar go mbeidh roinnt áiteanna gan uisce go dtí maidin amárach.

Dúradh chomh maith go raibh a gcuid oibrithe ag déanamh malairt socraithe ar an líonra uisce le soláthar uisce a chinntiú dá gcustaiméirí chomh fada agus is féidir.

“Tá sainchriúnna seirbhísí uisce ag obair ar an láthair chun na píopaí a dheisiú agus déanfar gach iarracht an tionchar a bheidh ag an mbriseadh seo sa tseirbhís ar thithe agus gnóthaí a laghdú agus an ghnáthsheirbhís uisce a chur ar fáil arís a thúisce agus is féidir sin,” a dúirt urlabhraí ó Uisce Éireann.

“Tá na criúnna ag déanamh socruithe eile ar an líonra uisce lena chinntiú go mbeidh soláthar uisce ag ár gcustaiméirí sa gcás go bhfuil sin indéanta. Tá na deisiúcháin casta mar gheall ar an áit a bhfuil an fabht agus toisc go bhfuil seirbhísí eile faoi thalamh san áit chéanna.”

Dúirt Uisce Éireann go mbeifí i dteagmháil go díreach le custaiméirí leochaileacha atá cláraithe le hUisce Éireann chun iad a chur ar an eolas faoi aon ghearradh sa tseirbhís uisce a sheasfadh ceithre huaire nó níos faide, bíodh sin réamhphleanáilte nó gan choinne.

Dúradh sa ráiteas go mbeadh stóras uisce ag formhór tithe agus gnóthaí a choinneodh dóthain uisce leo do chúrsaí sláinteachais.

 

 

Fág freagra ar 'Cuid mhór de lár chathair Bhaile Átha gan seirbhís uisce'