Cuid den ‘athscríobh staire’ é gan an Ghaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916 – Ó Cuív

Níl "ciall ar bith" leis an dearcadh a léiríodh i scéal an lae inniu faoin gcomhairleoir Rialtais a mhol go gcuirfí ‘an Ghaeilge’ níos faide síos ar ‘liosta na dtéamaí’ a ndéanfar céiliúradh orthu mar chuid de Chomóradh an Chéid 1916

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes
Éamon Ó Cuív. Pictiúr: Photocall Ireland

Léiriú ar dhearcadh i leith na teanga “nach bhfuil ciall ar bith leis” é an scéal gur mhol comhairleoir Aire Rialtais go gcuirfí ‘an Ghaeilge’ níos faide síos ar ‘liosta na dtéamaí’ a ndéanfar céiliúradh orthu mar chuid de Chomóradh an Chéid 1916, a deir an Teachta Dála ó Fhianna Fáil Eámon Ó Cuív.

Tuairiscíodh ar an Irish Times inniu gur scríobh comhairleoir de chuid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, nóta ag moladh nach dtabharfaí an oiread sin airde ar an nGaeilge ar an liosta d’ábhair do Chomóradh 1916.

“In the second document I think the stamps should come further down (perhaps last). I would also be inclined to put the Irish language further down the list,” a scríobh an comhairleoir i nóta don Aire Humphreys.

Dúirt an Teachta Dála agus Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie nach bhfuil ciall ar bith le comóradh ar 1916 nach dtugann tús áite don Ghaeilge, agus go léiríonn an scéal an “an dearcadh faoin nGaeilge atá ag daoine sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta”.

“Fáisceadh an tÉirí Amach as bunú Chonradh na Gaeilge agus bunú Chumann Lúthchleas Gael agus bhí go leor de na daoine a bhí páirteach i 1916, agus Cogadh na Saoirse ina dhiaidh, bainteach leis an gConradh.

“Tógadh pictiúr ag Oireachtas a reáchtáladh i nGaillimh agus bhí Cathal Brugha, Éamon De Valera, Ruaidhrí Mac Easmoinn, Ceannt agus go leor eile a bhí bainteach leis an Éirí Amach i láthair – ócáid de chuid an Chonartha a bhí ansin. Is cuid d’athscríobh na staire seo gan an Ghaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916,” a dúirt an Cuíveach le Tuairisc.ie

I ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta, dúradh go bhfuil an Ghaeilge “ag croílár an chláir chuimhneacháin” do 2016.

“Bhí cruinnithe dearfacha ag foireann tionscadail Éire 2016 le déanaí le roinnt eagraíochtaí Gaeilge, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le raon leathan d’eagraíochtaí pobail a fheidhmíonn sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht araon, leis na pleananna do 2016 a phlé chomh maith le bealaí ina bhféadfaí ról tábhachtach a thabhairt don Ghaeilge,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

Fág freagra ar 'Cuid den ‘athscríobh staire’ é gan an Ghaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916 – Ó Cuív'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Táim ag ceapadh go bhfuil an méid seo le rá ag Humphreys go fíor-dháiríre:
    “Cuir an Ghaeilge níos ísle ar an liosta,mar níl go leor Gaeilge agam agus níl go leor suim agam faoin Ghaeilge”.

  • Tomáisín

    níl slí dosna Gaeil tuillte i gcomóradh an éirí amach… níl aon ghlór réabhlóideach acu a thuilleadh, agus is beag lorg a fhágann na heagraíochta a bhaineann lei ar ghluaiseachtaí móra ná ar shamhlaíocht na tíre, seachas fíorbheagán. dá mbeadh ‘áit lárnach’ ag an ghaeilge, ní ar mhaithe leis na gaeil fhéin a bheadh sé, ach paca plámásaithe profisiúnta… éistimíst le rosenstock nó ó cuaig is a raibh le rá acu ina thaobh, ámh…