Cuid de ríthe an Domhnaigh níos tábhachtaí ná a chéile ar The Sunday Game

Dealraíonn sé gur leor cúpla nóimint fánach ar The Sunday Game le goilí na gcréatúr in Uíbh Fhailí, Longfort, Aontroim, Fear Manach, Laois, Cill Mhantáin, Ceatharlach agus An Lú a shásamh

Leinster GAA Football Senior Championship Round 1, O'Connor Park, Tullamore, Offaly 15/5/2016 Offaly vs Longford Offaly Manager Pat Flanagan celebrates with his partner Linda  Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir Uíbh Fháilí Pat Flanagan ag ceiliúradh lena bhean Linda. ©INPHO/Ryan Byrne

De ghnáth déantar tús comórtais a cheiliúradh seachas masla ceilte a thabhairt dóibh siúd atá rannpháirteach ann. Ach b’in mar a bhí ar an gcéad deireadh seachtaine mór caide de chraobhchomórtas 2016. B’fhacthas do lucht an údaráis nárbh fhiú craoladh beo a dhéanamh ar aon cheann den cheithre chluiche caide a bhí ar siúl. Nach ionann sin is a rá nach fiú an deich triuf na cluichí céanna i gcomparáid le cluichí na bpiardaí móra, Baile Átha Cliath go háirithe?

Dealraíonn sé gur leor cúpla nóimint fánach ar The Sunday Game (RTÉ 2, Dé Domhnaigh) le goilí na gcréatúr in Uíbh Fhailí, Longfort, Aontroim, Fear Manach, Laois, Cill Mhantáin, Ceatharlach agus An Lú a shásamh. Go deimhin cinntíodh gur meabhraíodh dúinn go raibh ticéid do Bhleá Cliath ar díol, dá mba spéis linn féachaint ar chluiche le dealraimh.

Shamhlófá gur malairt cleachtais a tharraingeodh RTÉ chucu agus gach aon chluiche is féidir a chraoladh (beo, iarbheo nó á shruthlú) mar go bhfuil Sky agus TG4 ag baint na sála díobh.

Lena gceart a thabhairt do lucht na gcinntí dealraíonn sé go bhfuil cuid mhaith den lucht féachana agus roinnt imreoirí ar aon intinn leo. Ní raibh ach 5,000 duine i bPáirc Uí Chonchúir sa Tulach Mhór don chluiche idir Uíbh Fhailí agus Longfort agus ina chuid anailíse thug Dessie Dolan le fios gur thug 40% des na himreoirí ó Longfort an t-eiteach don chuireadh chun traenála a tugadh dóibh. Pléadh seo go mion níos déanaí sa chlár

Ina ainneoin seo ar fad is iad na húdaráis chéanna a chosnódh go bun an angair struchtúr an chraobhchomórtais faoi mar atá, á rá nach bhfuil mórán mícheart leis. Mura bhfuil, nár dhóigh leat gurbh fhiú cuid de a chraoladh beo.

Agus an racht sin curtha díom agam tá sé diail go bhfuil an samhradh buailte linn agus ceol suaitheantais The Sunday Game le cloisint arís.

Cuireadh tús leis an gclár le buaileam sciath agus físeán ina raibh ráitis mhóra leithéidí Brolly, Spillane agus Dhónail Óig á meabhrú dúinn.

Seo an 38ú sraith den chlár agus é ar cheann de na cláir is fadbhunaithe ar RTÉ.

Ba iad Uíbh Fhailí agus Longfort a bhí i lár an aonaigh ar dtús agus sholáthraíodar cluiche taitneamhach más fíor do na buaicphointí fánacha. Aimsíodh ceithre bháide agus tá cuma na maitheasa ar oidhrí laochra ’82. Ba é an chéad bhua acu i gCraobh Laighean le naoi mbliana agus sheol Shane Lowry pictiúr gealgháireach de féin ó ghalfchúrsa Sawgrass i Florida. Bhainfeadh sé súp thar na bearta chomh maith, faoi mar a bhaineas féin, as lucht leanta Uíbh Fhailí a bheith ag cantaireacht ainm an chontae as Gaeilge go rialta i rith an chluiche.

Ba iad Ciaran Whelan agus Dessie Dolan a bhí i mbun na cabaireachta; cuma na péine ar Des Cahill aon uair a bhraitheadh sé gaoth an fhocail chonspóidigh.

Ar an mórgóir bhí an plé uiscealach go maith agus d’aireofá uait leithéidí Spillane agus Brolly. Gan amhras n’fhéadfaí bheith ag súil go mbeadh na piardaí móra i láthair do na cluichí neafaiseacha.

Fág freagra ar 'Cuid de ríthe an Domhnaigh níos tábhachtaí ná a chéile ar The Sunday Game'