Cuid de na himreoirí is aitheanta in easnamh do Chraobhcomórtas na gCúigí an deireadh seachtaine seo

Tá na foirne ainmnithe ach toisc go bhfuil an comórtas faoi bhrú mar atá, ní chabhróidh sé lena chás nach mbeidh fáil ar chuid de na himreoirí is aitheanta sa tír an deireadh seachtaine seo

Colm Cavanagh (Uladh) agus Paul Conroy (Connacht) a bheidh ag imirt an deireadh seachtaine seo. INPHO/Mike Shaughnessy
Colm Cavanagh (Uladh) agus Paul Conroy (Connacht) a bheidh ag imirt an deireadh seachtaine seo. INPHO/Mike Shaughnessy

Agus an comórtas faoi bhrú mar atá, ní chabhróidh sé le cás Chraobhchomórtas na gCúigí nach mbeidh fáil ar chuid de na himreoirí is aitheanta sa tír an deireadh seachtaine seo agus an comórtas á reáchtáil.

seaimpíní na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar saoire faoi láthair tar éis dóibh Corn Mhic Uidhir a bhuachan agus is é an scéal céanna é ag Maigh Eo agus cuid mhaith dá gcuidsean imreoirí ag taisteal go Nua-Eabhrac an deireadh seachtaine seo.

Ba iad Cúige Chonnacht a bhuaigh an chraobh peile anuraidh agus cé go mbeidh Chris Barrett agus Jason Doherty ag déanamh ionadaíochta ar Mhaigh Eo, is ag brath ar fhir na Gaillimhe agus Ros Comáin is mó atá an bainisteoir John Tobin agus Paul Conroy, Gary Sice, Fiontán Ó Curraoin, Diarmuid Murtagh agus Cathal Shine i measc na n-imreoirí is mó cáil a bheidh ann.

Beidh sé deacair ag na Connachtaigh a gcraobh a chosaint mar go bhfuil foireann thar a bheith láidir roghnaithe ag Cúige Uladh, a bhfreasúra sa chluiche leathcheannais. I measc na n-imreoirí atá ar fáil dá mbainisteoir Pete McGrath, tá fir Thír Eoghain, Colm Cavanagh, Séan Cavanagh, Mattie Donnelly, Peter Harte agus Niall Morgan, chomh maith le leithéidí Dessie Mone, Drew Wylie, Tomás Corrigan, agus Mark Poland.

Bainisteoir iománaithe Chonnacht, Justin Campbell. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir iománaithe Chonnacht, Justin Campbell. INPHO/Ryan Byrne

Mar is ghnáth le foireann iomána Chonnacht, is Gaillimhigh iad formhór na n-imreoirí. Tá bainisteoir Chúige Chonnacht, Justin Campbell, ar dhuine den seisear atá san iomaíocht chun post Anthony Cunningham a líonadh i nGaillimh agus tá deis anois aige súil a chaitheamh ar na himreoirí a d’fhéadfadh a bheith faoina cheannas. Go deimhin, tá os cionn scór acu ainmnithe aige d’fhoireann an chúige.

seachtar a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann do Ghaillimh, Aidan Harte, Andy Smith, Conor Whelan, Joe Canning, Padraic Mannion, Johnny Coen agus Jason Flynn ar an bpainéal. Níl d’imreoirí nach as Gaillimh iad Peter Kelleghan, Michael Kelly, Liam Kilcline (Ros Comáin) agus Kenny Feeney (Maigh Eo). Fearacht na gConnachtach, is as contae amháin atá cuid mhaith de phainéal iomána Chúige Uladh agus aon duine dhéag acu ag triall ar Staid an Phiarsaigh anoir aduaidh as Aontroim.

As deich gcontae a thagann peileadóirí Chúige Laighean, atá d’uireasa imreoirí Bhaile Átha Cliath. Baineann leath an phainéil le Cill Dara, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí, John Heslin, Kieran Martin agus Niall McNamee ina measc.

go bhfuil seachtar ó Chiarraí ar fhoireann peile na Mumhan, níl ach ceathrar ann, Brendan Kealy, Aidan O’Mahony, Fionn Fitzgerald agus Paul Murphy, a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana. Tá Michael Quinlivan, a bhuaigh Craobh an Mumhan do Chluain Meala an deireadh seachtaine seo caite, ar phainéal Gerry O’Sullivan chomh maith.

foireann láidir ainmnithe ag iománaithe na Muimhneach a bheidh faoi cheannas Anthony Daly. Is é Pádraic Maher captaen na foirne agus taobh leis beidh imreoirí ar nós John O’Dwyer, Noel Connors, Shane O’Donnell, Cian Lynch agus Anthony Nash.

Beidh na himreoirí sin ag teastáil mar tá foireann láidir roghnaithe ag bainisteoir iomána Laighean, Pat Critchley, chomh maith. Murab ionann agus bainisteoir na bpeileadóirí, tá fáil ag Critchley ar imreoirí curaidh na hÉireann, Cill Chainnigh, agus tá seisear den fhoireann sin roghnaithe aige. Is iadsan Paul Murphy, Cillian Buckley, Conor Fogarty, Richie Hogan, Lester Ryan agus Walter Walsh.

Imreofar na cluichí leathcheannais iomána i Staid an Phiarsaigh i nGaillimh Dé Satharn agus imreofar an cluiche ceannais ar an bpáirc chéanna Dé Domhnaigh.

Is i bPáirc Esler, an tIúr, a imreoidh peileadóirí Chonnacht agus Uladh Dé Sathairn agus is ar Pháirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha a thabharfaidh na Muimhnigh agus na Laighnigh aghaidh ar a chéile. Is ann freisin a imreoidh na buaiteoirí a chéile Dé Domhnaigh.


Foireann Peile Laighean

Padraig Rath (An Lú), Eoghan O Flaherty (Cill Dara), Padraig O Neill (Cill Dara), Cathal McNally (Cill Dara), Tommy Moolick (Cill Dara), Ollie Lyons (Cill Dara), Ray Connellan (an Iarmhí), Kieran Martin (an Iarmhí), Paul Sharry (an Iarmhí), John Heslin (an Iarmhí), Donie Kingston (Laois), Evan O Carroll (Laois), John Maloney (Uíbh Fhailí), Graham Guilfoyle (Uíbh Fhailí), Alan Mulhall (Uíbh Fhailí), Niall McNamee (Uíbh Fhailí), Dean Healy (Cill Mhantáin), Brian Malone (Loch Garman), Stephen Bray (an Mhí), Donal Keoghan (an Mhí), Graham Reilly (an Mhí), Daniel St Leger (Ceatharlach), Barry Gilleran (an Longfort), Paddy Collum (an Longfort).


Foireann Iomána Laighean

James Dempsey (Uíbh Fhailí); Paul Murphy (Cill Chainnigh), Matthew O’Hanlon (Loch Garman), Liam Ryan (Loch Garman); Lee Chin (Loch Garman), Matthew Whelan (Laois), Cillian Buckley (Cill Chainnigh); Conor Fogarty (Cill Chainnigh), David Redmond (Loch Garman); Brian Carroll (Uíbh Fhailí), Richie Hogan (Cill Chainnigh), Charlie Dwyer (Laois); Gerry Keegan (Cill Dara), Conor McDonald (Loch Garman), Marty Kavanagh (Ceatharlach). Ionadaithe: Gary Maguire (Baile Átha Cliath), Joe Fitzpatrick (Laois), Stephen Kelly (Cill Mhantáin), Mickey Burke (an Mhí), Joey Boland (Baile Átha Cliath), Lester Ryan (Cill Chainnigh), Eoin Price (an Iarmhí), Walter Walsh (Cill Chainnigh), Liam Og McGovern (Loch Garman), Zane Keenan (Laois), Niall O’Brien (an Iarmhí), Shane Dooley (Uíbh Fhailí).


Foireann Iomána Chonnacht (Gaillimh mura luaitear a mhalairt)

James Skehill; Fergal Moore, Kevin Hynes, Peter Kelleghan (Ros Comáin); Aidan Harte, Greg Lally, Gearóid McInerney; Michael Kelly (Ros Comáin), Andy Smith; Conor Whelan, Joseph Cooney, Pádraig Brehony; Shane Moloney, Joe Canning, Richie Cummins. J Keane, Pádraic Mannion, Johnny Coen, Liam Kilcline (Ros Comáin), David Collins, Eanna Burke, Jason Flynn, Brian Molloy, Kenny Feeney (Maigh Eo), Davy Glennon.


Foireann Peile Chonnacht

Chris Barrett (Maigh Eo), Cathal Shine (Ros Comáin), Ciaráin Murtagh (Ros Comáin), Conor O’ Shea (Maigh Eo), Damien Comer (Gaillimh), Danny Cummins (Gaillimh), Darren O’ Malley (Ros Comáin) Diarmuid Murtagh (Ros Comáin), Eoin Flanagan (Sligeach), Fiontán Ó Curraoín (Gaillimh), Gareth Bradshaw (Gaillimh), Gary O’ Donnell (Gaillimh), Gary Sice (Gaillimh), Jason Doherty (Maigh Eo), Kevin Conlon (Liatroim), Kevin McDonnell (Sligeach), Liam Silke (Gaillimh), Neil Collins (Ros Comáin), Neil Douglas (Maigh Eo), Pat Hughes (Sligeach), Paul Conroy (Gaillimh), Paul Varley (Gaillimh), Sean McDermott (Ros Comáin).


Foireann Peile Uladh

Niall McKeever, (Aontroim), Aaron Findon, (Ard Mhacha), Tony Kernan (Ard Mhacha), Raymond Galligan (an Cabhán), Gearoid McKiernan (an Cabhán), Chrissy McKaigue (Doire), Brendan Rodgers (Doire), Conor Laverty (an Dún), Brendan McKernan (an Dún), Donal O’Hare (an Dún), Mark Poland (an Dún), Tomas Corrigan (Fear Manach), Eoin Donnelly (Fear Manach), Barry Mulrone (Fear Manach), Sean Quigley (Fear Manach), Dessie Mone (Muineachán), Karl O’Connell (Muineachán), Colin Walshe (Muineachán), Drew Wylie (Muineachán), Colm Cavanagh (Tír Eoghain), Sean Cavanagh (Tír Eoghain), Mattie Donnelly (Tír Eoghain), Peter Harte (Tír Eoghain), Niall Morgan (Tír Eoghain).


Foireann Iomána Uladh

Chrissy O’Connell (Aontroim); Odhran McFadden (Aontroim), John Dillon (Aontroim) Conor McKinley (Aontroim) Danny Cullen (Dún na nGall), Neal McAuley (Aontroim) Kevin Himphey (Doire); Conor Woods (an Dún), Daniel McKernan (Aontroim) Damien Casey (Tír Eoghain), Paul Cleary (Doire) Aiden Kelly (Tír Eoghain); Danny Toner (an Dún), Conor Corvan (Ard Mhacha), Ciaran Clark (Aontroim). Stephen Keith (an Dún), Joe Boyle (Dún na nGall), Gerard Walsh (Aontroim) Simon McRory (Aontroim) Michael Dudley (Aontroim) Stephen McAfee (Aontroim) Alan Grant (Doire), Ruairí Convery (Doire), Ronan McDermott (Dún na nGall).


Foireann Peile na Mumhan

Aidan O’Mahony (Ciarraí) Captain, Gary Brennan (An Clár), Jamie Malone (An Clár), Eoin Cadogan (Corcaigh), James Loughrey (Corcaigh), Brian O‘Driscoll (Corcaigh), Kevin O’Driscoll (Corcaigh), Daithi Casey (Ciarraí), Conor Cox (Ciarraí), Alan Fitzgerald (Ciarraí), Fionn Fitzgerald (Ciarraí), Mark Griffin (Ciarraí), Brendan Kealy (Ciarraí), Paul Murphy (Ciarraí), Gary O’Sullivan (Ciarraí), Seanie Buckley (Luimneach), Ian Corbett (Luimneach), Pa Ranahan (Luimneach), Brian Scanlon (Luimneach), Peter Acheson (Tiobraid Árann), Steven O’Brien (Tiobraid Árann), Michael Quinlivan (Tiobraid Árann), Thomas O’Gorman (Port Láirge), Paul Whyte (Port Láirge).


Foireann Iomána na Mumhan

Padraic Maher (Tiobraid Árann) Captain, John Conlon (An Clár), Cian Dillon (An Clár), Shane Golden (An Clár), David McInerney (An Clár), Shane O’Donnell (An Clár), Conor Ryan (An Clár), Mark Ellis (Corcaigh), Seamus Harnedy (Corcaigh), Anthony Nash (Corcaigh), Paudie O’Sullivan (Corcaigh), Shane Nolan (Ciarraí), Paul Browne (Luimneach), Tom Condon (Luimneach), Shane Dowling (Luimneach), Cian Lynch (Luimneach), Paudie O’Brien (Luimneach), Gavin O’Mahony (Luimneach), James Ryan (Luimneach), Cathal Barrett (Tiobraid Árann), James Barry (Tiobraid Árann), Kieran Bergin (Tiobraid Árann), Darren Gleeson (Tiobraid Árann), Patrick Maher (Tiobraid Árann), John O’Dwyer (Tiobraid Árann), Noel Connors (Port Láirge).