Cuid de dhéithe Luimnigh ag taispeáint comharthaí na daonnachta

Cuirfear clabhsúr inniu ar chraobh iomána na Mumhan, comórtas iontach a bhronn sárchluiche i ndiaidh sárchluiche orainn go dtí seo

Cuid de dhéithe Luimnigh ag taispeáint comharthaí na daonnachta

An tabhartas nach stadann ag tabhairt a dúirt mé anseo coicís ó shin agus mé ag cur síos ar chraobh iomána na Mumhan.

Agus mar fhianaise air sin, má bhí a thuilleadh ag teastáil, bhí dhá chluiche iontacha againn an deireadh seachtaine seo caite, cúilín amháin idir na foirne i gceann acu agus comhscór sa chluiche eile. Ach bhí bua gan choinne an deireadh seachtaine ag an Iarmhí i gcoinne Loch Garman. Bhí ionadh orm nuair a léigh mé an scór deiridh agus an Iarmhí dhá chúilín chun tosaigh ach bhí iontas an domhain orm nuair a chonaic mé go raibh na Carmannaigh sé chúilín déag chun tosaigh níos luaithe sa chluiche. Gach seans go bhfuil Loch Garman i sáinn anois mar má chailleann siad i gcoinne Cill Chainnigh agus má bhuann Aontroim ar an Iarmhí beidh na Carmannaigh dícháilithe agus ag imirt i gcomórtas Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha an bhliain seo chugainn. Ní dóigh liom go raibh mórán leantóirí ag súil leis sin ag tosach na craoibhe.

Agus cé go bhfuil babhta eile cluichí againn i gcúige Laighean amárach, is cosúil, agus gach rud curtha san áireamh, gur idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh a bheidh craobh an chúige agus go mbeidh Baile Átha Cliath sa tríú háit. Tá gach cluiche tábhachtach sa chúige amárach agus gach seans go bhfuil an ceann is tábhachtaí san Iarmhí agus Aontroim ag teacht chun troda agus iad i mbaol a ndíbeartha ó chraobh Chorn Liam Mhic Cárthaigh.

Táimid tagtha chuig deireadh an bhóthair i gcúige Mumhan freisin agus cad é mar críoch atá i ndán dúinn agus trí cinn de na ceithre chontae a bheidh ag imirt inniu fós san iomaíocht. Tá na seaimpíní Luimneach fós ina seasamh agus chuid maith den ádh leo gurb amhlaidh atá.

Níor cheapas go mbeadh Tiobraid Árann ábalta do Luimneach Dé Domhnaigh seo caite, go háirithe agus iad d’uireasa Jason Forde, ach bhí. Caithfidh go gcuirfidh taispeántas na dTiobraid Árannach go mór le muinín na foirne roimh an gcluiche i gcoinne Phort Láirge amárach. An t-am seo anuraidh bhí Tiobraid Árann in umar na haimléise agus iad gan spiorad agus gan mórán dóchais. Go gairid ina dhiaidh sin bhíodar gan bainisteoir nuair a tugadh bóthar do Cholm Bonnar i lár mhí Iúil agus gan ach bliain déanta aige dá chonradh trí bliana (dar ndóigh is beag is fiú a leithéid de chonradh fiú sa spórt amaitéarach seo).

Ansin d’fhág Liam Cahill a phost mar bhainisteoir ar Phort Láirge agus níorbh fhada gur ainmníodh é mar cheannaire nua Thiobraid Árann. Tá éacht déanta ó shin aige, go háirithe agus é gan cuid mhaith imreoirí de bharr gortuithe. Bhíos amhrasach fúthu an Domhnach seo caite ach caithfidh mé a rá go rabhadar thar barr agus, ar an iomlán, níos fearr ná Luimneach. Amárach tá seans acu cur le taispeántas an Domhnaigh seo caite, iad sa bhaile arís agus deis an uair seo acu áit a fháil i gcluiche ceannais na Mumhan. Bunaithe ar an bhfianaise atá againn ba cheart go ndéanfaidh siad an beart.

Agus samhlaigh nár bhuaigh na Tiobraid Árannaigh aon cluiche craoibhe anuraidh. Beidh an-ionadh orm mura mbíonn siad sa chluiche ceannais ar an 11 Meitheamh. Níl a fhios agam cad is féidir a rá faoi na Déise. Cloisim daoine ag rá go bhfuil ‘cluiche mór’ iontu. N’fheadar an ag guí chun Dé atá na daoine sin, ní fheicimse aon fhianaise go bhfuil a leithéid iontu. Bhíodar díomách go leor sa dá chluiche deireanach agus gach seans go mbeidh siad fós gan pointe tráthnóna amárach.

Beidh sé ina throid go dtí an bás i Luimneach agus Corcaigh ag teacht. Tá an chuma air nach bhfuil Luimneach dochloíte agus cuid dá ndéithe ag taispeáint comharthaí na daonnachta ó thosach na craoibhe. Ach níl dearmad déanta ag an gCorcaíoch seo ar an léasadh a fuaireamar i gCluiche Ceannais na hÉireann 2021 ná ar an náire a bhí orainn, fiú amháin ag leath ama agus Corcaigh trí chúilín déag taobh thiar. Ócáid bhrónach d’iománaithe an chontae.

Ach seo 2023 agus is cosúil go bhfuil an paca ag breith suas ar na seaimpíní.

Deireadh seachtaine i ndiaidh deireadh seachtaine tarlaíonn toradh nach bhfuil súil leis. B’fhéidir go dtarlóidh sé arís amárach.

Fág freagra ar 'Cuid de dhéithe Luimnigh ag taispeáint comharthaí na daonnachta'