Cuardach mór ar bun d’fhear a thit amach i gcanáil i nGaoth Dobhair

Tharla an taisme timpeall a 11 ar maidin, le linn don fhear agus comhghleacaithe leis a bheith ag obair ar dhroichead i mbaile fearainn an Aird Doinn, Gaoth Dobhair

Cuardach mór ar bun d’fhear a thit amach i gcanáil i nGaoth Dobhair

Tá cuardach mór ar bun ó mhaidin i nGaoth Dobhair, áit ar thit oibrí a bhí ag obair ar dhroichead sa cheantar, isteach san uisce ag canáil ar abhainn na Cláidigh.

Tharla an taisme timpeall a 11 ar maidin, le linn don fhear agus comhghleacaithe leis a bheith ag obair ar dhroichead i mbaile fearainn an Aird Doinn, Gaoth Dobhair.

Tá foireann oibre fostaithe ag Bord Soláthair Leictreachais chun obair a dhéanamh ar dhá dhroichead sa cheantar sin le roinnt míonna, agus tuigtear gur as na Sé Contae don chomhlacht a raibh an té atá caillte ag obair leis.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus i láthair na huaire tá ingearán de chuid an Gharda Cósta, an Garda Cósta, An Garda Síochána, briogáid dóiteáin Ghaoth Dobhair agus daoine eile i ag cuardach an fhir i gcomharsanacht na habhann.

Tá foireann tumadóirí ar an láthair fosta leis an abhainn a chuardach agus mairfidh an cuardach fad a bheidh solas an lae ann.

Druideadh an bóthar in aice leis an droichead, idir Dobhar agus crosbhóthar Ghaoth Dobhair agus meastar go mbeidh sé druidte ar feadh roinnt uaireanta an chloig eile.

Fág freagra ar 'Cuardach mór ar bun d’fhear a thit amach i gcanáil i nGaoth Dobhair'