Cuardach fós ar bun d’fhear atá ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne

Meastar gur ag tarraingt potaí gliomach i gcuas domhain ar an Dún Mór a bhí John Cunningham nuair a chuaigh sé ar iarraidh

Cuardach fós ar bun d’fhear atá ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne

Cuardach ar bun i nDún Chaoin. Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh/Twitter

Tá cuardach fós ar bun d’fhear atá ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne.

Héileacaptar 115 an Gharda Cósta, Bád Tarrthála Dhairbhre, Garda Cósta an Daingin, atá i mbun an chuardaigh agus cabhair acu ó mhuintir na áite.

Ceapann muintir na háite go bhféadfadh gur ag tarraingt potaí gliomach i gcuas domhain ar an Dún Mór a bhí John Cunningham nuair a chuaigh sé ar strae.

John Cunningham atá ar iarraidh

Ba mhinic é ag gliomadadóireacht ar an gcarraig ansin agus bhí an fharraige an-chorraithe ag an am.

Múinteoir corpoideachais sna caogaidí é John Cunningham atá ar shos gairme ó scoil i gCorcaigh agus is i gCom Dhíneol, mar a bhfuil cónaí air le bliain anuas, a chonacthas go deireanach é ag 12.30 Dé Sathairn seo caite.

Bhí an aimsir ag dul in olcas ag an am agus meastar gur theastaigh uaidh a chuid potaí gliomach a sheiceáil.

Níorbh fhéidir tabhairt faoin gcuardach ar An Dún Mór agus ar na failltreacha ansin go dtí maidin inniu, Dé Máirt, de bharr borradh fíochmhar a bheith sa bhfarraige agus maidhmeanna seacht dtroithe ar airde.

Rinneadh cuardach chomh maith ar Shliabh an Iolair mar gheall ar an an-tóir a bhíonn ag John ar an siúl sna cnoic.

Fág freagra ar 'Cuardach fós ar bun d’fhear atá ar iarraidh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne'