Cuardach déanta ar fhocal Gaeilge ag dhá mhilliún duine le bliain anuas

Tháinig ardú 23% ar líon na ndaoine a bhain úsáid as an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne le bliain anuas

Cuardach déanta ar fhocal Gaeilge ag dhá mhilliún duine le bliain anuas

Ón gcéad lá d’Aibreán anuraidh go dtí an 31 Márta i mbliana d’fhéach breis is dhá mhilliún duine ar shuíomh focloir.ie.

Is é seo an líon is mó daoine a bhain úsáid as an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne i dtréimhse bliana ó seoladh é i mí Eanáir 2013. Ardú 23% é ar an tréimhse chéanna in 2017/2018.

Ar an bhfón póca a dhéanann 60% de na húsáideoirí sin an cuardach, ríomhairí deisce a úsáideann 30% agus táibléid a bhíonn ag an 10% eile.

Tá breis is 48,000 iontráil agus 130,000 aonad céille le fáil ar an suíomh foclóireachta. Déantar nuashonrú rialta ar an mbunachar, i bhfianaise aiseolas ón bpobal agus focail is téarmaí nua a thagann in úsáid. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ag dul leis na hiontrálacha ar an suíomh chomh maith.

Tá focloir.ie aitheanta mar cheann de na tograí is mó forás i saol na Gaeilge le fada.

An eagraíocht trasteorann Foras na Gaeilge atá i mbun an tionscadail agus Pádraig Ó Mianáin atá ina eagarthóir ar an saothar.

Cepadh bainisteoir nua ar an tionscadal foclóireachta le déanaí, Cormac Breathnach.

Tréimhse chinniúnach atá roimh an tionscadal mar go bhfuil beartaithe leagan clóite den fhoclóir Béarla-Gaeilge a fhoilsiú in 2020.

Chomh maith leis sin, leanfar leis an obair ar an bhfoclóir Gaeilge-Béarla nua atá beartaithe ag Foras na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cuardach déanta ar fhocal Gaeilge ag dhá mhilliún duine le bliain anuas'