Cuardach ar bun i ndiaidh aimsiú taisí daonna i nGaeltacht Dhún na nGall

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána go bhfuil cuardach ar siúl fan an chósta i dtaca le haimsiú taisí daonna i nGaoth Dobhair

Cuardach ar bun i ndiaidh aimsiú taisí daonna i nGaeltacht Dhún na nGall

Pictiúr: Twitter/@AilbheOM

Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána gur thángthas inniu ar thaisí daonna ar thrá an Bhuna Bhig i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tuairiscítear gur aimsíodh ball coirp dhaonna ar an trá Ghaeltachta.

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána le Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuil cuardach ar siúl fán chósta i dtaca le haimsiú na dtaisí daonna agus go bhfuil fiosrúchán ar siúl.

Tuairiscíodh tráthnóna go raibh héileacaptar de chuid Gharda Cósta na hÉireann ag cuidiú le cuardach duine atá ar iarraidh le roinnt seachtainí.

Fág freagra ar 'Cuardach ar bun i ndiaidh aimsiú taisí daonna i nGaeltacht Dhún na nGall'